Cad is Duine Ábhartha ann?
Glactar leis gurb ionann duine iomchuí agus duine éigin eile, laistigh den teaghlach atá ag freastal ar chúrsa lánaimseartha breisoideachais nó ardoideachais ag an am céanna leis an iarrthóir.
Is féidir tairseacha an ioncaim inríofa a choigeartú chun cuntas a dhéanamh de Dhaoine Iomchuí atá ag freastal ar chúrsa lánaimseartha, a mairfidh bliain amháin ar a laghad, in Éirinn an AE nó san RA, a mbeidh cáilíocht ag Leibhéal 5 - 10 ar Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí dá thoradh. D’fhéadfadh sé sin a bheith mar bhonn le ráta an deontais chothabhála a fhaigheann an t-iarrthóir a fheabhsú.
D’fhéadfadh Duine Ábhartha a bheith ina:
- Páiste Spleách (m.sh. siblín an iarratasóra);
- Tuismitheoir/Tuismitheoirí nó caomhnóir dlíthiúil/caomhnóirí dlíthiúla ag mac léinn spleách; nó
- Céile, páirtí sibhialta nó comháitritheoir ag mac léinn neamhspleách.
Ní mór litir a chur ar fáil do SUSI ón gcoláiste nó ón institiúid ag deimhniú go bhfuil an Duine Iomchuí cláraithe agus go mbeidh sé/sí ag freastal ar chúrsa lánaimseartha i rith na bliana acadúla 2023/24. Ní mór go mbeadh na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh ag an litir:
- beidh páipéar ceannteidil oifigiúil in úsáid agus beidh an litir sínithe
- beidh stampa an choláiste ar an litir agus
- beidh d’ainm féin scríofa go soiléir ar an litir mar aon le huimhir thagartha aitheantais SUSI.
Seol an litir seo sa phost chuig Bosca Poist 869, An Tóchar, Corcaigh le do thoil
Ní féidir an litir seo a fháil ach ón gcoláiste nuair a bheidh an mac léinn cláraithe dá chúrsa.
Má tá deontas cothabhála iomlán Bhanda 1 nó ráta speisialta an deontais chothabhála bronnta ort cheana féin, níl fianaise maidir le Daoine Iomchuí ag teastáil, de bhrí go bhfuil an t-uasráta atá ar fáil bronnta ort cheana féin.
Déanfaidh SUSI athbhreithniú ar d’iarratas agus ar do dhoiciméadacht. Má tá tú incháilithe le haghaidh ráta deontais níos airde, seolfaimid litir nua bhronnta chugat ar an bpost.