Íocaíochtaí

Íocaíochtaí

2023/24 Dátaí Íocaíochta 

Chun a chinntiú go bhfaighidh tú do chéad íocaíocht chomh luath agus is féidir, déanann SUSI íocaíochtaí seachtainiúla ón gcéad íocaíocht sceidealaithe agus leanfaidh sé ar aghaidh ag déanamh amhlaidh ar feadh na bliana acadúla. Déantar íocaíochtaí ar an Déardaoin agus ní mór duit a bheith deimhnithe mar chláraithe ag do choláiste seachtain amháin ar a laghad roimh an gcéad íocaíocht eile.

Is féidir leat do dháta íocaíochta a fheiceáil ar líne i sceideal íocaíochta do thairsí mac léinn SUSI a luaithe a bheidh an íocaíocht próiseáilte.

Is mar seo a leanas a bheidh sceideal na ndátaí íocaíochta don bhliain acadúil 2023/24.

Mhic Léinn Ardoideachas 

Dáta Íocaíochta Lá Íocaíochta
Meán Fomhair 14 Meán Fomhair 2023 Déardaoin
Deireadh Fomhair 12 Deireadh Fomhair 2023 Déardaoin
Samhain 09 Samhain 2023 Déardaoin
Nollaig 14 Nollaig 2023 Déardaoin
Eanáir 11 Eanáir 2024 Déardaoin
Feabhra 15 Feabhra 2024 Déardaoin
Márta 14 Márta 2024 Déardaoin
Aibreáin 11 Aibreáin 2024 Déardaoin
Bealtaine 16 Bealtaine 2024 Déardaoin

Mic Léinn Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta 

Do mhic léinn Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta, deimhníonn SUSI  freastal le do choláiste gach mí seachtain ar a laghad roimh an dáta íocaíochta sceidealaithe. Ní dhéanfar íocaíocht go dtí go mbeidh freastal deimhnithe ag an gcoláiste.

Dáta Íocaíochta Lá Íocaíochta
Deireadh Fomhair 19 Deireadh Fomhair 2023 Déardaoin
Samhain 16 Samhain 2023 Déardaoin
Nollaig 14 Nollaig 2023 Déardaoin
Eanáir 18 Eanáir 2024 Déardaoin
Feabhra 22 Feabhra 2024 Déardaoin
Márta 21 Márta 2024 Déardaoin
Aibreáin 18 Aibreáin 2024 Déardaoin
Bealtaine 23 Bealtaine 2024 Déardaoin
Meitheamh 13 Meitheamh 2024 Déardaoin

Ceisteanna Coitianta 

Ceisteanna Coitianta 

Beidh SUSI ag eisiúint íocaíochtaí seachtainiúla ó 22 Meán Fómhair 2022 go Nollaig 2022 chun a chinntiú go bhfaighidh gach mac léinn incháilithe atá cláraithe lena gcoláiste agus dearbhaithe ag a gcoláiste a ndeontas cothabhála. Déanfar íocaíochtaí ar an Déardaoin agus mar sin chun a fheiceáil go bhfuil íocaíocht le fáil agat i seachtain ar leith, seiceáil an sceideal íocaíochtaí sa chuid Mo Íocaíochtaí de do chuntas SUSI ar Déardaoin na seachtaine sin.

Má bhronntar d’iarratas tar éis an chéad dáta íocaíochta sceidealta nó má dheimhnítear do chlárúchán tar éis an chéad dáta íocaíochta sceidealta, gheobhaidh tú aon aisíocaíochtaí atá dlite i do chéad íocaíocht.

Sea, is féidir leat do chuid sonraí bainc a athrú nó a leasú i do thairseach mac léinn.

Ba cheart duit seachtain amháin ar a laghad a cheadú le go rachaidh an t-athrú i bhfeidhm roimh dháta íocaíochta sceidealta.

Ní féidir deontais chothabhála a íoc ach le mic léinn PLC sna cúinsí seo a leanas:

  1. Sa chás gur bronnadh d’iarratas agus go bhfuil litir dámhachtana faighte agat ó SUSI;
  2. Sa chás gur chuir tú do chuid sonraí bainc isteach trí do chuntas SUSI;
  3. Sa chás gur dheimhnigh an institiúid ar a bhfuil tú ag freastal tinreamh sásúil gach mí.

Má chríochnaigh tú tréimhse staidéir roimhe seo ag an leibhéal céanna nó níos airde le do chúrsa reatha bronnta, beidh tionchar aige ar mhéid an deontais cothabhála agus/nó na dtáillí a bhronntar ort. Ní íocfar tú as na míonna a chríochnaigh tú roimhe seo.

Sampla: Rinne tú 3 mhí de chúrsa leibhéal 7 roimhe seo. Tá tú ag cur isteach anois ar dheontas do chúrsa leibhéal 7 difriúil. Chomh fada is go gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta go léir, ní bheidh tú incháilithe ach do 6 íocaíocht in ionad na 9 n-íocaíocht iomlán agus beidh ort ath-thréimhse staidéir 3 mhí a chríochnú sular féidir leat do chéad íocaíocht a fháil.

Íoctar Deontais táillí go díreach leis an gcoláiste/institiúid ar do shon.

Íoctar Deontais chothabhála isteach i do chuntas bainc trí aistriú leictreonach ciste (EFT) i naoi dtráthchuid.

Chun íocaíocht deontais a fháil, ní mór duit:

  1. Dámhachtain deontais nó litir athnuachana deontais a bheith faighte agat ó SUSI;
  2. A bheith cláraithe le do choláiste don bhliain acadúil nua;
  3. Deimhnithe le SUSU ag do choláiste go bhfuil tú cláraithe don bhliain acadúil nua seachtain amháin ar a laghad roimh an gcéad dáta íocaíochta eile. Iarrfaidh agus caithfidh SUSI dearbhú maidir le freastal leanúnach a fháil ag pointí éagsúla i rith na bliana acadúla. Ní dhéanfar íocaíochtaí ach amháin nuair a bheidh freastal leanúnach deimhnithe ag an gcoláiste agus
  4. Chuir tú do shonraí bainc ar fáil trí do thairseach mic léinn SUSI