Ioncam

Ioncam

Cén tionchar a bhíonn ag ioncam ar m’incháilitheacht ar dheontas?

Chun a bheith incháilithe do mhaoiniú, ní mór d’ioncam iomlán inríofa teaghlaigh titim faoi thairseacha ioncaim ar leith.

Is é d’aicme iarratasóra a dheimhníonn cé leis a mbaineann an t-ioncam atá le ríomh chun críocha measúnaithe deontais. Tá trí chinn d’aicme iarratasóra ann:

  • Mhac Léinn Cleithiúnach
  • Mhac Léinn Cleithiúnach Aibí
  • Mac Léinn Neamhspleách

Aicme an Iarratasóra

Cur Síos

Ioncam atá le Measúnú

Mhac Léinn Cleithiúnach

Níos óige ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair

  • Do chuid ioncaim féin
  • Ioncam do thuismitheoir(í)/chaomnóir(í) dlíthiúla

Mhac Léinn Cleithiúnach Aibí

Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus tú fós i do chónaí le do thuismitheoirí/do chaomhnóra

  • Do chuid ioncaim féin
  • Ioncam do thuismitheoir(í)/chaomnóir(í) dlíthiúla

Mac Léinn Neamhspleách

Níos sine ná 23 bliana d’aois ar an 1 Eanáir sa bhliain ar thosaigh/atosaigh tú sa bhreisoideachas nó san ardoideachas den chéad uair agus a chónaíonn tú go neamhspleách ó Dheireadh Fómhair sa bhliain roimh do chéad phointe iontrála/athiontrála chuig breisoideachas nó ardoideachas

·         Do chuid ioncaim féin

  • Ioncam do chéile/pháirtí sibhialta/chomhchónaitheoirí (mar is cuí)

 

 

Tá an ríomh ioncaim bunaithe ar an ollioncam ó gach foinse don bhliain féilire roimhe sin, ar a dtugtar an tréimhse thagartha.

Mar shampla, déantar na hiarratais 2022/23 a mheasúnú bunaithe ar an ollioncam ó gach foinse don tréimhse 1 Eanáir 2021 go dtí 31 Nollaig 2021. Déantar na hiarratais 2023/24 a mheasúnú bunaithe ar an ollioncam ó gach foinse don tréimhse 1 Eanáir 2022 go dtí 31 Nollaig 2022.

Áirítear san ollioncam an t-ioncam atá ann sula mbaintear cáin, agus ioncam ar a gcuirtear síos air mar “saor ó cháin”, “cáin íoctha”, ioncam “nach dlitear aon cháin air”, nó “díolmhaithe ó cháin”.

Nuair atáthar ag ríomh an bhfuil tú incháilithe le haghaidh deontais, féachann SUSI ar d’ioncam inríofa. Is éard atá i gceist le hioncam inríofa ná sciar de d’ollioncam, agus úsáidtear é chun a dheimhniú an bhfuil tú incháilithe chun maoiniú a fháil ó SUSI agus más amhlaidh go bhfuil tú, cad é an sórt maoinithe a bheadh i gceist.

Nuair atá d’iarratas á dhéanamh agat, beidh ort gach ceist i Mír F den fhoirm iarratas a chomhlanú. Baineann gach ceist sa mhír seo le hioncam.

Mura bhfuil tú cinnte cé acu ar cheart nó nár cheart ioncam áirithe a chur san áireamh i d’iarratas, ba chóir duit sonraí faoin ioncam sin a sholáthar san fhoirm iarratais.

D’fhéadfadh go bhfaigheadh SUSI sonraí ó na Coimisinéirí Ioncaim agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí mar chúnamh le measúnú agus próiseáil d’iarratais ar dheontas. Tar éis don mheasúnú tosaigh ar d’iarratas a bheith tugtha chun críche, d’fhéadfadh go n-iarrfaí ort fianaise i leith d’ioncaim dhearbhaithe a sheoladh chuig SUSI i bhfoirm cáipéisí.

Nuair a bheidh ioncam á ríomh chun críocha measúnaithe deontais, áireofar an t-ioncam go léir atá ann laistigh agus taobh amuigh den Stát, lena n-áirítear an t-ioncam faoi na ceannteidil a leanas, agus d’fhéadfaí tuilleadh a bheith ann freisin:

  • Ioncam ó fhostaíocht sochair chomhchineáil agus stiúrthóireachtaí san áireamh
  • Íocaíochtaí leasa shóisialaigh lena n-áirítear an pinsean stáit leasa shóisialaigh
  • Íocaíochtaí ó ranna rialtais nó gníomhaireachtaí stáit eile
  • Féinfhostaíocht nó feirmeoireacht 
  • Ioncam cíosa nó ioncam eile ó thalamh nó réadmhaoin 
  • Ioncam ó phinsin
  • Ioncam ó choigilteas, chuntais taisce agus infheistíochtaí
  • Ioncam ó shocruithe cothaithe
  • Íocaíochtaí cnapshuime ó scor agus iomarcaíocht
  • Ioncam ó shócmhainní nó cearta a dhiúscairt
  • Bronntanais agus oidhreacht
  • Ioncam ó fhoinsí eile nach luaitear thuas
  • Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta
  • Sláinte Adelaide Sparánacht Fhondúireacht - Aibí
  • Scoláireacht Cothrom na Féinne UCD  
  • Íocaíochtaí Costais Mhaireachtála na Roinne Coimirce Sóisialaí
  • Liúntas Iarchúraim
  • Liúntas Cothabhála Uchtála
  • Scéim Scoláireachta Uile-Éireann
  • Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar Obair
  • Pinsean na ndall (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Seirbhísí Tacaíochta Caranua
  • Liúntas Cúramóra
  • Deontas Tacaíocht Cúramóra (sa chás go n-íoctar é faighteoirí an Liúntas Cúramóra agus Liúntas Cúram Baile)
  • Sochar Linbh
  • Sparánacht Oideachais um Leas Pobail d’Ospidéal Nua na Leanaí
  • Cúiteamh as gortú pearsanta
  • Costas an Liúntas Oideachais
  • Deontas Éigeandála Aon Uaire COVID-19,
  • Scéim Sparánachtaí Tríú Leibhéal na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
  • Íocaíocht Forálacha Sealadacha – An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (dá dtagraítear go minic mar an íocaíocht bhónas na Nollag)
  • Liúntas Míchumais (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Aisíocaíochtaí Muirir Uisce Tí
  • Liúntas Breosla
  • Maoiniú Cuntas Díomhaoin do Rannpháirtíocht an Lucht Siúil san Ardoicheachas
  • Íocaíochtaí Riachtanais Eisceachtúla
  • Liúntas Cúram Altrama
  • Liúntas Brseola
  • Deontas Tréimhse Foghlama Gaeltachta
  • Íocaíocht Caomhnóra
  • Pacáiste Sochair Teaghlaigh
  • Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta
  • Liúntas Luaiseachta (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Aistriú Liúntas Cuardaitheora Poist (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Ciste Scoláireachta Kickstart
  • Liúntas Maireachtála Aonair,
  • Liúntas Luaineachta (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Forlíonadh Ús Morgáiste
  • Íocaíochtaí Teaghlaigh Aontuismitheora (Tástáilte ó thaobh acmhainne) (má íoctar leis an iarratasóir é)
  • Deontas Socrúchain Paindéime
  • Deontas Socrúcháin Paindéime d’Altraí/Cnáimhseacha Faoi Oiliúint 
  • Íocaíocht Aitheantas Speisialta Paindéime
  • Scéim Cóiríochta Cíosa
  • Forlíonadh Cíosa
  • Ciste Cúnaimh Mhic Léinn
  • Deontas Mac léinn
  • Deontas Mac léinn An Ghníomhaireacht un Leanaí agus an Teaghlach – NTRIS  An Scéim Tacaíochta Fostaíochta
  • Fostaíochta
  • TUSLA – Tacaíocht Oideachasúil do Leanaí Faoi Chúram agus Sparánacht
  • Iarchúraim
  • Ollscoil – Sparánacht Ardoideachais d’Fhoghlaimeoirí Fásta
  • Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh
  • Iocaíocht do Theaghlaigh i bhfostaíocht/Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh

Leanaí Cleithiúnacha

  • Tagraíonn leanaí cleithiúnacha do líon na bpáistí eile sa teach atá spleách ar an iarratasóir agus/nó ar a dtuismitheoir(í)/gcaomhnóir(í), ar a gcéile, ar a bpáirtí sibhialta nó ar a gcomhchónaitheoir. Téann na tairseacha ioncaim inríofa i méid bunaithe ar líon na bpáistí cleithiúnacha.

Daoine Ábhartha sa Bhreisoideachas nó san Ardoideachas

Sainítear duine ábhartha mar dhuine eile, laistigh den teaghlach, atá ag freastal ar chúrsa lánaimseartha sa Bhreisoideachas nó san Ardoideachas ag an am céanna is atá an t-iarratasóir ag freastail ar chúrsa. Is féidir na tairseacha ioncaim inríofa a choigeartú chun daoine ábhartha a chur san áireamh.

Tuilleamh Saoire

  • Is féidir asbhaint suas le €6,552 a dhéanamh le haghaidh Tuillimh Saoire. Sainítear Tuilleamh Saoire mar ioncam a shaothraigh iarratasóir a bhí san oideachas ón bhfostaíocht,  taobh amuigh den téarma, ach laistigh den bhliain féilire roimhe sin, nó den tréimhse thagartha mar a thugtar uirthi freisin.

Tuilleadh asbhaintí ar féidir a dhéanamh, mar seo a leanas:

(a) i ndáil le hioncam ón bhfostaíocht, costais a bhaineann leis an bhfostaíocht mar atá faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim (íocaíochtaí le feiceáil ar do P21);

(b) íocaíochtaí cothabhála a dhéantar le céile scartha faoi shocrú ar féidir é a chur i bhfeidhm de réir dlí, mar atá faofa ag na Coimisinéirí Ioncaim (íocaíochtaí le feiceáil ar do P21);

(c) ranníocaíochtaí le scéimeanna pinsin agus pinsin nó táirgí scoir, íoctha sa tréimhse thagartha amháin, laistigh de na teorainneacha atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim (íocaíochtaí le feiceáil ar do P21); agus

(d) íocaíochtaí ragoibre a tuilleadh sa tréimhse ábhartha nach íocaíochtaí tréimhsiúla iad.

(e) speansais a éilítear faoin Scéim Taistil agus Cóiríochta do mhic léinn altraí agus cnáimhseach ar shocrúcháin éigeantacha, breis-uimhriúla de chleachtas cliniciúil, chomh maith leis an liúntas béile de €500 iníoctha le mic léinn altranais agus cnáimhseachais bhreise i mblianta 1 go 3 dá gcúrsa.

(f) ioncam suas go huasmhéid €14,000 i leith Faoiseamh Seomra ar Cíos, a tuilleadh sa tréimhse tagartha amháin agus arna dhearbhú do na Coimisinéirí Ioncaim.

 

D’fhéadfadh go mbeimis in ann méideanna na n-íocaíochtaí thuas a dhearbhú go díreach leis na Coimisinéirí Ioncaim thar do cheann, ach iarrfaimid fianaise dhoiciméadach uaitse más gá, mar shampla, duillíní pá nó litir ó d’fhostóir.