Aicme an Iarratasóra

Aicme an Iarratasóra

Cad is Aicme Iarrthóra ann?

Is é d’aicme iarratasóra a dheimhníonn cé leis a mbaineann an t-ioncam atá le ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Tá trí chinn d’aicme iarratasóra ann:

Aicme an Iarratasóra

Cur Síos

Ioncam atá le Measúnú

Mhac Léinn Cleithiúnach

Níos óige ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair

  • Do chuid ioncaim féin
  • Ioncam do thuismitheoir(í)/chaomnóir(í) dlíthiúla

Mhac Léinn Cleithiúnach Aibí 

Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus tú fós i do chónaí le do thuismitheoirí/do chaomhnóra

  • Do chuid ioncaim féin
  • Ioncam do thuismitheoir(í)/chaomnóir(í) dlíthiúla

Mac Léinn Neamhspleách 

Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus a chónaíonn tú go neamhspleách ó Dheireadh Fómhair sa bhliain roimh do chéad phointe iontrála/athiontrála chuig breisoideachas nó ardoideachas

  • Do chuid ioncaim féin
  • Ioncam do chéile/pháirtí sibhialta/chomhchónaitheoirí (mar is cuí)

 

Deimhnítear d’aicme iarratasóra mar seo a leanas:

  • Do chéad phointe iontrála i gCúrsa iar-Ardteistiméireachta nó i gcúrsa ardoideachais nó
  • Do chéad phointe iontrála agus tú ag tosú arís ar a leithéid de chúrsa faofa tar éis duit briseadh trí bliana a thógáil.

Beidh feidhm aige seo fad is a mhaireann do chúrsa.

Más fágálaí cúraim thú, is féidir leat tuilleadh sonraí a fháil ar conas d’aicme iarrthóra a shainmhíniú ar ár leathanach Eolas d’Fhágálaithe Cúraim.

Más mac léinn lánfhásta thú, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil ar ár leathanach Eolas do Mhic Léinn Lánfhásta

Athaicmiú

D’fhéadfadh go ndéanfaí d’aicme iarratasóra a athaicmiú ó iarratasóir cleithiúnach nó iarratasóir cleithiúnach aibí go hiarratasóir neamhspleách sna cásanna seo a leanas;

  • Ar aistriú ón mBreisoideachas (cúrsa PLC) chuig an Ardoideachas (cúrsa fochéime)
  • Ar atosú staidéir i ndiaidh shos trí bliana ón staidéar. (rud a chiallaíonn nár fhreastail tú ar chúrsa a bhfuil mórdhámhachtain mar thoradh air ag leibhéil 1-10 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) ar feadh 3 bliana san iomlán)

Sa dá chás thuas, áfach, ní mór duit fós na critéir a chomhlíonadh de bheith níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain a dtosaíonn/a n-atosaíonn tú ar chúrsa faofa breisoideachais nó ardoideachais den chéad uair agus ní mór duit a bheith in ann an fhianaise dhoiciméadach a liostaithe inár dtreoir doiciméad chun cónaitheacht neamhspleách a dheimhniú a chur ar fáil chun go ndéanfaí thú a aicmiú mar mhac léinn neamhspleách.