Mac Léinn Neamhspleách

Mac Léinn Neamhspleách

Mac Léinn Neamhspleách

Más amhlaidh gur shlánaigh tú 23 ar 1 Eanáir den bhliain ina ndeachaigh tú isteach sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair, déanfar thú a aicmiú mar Mhac Léinn Neamhchleithiúnach.

Caithfidh tú a bheith ag maireachtáil go neamhspleách ó do thuismitheoirí/caomhnóirí dlíthiúla ó Dheireadh Fómhair na bliana sular thosaigh/atosaigh tú den chéad uair sa bhreisoideachas nó san ardoideachas, agus beidh ort fianaise a sholáthar ina thaobh sin.

Is gá go mbainfeadh na cáipéisí a theastaíonn lena chruthú go bhfuil tú ag maireachtáil go neamhspleách leis na blianta seo a leanas;

  • an bhliain roimh chúrsa faofa breisoideachais/ardoideachais a thosú/a atosú agus gan é sin a bheith níos déanaí ná Deireadh Fómhair na bliana sin, agus
  • an bhliain ar thosaigh/atosaigh tú i gcúrsa faofa breisoideachais/ardoideachais.
  • Sampla 1: An chéad phointe tosaithe/atosaithe sa bhreisoideachas/san ardoideachas in 2024/2025: Doiciméid ó 2023, arna ndátú tráth nach déanaí ná Deireadh Fómhair 2023, agus doiciméid arna ndátú ón mbliain reatha 2024 roimh dháta tosaigh an chúrsa.
  • Mar Mhac Léinn Neamhchleithiúnach, áireofar d’ioncam féin agus ioncam do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheora nuair atá ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais. 
  • Glacfar leis na doiciméid a leanas mar fhianaise go bhfuil tú i do chónaí go neamhspleách:
  • Litir a dheimhníonn go bhfuil an seoladh cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe (RTB);
  • Comhaontú léasa ón Údarás Áitiúil nó litir a dheimhníonn do chíos faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS) nó faoi aon scéim/socrú tithíochta Rialtais. Ní ghlacfar le comhhaontú léasa i leith tithíochta príobháideaí;
  • Litir ar pháipéar ceannteidil ó Gníomhaireacht Cíosa a dheimhníonn do thionóntacht;
  • Litir a dheimhníonn go bhfuarthas an cíos, agus an tréimhse a bhaineann leis an Liúntas Cíosa, an Forlíonadh Ús Morgáiste nó an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (HAP);
  • Bille fóntais i d’ainm féin, mar shampla, teileafón líne thalún, leathanbhanda seasta, gás, leictrachas, teilifís chábla/satailíte, córas teasa, bruscar, ráiteas morgáiste agus/nó litreacha cánach mhaoine.
  • Ní ghlacann SUSI le billí fón póca.
  • o   Má tá billí fóntais teaghlaigh i d’ainm do chéile, cuir do dheimhniú pósta ar fáil le do thoil in éineacht leis an mbille fóntais.
  • Má tá tú in aontíos, glacfaidh SUSI le billí fóntais atá in ainm do pháirtí don tréimhse ábhartha in éineacht le comhfhreagras, mar shampla, ráiteas bainc nó Ráiteas Dliteanas a eisítear don iarratasóir ag an seoladh céanna agus a chlúdaíonn an tréimhse ábhartha; agus/nó
  • Ní ghlacfaidh SUSI le ráitis bhainc ina n-aonair mar chruthúnas.

Ní leor doiciméid a bhaineann le seoladh nach bhfuil ann ach seoladh comhfhreagrais. Ní mór nasc a léiriú idir na doiciméid agus an seoladh mar d’áit chónaithe.

Mura féidir leat na doiciméid thuas a sholáthar chun cónaitheacht neamhspleách a dheimhniú, if féidir leat, más mian leat, d’iarratas a chealú agus iarratas a chur isteach mar mhac léinn spleách. Is féidir d’iarratas a chealú ar líne trí an táb ‘M’Achainí’ i do chuntas SUSI. Tabhair do d’aire, ní mór duit cealú agus athiarratas a dhéanamh laistigh de 30 lá ón lá a bhfuair tú an litir seicliosta ar dtús.

Mura féidir leat na doiciméid thuas a sholáthar chun cónaitheacht neamhspleách a dheimhniú agus má théann tú ar aghaidh le d’iarratas mar mhac léinn neamhspleách, diúltófar do d’iarratas. Is féidir athchomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh agus déanfaidh Oifigeach Achomhairc SUSI athbhreithniú ar do chás. D’fhéadfadh sé tarlú go lorgóidh siad tuilleadh eolais, mar shampla, cruthúnas maidir le seoladh do thuismitheoirí agus cruthúnas ar do sheoladh chun bheith sásta nach bhfuil an dá pháirtí in aontíos le chéile. Níl aon chinnteacht ann, áfach, go gcuirfear an cinneadh ar ceal mar thoradh ar an achomharc.