Céard iad na Deontais atá ar fáil?
Seo a leanas na cineálacha deontas mic léinn atá ar fáil:
- Deontais chothabhála
- Deontais táillí
Deontais Chothabhála
Cabhraíonn deontais chothabhála le mic léinn íoc as costais mhaireachtála agus íoctar an deontas seo i gcuntas bainc an mhic léinn
Deontais Táillí
Íocann deontais táillí iad táillí teagaisc do mhic léinn nach bhfuil cáilithe do Scéim na dTáillí in Aisce. Chomh maith leis sin, íocann deontais táillí Ranníocaíocht an Mhic Léinn agus costas turas allamuigh éigeantach.
Tá Deontais Mic Léinn ar fáil do mhic léinn ar spéis leo cúrsaí staidéir a dhéanamh ag leibhéal PLC, fochéime agus iarchéime
Tá eolas le fáil sa tábla thíos maidir leis na cineálacha deontas atá ar fáil ag gach leibhéal.
|
Éire |
Tuaisceart Éireann agus RA |
Ballstáit an AE |
|||
Deontas Cothabhála |
Deontas Táillí |
Deontas Cothabhála |
Deontas Táillí |
Deontas Cothabhála |
Deontas Táillí |
|
PLC |
Tá |
Níl |
Níl |
Níl |
Níl |
Níl |
Fochéime |
Tá |
Tá |
Tá |
Níl |
Tá |
Níl |
Iarchéime |
Tá* |
Tá |
Tá* |
Tá** |
Níl |
Níl |
*deontas cothabhála ar fáil sa chás go bhfuil an t-iarrthóir incháilithe do Ráta Speisialta
**Tá maoiniú iarchéime ar fáil i gceithre institiúid fhaofa i dTuaisceart Éireann
Tairseach Ioncaim agus Rátaí Bronnta Deontais le haghaidh Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta
Táblaí Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais d’Fhochéimithe
Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais do Mhic Léinn atá i mbun Staidéir lasmuigh den Stát
Táblaí Tairseacha Ioncaim agus Rátaí Deontais do Mhic Léinn Iarchéime