Ráiteas Inrochtaineachta

Ráiteas Inrochtaineachta

Ráiteas Inrochtainachta

Tá SUSI tiomanta dár láithreán gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Shuíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Soghluaiste de chuid Chomhlachtaí san Earnáil Phoiblí) 2020.

Baineann an ráiteas inrochtaineacht seo le hábhar a fhoilsítear ar www.susi.ie

Stádas Comhlíonta

Comhlíonann an suíomh gréasáin seo go páirteach na Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin 2.1 leibheál AA, mar gheall ar an ábhar neamh-inrochtana atá liostaithe thíos:

  • Tá comhpháirteanna tábla, ceannteidil, naisc agus gnéithe i roinnt foirmeacha PDF nach bhfuil clibeáilte mar is cóir.
  • Tá liostaí i roinnt foirmeacha PDF nach bhfuil struchtúrtha i gceart.

Tá ár bhfoireann ag athbhreithniú agus ag feabhsú inrochtaineacht PDFanna agus ag obair chun dul i ngleic le saincheisteanna aitheanta ar bhonn leanúnach.

Ní liosta iomlán é seo d’ábhar neamh-inrochtana.

Ábhar Díolmhaithe

Tá ábhar a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe faoi Threoir an AE maidir le hInrochtaineacht Gréasáin.

Ullmhúchán an Ráitis Inrochtaineachta seo

Ullmhaíodh an ráiteas seo tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar líon samplach leathanach maidir le Critéir Ratha WCAG 2.1 AA ábhartha. Rinneadh an t-athbhreithniú trí fhéinmheasúnú a rinne  SUSI i gcomhar lenár soláthraí suímh ghréasáin.

I measc na n-uirlisí a úsáideadh le linn an mheasúnaithe seo bhí: axe DevTools – Tástáil Inrochtaineachta Láithreáin, Dynomapper, WAVE Uirlis Mheasúnaithe Inrochtaineachta Gréasáin, uirlisí forbróra Chrome agus Adobe Acrobat Pro. 

Táimid ag obair go leanúnach i dtreo inrochtaineacht ár suímh ghréasáin a fheabhsú.

Aiseolas agus Eolas Teagmhála

Tá foireann thiomanta Oifigeach Rochtana ag SUSI ar féidir leo cúnamh agus treoir a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas le linn an phróisis iarratais ar fad. Chun tacaíocht a iarraidh nó chun aiseolas a roinnt maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo, cuir ríomhphost chuig AccessOfficer@susi.ie nó iarr glao ar ais trínár nDeasc Tacaíochta ar 0818 888 777. Tá na línte ar oscailt ó Luan go hAoine, 9rn go 5.30in, gan laethanta saoire poiblí san áireamh. 

Gearáin

Le haghaidh tuilleadh eolais faoi ghearán a chur isteach, téigh le do thoil chuig ár leathanach Gearáin nó cuir ríomhphost chuig complaints@susi.ie

Géarú an ghearáin

Mura bhfuil tú sásta le freagra SUSI ar do ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na daoine seo a leanas:

Oifig an Ombudsman:

ombudsman.ie

Seoladh: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.

Fón: 01 639 5600

An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre:

An Coinisiún um Chaidreamh san Áit Oibre

Seoladh: Teach Lansdún, Bóthar Lansdún, Baile Átha Cliath 4, D04 A3A8

Fón: 0818 80 80 90

Nuashonraíodh an ráiteas seo an 20 Márta 2024