Conas Iarratas a Dhéanamh

Conas Iarratas a Dhéanamh

Leideanna d'iarratasóirí

  • Déan d’iarratas a luaithe agus is féidir i ndiaidh an dáta oscailte.
  • Cinntigh go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn tú maidir le dátaí breithe, uimhreacha PSP srl. ceart d’fhonn moilleanna ar phróiseáil d’iarratais a sheachaint.
  • Faigh amach cén aicme iarratasóra lena mbaineann tú– Iarratasóir Cleithiúnach, Cleithiúnach Aibí, nó Neamhspleách.
  • Tá sé tábhachtach go gcuirfeá ar fáil do SUSI na cáipéisí uile a iarraimid ort, agus go gcuirfeá ar fáil i gceart an chéad uair agus in am iad. Má tá tuilleadh ama uait, téigh i dteagmháil lenár ndeasc chabhrach le muid a chur ar an eolas.
  • Úsáid an rianaire iarratais i do tairseach mac léinn chun dul chun cinn an iarratais a sheol tú ar ais a rianú ag aon chéim.
  • Agus cuimhnigh, ní mór duit d'iarratas a athnuachan do gach bliain de o chúrsa.