Do Thairseach Mac Léinn a Nuashonrú

Do Thairseach Mac Léinn a Nuashonrú

An dteastaíonn cabhair uait chun logáil isteach ar do thairseach mac léinn

 

Chun iarratas a chur isteach ar líne beidh ort dul chuig www.susi.ie agus cliceáil ar ‘Logáil isteach/Déan Iarratas’ ón leathanach baile.

Beidh ort clárú ar dtús trí chliceáil “Níl cuntas TCMLÉ agam fós.”

Tar éis duit cuntas a chruthú go rathúil, gheobhaidh tú ríomhphost ansin ag dearbhú d’ainm úsáideora. Coinnigh d'ainm úsáideora, pasfhocal agus UAP in áit shábháilte le do thoil.

Bain úsáid as do shonraí logála isteach le tosú ar an bhfoirm iarratais a chomhlánú ar líne. Is féidir leat do dhul chun cinn a shábháil de réir mar a théann tú ar aghaidh leis an gcnaipe ‘Sábháil’ atá suite ar chúinne íochtair leathanach an fheidhmchláir ar chlé.

Nuair a bheidh an t-iarratas 100% comhlánaithe, cuir isteach an fhoirm iarratais ar líne.

Tacaíonn ár suíomh gréasáin le formhór na mbrabhsálaithe gréasáin, ach má tá deacrachtaí teicniúla agat, bain triail as Google Chrome a úsáid ó ríomhaire nó ó ríomhaire glúine.

Ní mór gach cuid den fhoirm a chomhlánú go hiomlán le go nglacfaidh an córas le d’iarratas mar sin seiceáil é seo go cúramach.

Má tá iarracht déanta agat rochtain a fháil ar an suíomh le Google Chrome agus má tá fadhbanna fós agat, déan teagmháil leis an Deasc Tacaíochta.

Mura bhfuil tú in ann logáil isteach ar do chuntas mar gheall ar ainm úsáideora, pasfhocal nó UAP dearmadta agat, lean an nós imeachta atá leagtha amach thíos::

Murar féidir leat d’ainm úsáideora a mheabhrú, lean an nasc agus cliceáil ar an gcnaipe “Má tá dearmad déanta agat ar d’ainm úsáideora cliceáil anseo” agus iarrfaidh sé ort d’uimhir PSP, do sheoladh ríomhphoist agus do dháta breithe a dheimhniú. Gheobhaidh tú ríomhphost ansin ina mbeidh d’ainm úsáideora.

Mura bhfuil tú in ann do phasfhocal a mheabhrú, nuair a bheidh d’ainm úsáideora agat is féidir leat cliceáil ar an gcnaipe “Má tá dearmad déanta agat ar do phasfhocal dalta cliceáil anseo”. Iarrfar ort d’ainm úsáideora agus d’uimhir PSP a dheimhniú agus iarrfar ort ceist slándála a fhreagairt. Seolfar ríomhphost chuig do sheoladh ríomhphoist cláraithe ina mbeidh treoracha maidir le conas do phasfhocal a athshocrú.

Murar féidir leat do UAP a mheabhrú, nuair a bheidh d’ainm úsáideora agat is féidir leat cliceáil ar an gcnaipe “Má tá dearmad déanta agat ar do UAP cliceáil anseo”. Iarrfar ort d’ainm úsáideora agus d’uimhir PSP a dheimhniú agus iarrfar ort ceist slándála a fhreagairt. Seolfar ríomhphost chuig do sheoladh ríomhphoist cláraithe ina mbeidh treoracha maidir le conas do UAP a athshocrú.

Cinntigh le do thoil go seiceálann tú do Thurscar/Dramhphost. Uaireanta téann ríomhphoist isteach sna fillteáin seo in ionad do bhosca isteach.

Mura bhfuil rochtain agat a thuilleadh ar do sheoladh ríomhphoist cláraithe agus mar sin nach féidir leat an nós imeachta “athshocrú pasfhocal/UAP” a chomhlánú déan teagmháil lenár Deasc Tacaíochta le do thoil.

Is féidir ceisteanna a bhaineann le Teorainn Ama Seisiúin a réiteach de ghnáth ar cheann de na bealaí seo a leanas -

  1. Do taisce a ghlanadh agus do stair bhrabhsálaí a scriosadh - is céim ríthábhachtach í seo
  2. Logáil isteach ar ghléas eile (Ríomhaire/ Ríomhaire Glúine/gléas móibíleach)
  3. Bain úsáid as pointe rochtana idirlín eile (mar shampla bain triail as nascadh leis an idirlíon ag baint úsáide as wifi sa bhaile agus ansin déan iarracht nascadh le hotspot sonraí móibíleach)
  4. Logáil isteach ar bhrabhsálaí eile (cosúil le Chrome/Firefox)

Má tá deacrachtaí fós agat tar éis duit na céimeanna thuas a leanúint, seol ríomhphost chuig support@susi.ie le do thoil le screenshots a thaispeánann na scáileáin earráide mar atá siad ar bhrabhsálaithe agus gléasanna éagsúla agus ag deimhniú -

  • Cad iad na gléasanna a ndearna tú iarracht logáil isteach ar.
  • Go ndearna tú iarracht nascadh le 2 phointe rochtana idirlín ar leith, ó chuideachtaí éagsúla.
  • Cad iad na brabhsálaithe a ndearna tú iarracht logáil isteach ar.