Mhac Léinn Cleithiúnach

Mhac Léinn Cleithiúnach

Mhac Léinn Cleithiúnac

Más amhlaidh go raibh tú faoi bhun 23 ar 1 Eanáir den bhliain ina raibh an chéad phointe iontrála agat sa bhreisoideachas nó san ardoideachas, déantar thú a aicmiú go huathoibríoch mar Mhac Léinn Cleithiúnach. Ciallaíonn sin nach mór duit faisnéis i dtaca le do thuismitheoir(í)/caomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla a sholáthar anuas ar d’fhaisnéis féin, agus d’iarratas á chomhlánú agat, agus úsáidfear d’ioncam féin (más infheidhme) agus ioncam do thuismitheoirí/do chaomhnóra/chaomhnóirí dhlíthiúil/dlíthiúla nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ort chun críche maoiniú deontais.

I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh sé tarlú nach n-áireofar ioncam do thuismitheoir(í) ná ioncam do chaomhnóir(í) nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais.

Más amhlaidh go bhfuil do thuismitheoirí nó do chaomhnóirí scartha nó colscartha, áireofar do chuid ioncaim agus ioncam an tuismitheora lena gcónaíonn tú de ghnáth nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. D’fhéadfadh sé tarlú go n-iarrfar ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar maidir le scaradh nó colscaradh do thuismitheoirí. Tabhair faoi deara le do thoil má tá an bheirt tuismitheoirí colscartha/scartha fós ag maireachtáil ag an seoladh céanna, cuirfear a n-ioncam san áireamh.

Más amhlaidh go bhfuil tú coimhthithe ar bhealach doréitithe ó do thuismitheoirí, déan iarratas mar Mhac Léinn Cleithiúnach ach roghnaigh ‘Coimhthithe’ sa rannóg den fhoirm iarratais ar a dtugtar ‘Páirtithe Eile a bhfuil baint acu leis an Iarratas’.

Beidh gá ort fianaise eascairdis a chur faoi bhráid SUSI, a dheimhníonn go sonrach go bhfuil eascairdeas doréitithe idir tú féin agus do thuismitheoirí. D’fhéadfadh ordú cúirte nó litir ó Oibrí Sóisialta nó TUSLA a bheith san áireamh san fhianaise a nglactar leis má bhí tú ag teacht ar a gcuid seirbhísí. Is féidir doiciméid eile a sholáthar. Déanfaidh SUSI athbhreithniú ar na doiciméid go léir a chuirtear isteach agus má dhearbhaítear go bhfuil coimhthíos i gceist, ní chuirfear san áireamh ach d’ioncam nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais.

Má tá tú faoi chúram altramais, déan iarratas mar Mhac Léinn Cleithiúnach agus cuir isteach sonraí do thuismitheoir(í) altrama ar nós ainmneacha, seoltaí. Níl sonraí airgeadais do thuismitheoir(í) altrama riachtanach, áfach, agus ní aireofar a gcuid ioncaim nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais.

Má tá tú faoi bhun 23 agus i do chónaí sa Stát mar theifeach asat féin, ní gá duit sonraí do thuismitheoirí a sholáthar nuair atá an t-iarratas á chomhlánú agat.

Mura maireann ceachtar de do thuismitheoirí agus mura bhfuil aon chaomhnóir dlíthiúil agat arna cheapadh ag an gcúirt, déan iarratas mar Mhac Léinn Cleithiúach agus roghnaigh ‘básaithe’ do gach tuismitheoir nuair atá an fhoirm iarratais á chomhlánú agat. Iarrfar ort roinnt faisnéise a chur ar fáil, mar shampla, a n-ainmneacha agus a ndátaí breithe. I bhformhór na gcásanna, ní bheidh ort deimhnithe báis a chur ar fáil do SUSI, ach i roinnt cásanna, iarrtar ar iarratasóir iad a sholáthar. Ní áireofar ach d’ioncam féin nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais.

Más amhlaidh go raibh do thuismitheoir singil, scartha nó colscartha sular bhásaigh sé/sí, agus mura bhfuil tacaíocht á fáil agat ón tuismitheoir eile a mhaireann, d’fhéadfaí thú a mheasúnú mar dhílleachta. D’fhéadfadh sé go mbeidh ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar maidir le scaradh nó colscaradh do thuismitheoirí.

Má fhaigheann tú íocaíocht chaomhnóra nó pinsin dílleachta ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ní áireofar an t-ioncam seo nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. D’fhéadfá a bheith i dteideal, áfach, deontas ráta speisialta a fháil, ar choinníoll go bhfuil an t-ioncam eile go léir faoi bhun an tairseach. Má íoctar d’íocaíocht chaomhnóra le duine éigin eile, ar nós siblín nó ball teaghlaigh eile, ní áireofar an t-ioncam nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Ní bheidh tú i dteideal, áfach, ach an gnáthráta deontais a fháil seachas sa chás go bhfuil íocaíocht Ráta Speisialta cáilithe eile á fáil agat.

Más amhlaidh gur shocraigh an chúirt caomhnóir(í) dlíthiúla duit, áireofar d’ioncam féin agus ioncam do chaomhnóir(í) dlíthiúla nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Beidh ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar, mar Ordú Caomhnóireachta. Má fhaigheann do chaomhnóir dlíthiúil íocaíocht caomhnóra ar do shon, nó íocaíocht ar ráta speisialta eile, agus má tá ioncam an teaghlaigh níos lú ná na tairseacha ráta speisialta, d’fhéadfá a bheith incháilithe do dheontas ráta speisialta.

Más amhlaidh gur ainmníodh do chaomhnóir(í) i d’uacht do thuismitheora agus gur socraíodh dá bharr sin go mbeidís i do chaomhnóir, ní mheastar gur ‘caomhnóir dlíthiúil’ iad nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Is féidir leat iarratas a dhéanamh mar dhílleachta agus ní áireofar ach d’ioncam féin nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Má tá Íocaíocht Chaomhnóra á fáil ag do chaomhnóir, níl tú i dteideal dheontas ráta speisialta dá bharr sin. Má fhaigheann tú pinsin Díllleachta, áfach, d’fhéadfá a bheith i dteideal deontas ráta speisialta a fháil.

Mhac Léinn Cleithiúnach Aibí

Más amhlaidh gur shlánaigh tú 23 ar 1 Eanáir den bhliain ina ndeachaigh tú isteach sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair, nó ina ndeachaigh tú isteach ann arís, agus má tá tú i do chónaí le do thuismitheoirí, nó mura féidir leat aon phíosa den fhianaise dhoiciméadach a sholáthar mar thacaíocht go bhfuil tú i do chónaí go neamhspleách, déanfar thú a aicmiú mar Mhac Léinn Cleithiúnach Lánfhásta. Ní mór duit faisnéis do thuismitheoir(í)/chaomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla a sholáthar anuas ar d’fhaisnéis féin, agus d’iarratas á chomhlánú agat, agus úsáidfear d’ioncam féin (más infheidhme) agus ioncam do thuismitheoirí/do chaomhnóra/chaomhnóirí dhlíthiúil/dlíthiúla nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ort chun críche maoiniú deontais.