Treoir Foirme Iarratais Nua

Treoir Foirme Iarratais Nua

Conas a chomhlánóidh mé Foirm Iarratais Nua?

Is féidir iarratais ar mhaoiniú deontais mac léinn a dhéanamh ach cuairt a thabhairt ar www.susi.ie trí chliceáil ar “Logáil isteach/Iarratas” ar www.susi.ie

 

Image of Irish site login screenshot

Cruthaigh Cuntas SUSI nó Úsáid do MyGovID chun Logáil Isteach

Is féidir clárú chun cuntas SUSI a fháil nó do MyGovID fíoraithe a úsáid. Chun cuntas SUSI a chruthú roghnaigh “Níl cuntas SUSI agam go fóill”.

Ba cheart duit Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI a léamh sula leanann tú ar aghaidh. Ar an leathanach seo, beidh an rogha agat an Táscaire incháilitheachta a líonadh isteach chomh maith, ach an nasc ábhartha a chliceáil. Beidh tuairim agam dá bharr faoin an mbeidh tú incháilithe do mhaoiniú deontais. Tar éis duit Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI a léamh agus an tÁiritheoir Incháilitheachta Deontais a bheith déanta agat, ba cheart duit an chéad chnaipe eile a roghnú mar atá léirithe sa ghabháil scáileáin thuas.

 

Register for a susi account Gaeilge screenshot

Beidh ort d’uimhir Seirbhíse Poiblí Pearsanta (PPSN) a chur isteach. Más rud é nach bhfuil UPSP agat, déan iarratas ar cheann a fháil le do thoil, agus téigh i dteagmháil leis an Rannán Seirbhísí Aitheantais Cliant sa Roinn Coimirce Sóisialta. Ní féidir do chlárúchán a chomhlánú gan an fhaisnéis seo.

Nuair atá an leathanach seo chríochnaithe agat, roghnaigh “Ar Aghaidh”.

Cuirfear in iúl duit gur seoladh ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist a chur tú isteach ina bhfuil cód fíoraithe 7 ndigit agus chun an cód fíoraithe a chur isteach sa bhosca atá curtha ar fail. Tá 20 nóiméad agat chun an cód a chur isteach sula rachaidh sé as feidhm.

 

PIctiur de Registration Claruchan Mic Leinn Confirm and submit

 

Image Irish registration username password pin code screenshot

 

  • Déan cinnte de go bhfuil sé éasca duit d’ainm úsáideora agus do phasfhocal a choimeád i gcuimhne toisc go mbeidh siad ag teastáil i gcónaí chun rochtain a fháil ar do chuntas agus ar fhaisnéis a fháil faoi d’iarratas.
  • Roghnaigh ceist slándála agus cuir freagra leis. Beidh an fhaisnéis seo de chuidiú duit má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocal agus má bhíonn ort é a athshocrú.
  • Roghnaigh Cód PIN 6 dhigit. Ní mór 6 dhigit uimhriúla a bheith ann agus níor cheart gur shonraí iad a bheadh sé éasca go leor iad a chomhcheangail leat, amhail do dháta breithe nó d’uimhir ghutháin. Tá roinnt Cóid PIN follasacha ann (m.sh. 123456) chomh maith nach féidir a roghnú ach oiread.
  • Cuir isteach an cód slándála arna thaispeáint sa bhosca íomhá ag bun an scáileáin.

 

PIctiur de Registration Claruchan Mic Leinn Confirm and submit

Moltar duit suíomh gréasáin SUSI (www.susi.ie) a léamh chun scrúdú a dhéanamh ar an fhaisnéis ar Chritéir Incháilitheachta roimh duit an fhoirm iarratais a líonadh isteach.

Nuair atá tú réidh le tús a chur leis an fhoirm iarratais a líonadh isteach, ba cheart an fhaisnéis seo a leanas a bheith agat:

  • D’uimhir CAO 8 ndigit. Má chuir tú tic sa bhosca SUSI ar d’Fhoirm CAO, ceadófar do SUSI dá bharr fógra díreach a fháil faoin gcúrsa atá roghnaithe
  • D’uimhir 10 ndigit UCAS, más rud é go bhfuil iarratas déanta agat trí chóras iarratais an RA
  • An uimhir PSP atá agat féin agus uimhir PSP do thuismitheora/thuismitheoirí/chaomhnóra dlíthiúil/chaomhnóirí dlithiúla, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheora, de réir mar is infheidhme.
  • sonraí mionsonraithe don bhliain 2023 maidir leat féin (más ann dóibh), agus maidir le do thuismitheoir(í)/caomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme.

Is éard atá san fhoirm iarratais ná na míreanna seo a leanas:

  • Sonraí Pearsanta an Iarratasóra.
  • Náisiúntacht & Ceart Cónaithe an Iarratasóra.
  • Sonraí chúrsa an iarratasóra, stair oideachais an iarratasóra agus foinsí tacaíochta airgeadais
  • Leanaí Cleithiúnacha agus Daoine Ábhartha.
  • Sonraí ioncaim faoi do thuismitheoir(í)/caomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheora, mar is infheidhme.

Déan cinnte de go ndéanann tú féin, do thuismitheoir(í)/caomhnóir(í) dlíthiúil/dlithiúla, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, na codanna ábhartha go léir den fhoirm iarratais a líonadh isteach.

Más rud é go gcuireann tú féin, do thuismitheoir(í)/chaomhnóir dlíthiúil/chaomhnóirí dlíthiúla, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, faisnéis atá bréagach nó míthreorach isteach, féadfar go mbeadh tú féin nó iadsan a bheith ciontach i gcion agus faoi dhliteanas ionchúisimh as a dtiocfaidh fíneáil nó téarma príosúin, nó fiú fíneáil agus téarma príosúin araon, faoi alt 23 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011.

Nuair a bheidh an fhoirm iarratais comhlánaithe agat, tá sé tábhachtach an Ráiteas um Chosaint Sonraí a léamh agus a dhearbhú sula gcuireann tú d’iarratas isteach.

Má fhaigheann tú amach go bhfuil aon chuid den fhaisnéis a chuir tú isteach mícheart nó más rud é go bhfuil an fhaisnéis sin tar éis athrú, ní mór duit SUSI a chur ar an eolas faoi láithreach bonn agus ríomhphost a chur chuig support@susi.ie. Caithfidh tú SUSI a chur ar an eolas freisin más rud é go dtagann athrú ar do chúinsí a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar d’incháilitheacht do dheontas nó ar an ráta deontais a íoctar leat, más rud é gur bronnadh ceann ort.

Ní ionann léirmhíniú dlíthiúil agus na nótaí treorach seo. Ba cheart duit tagairt a dhéanamh d’fhorálacha an Achta um Haacht do Mhic Léinn 2011, do na Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn (An Bhliain Reatha) agus don Scéim Deontais do Mhic Léinn (An Bhliain Reatha) chun faisnéis iomlán agus mhionsonraithe a fháil ar dheontais mhic léinn.

Image of Irish site login screenshot

  • Chun iarratas a dhéanamh, caithfidh cuntas ar líne a bheith cruthaithe agat mar atá mínithe i gCéim 1 nó caithfidh gur logáil tú isteach le do MyGovID fíoraithe.
  • Is féidir leat rochtain a fháil ar do chuntas ach dul chuig susi.ie agus cliceáil ar “Logáil isteach/Déan Iarratas” ar an leathanach baile.
  • Tiocfaidh tú ar leathanach, mar atá léirithe ag seo thuas, ar a mbeidh ort d’ainm úsáideora, do phasfhocal agus do chód PIN a d’úsáid tú agus do chuntas á chlárú agat a chur isteach, é sin nó is féidir logáil isteach ag baint úsáide as do shonraí “MyGovID”.
  • Más rud é nach cuimhin leat do phasfhocal nó do chód PIN, ba cheart duit na treoracha sa nasc “Rinne mé dearmad ar mo Phasfhocal / Cód PIN SUSI” ar an leathanach logála isteach a leanúint.
  • Nuair atá an fhaisnéis atá á iarraidh curtha isteach agat, cliceáil ar an gcnaipe logála isteach.

 

Image of Before Proceeding Roimh dul ar aghaidh screenshot

Ansin, cuirfear thú go dtí bun an leathanach thíos, áit ar féidir leat:

  • an céatadán de d’iarratais atá comhlánaithe a fheiceáil,
  • do chuid sonraí pearsanta a nuashonrú,
  • sonraí cuntas bainc (más rud é gur iarradh orthu) a líonadh isteach,
  • Fógra um Athrú Cúrsa a chur isteach más rud é gur iarradh air.

Chun d’iarratas a thionscnamh, cliceáil an cnaipe “Tús Iarratas” mar atá léirithe ag seo thuas.

Image of Reassessment Irish start application

Image of Irish Progress Bar

Beidh an barra ag seo thuas le brath ag barr gach uile leathanaigh san fhoirm iarratais ar líne. Sa bharra seo, léirítear an céatadán den iarratas atá comhlánaithe agus an chuid den iarratas  atá fós le críochnú agat ag an am.

Image of Reassessment Irish start application

Ní gá d’iarratas a chríochnú in aon seisiún amháin. Más gá duit sos a ghlacadh nó faisnéis ábhartha atá á hiarraidh a bhailiú, is féidir deireadh a chur leis an seisiún gan aon fhaisnéis atá curtha isteach go dtí sin a chailliúint. Is féidir leanúint ar aghaidh le d’iarratas ach logáil isteach i do chuntas agus an cnaipe “iarratas in eagar” a roghnú.

 

Cad é an fhaisnéis atá á hiarraidh?

Baineann an chuid is mó den fhaisnéis atá á hiarraidh sa chuid seo le do chuid sonraí pearsanta féin, is é sin le rá do UPSP, d’ainm, do shonraí teagmhála, do stádas pósta, srl.

Is féidir leat cliceáil ar an an tsiombail  ? chomh maith chun tuilleadh soiléirithe a fháil maidir le haon ceist ar leith.

Sula leanann tú ar aghaidh le d’iarratas, ba cheart duit Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI a léamh. Más rud é go bhfuil an méid seo léite agat agus gur mian leat leanúint ar aghaidh agus arratas a dhéanamh, ba cheart duit Ar aghaidh a roghnú, mar atá léirithe ag seo.

PIctiur de Applicant A1-A8

A1. UPSP. Déan cinnte de go bhfuil an UPSP a cuireadh isteach ceart agus cruinn. Féadfar moill a bheidh curtha ar d’iarratas má tá d’uimhir UPSP curtha isteach go mícheart.

A2. Sloinne.

A3. Céadainm(neacha).

A4. An chéadainm atá agat, díreach mar atá sé ar do theastas breithe: Tar éis measúnú sealadach a bheith déanta ar d’iarratas, féadfar go n-iarrfar ort cóip de do theastas breithe a chur isteach mar fhianaise dhoiciméadach. Más saoránach Éireannach tú, ba chóir gur cóip fhoirm fhada de do theastas breithe a chuirtear isteach.

A5.Do shloinne breithe mar atá sé ar do theastas breithe.

A6. Sloinne breithe do mháthair

A7. Formáid le haghaidh do dháta breithe agus dátaí, míonna agus blianta.

A8. Seoladh: Is éard atá i gceist anseo ná an seoladh ina bhfuil tú i do chónaí go hiondúil seachas an seoladh ina bhfuil tú i do chónaí agus tú ag freastal ar an gcoláiste. Féadfar go n-iarrfaí ort fianaise a chur ar fáil ar do sheoladh d’fhonn d’iarratas a mheas.

Más rud é go bhfuil an tÉirchód le haghaidh do sheoladh baile ar eolas agat, is féidir leat é a chur isteach ag seo. Más rud é nach bhfuil an tÉirchód ar eolas agat, is féidir leat an chéad líne de do sheoladh a chur isteach (lena n-áirítear uimhir an tí / árasáin más bainteach) agus do sheoladh a roghnú as na roghanna a taispeánfar duit. Sa chás nach bhfuiltear in ann aon mheaitseálacha a aimsiú, is féidir leat Éirchód do sheoladh baile a aimsiú leis an Aimsitheoir Éirchóid, ach cliceáil ar an deilbhín sin.

Sa chás nach bhfuil Éirchód curtha le do sheoladh, is féidir leat tic a chur sa bhosca seo.

A9. Sonraí teagmhála: Sonraí teileafóin, idir d’fhón baile agus d’fhón póca

 

PIctiur de applicant A10-A16

A10. Seoladh Ríomhphoist: Sonraí do sheoladh ríomhphoist, le haghaidh comhfhreagrais.

A11. An bhfuil uimhir CAO nó UCAS agat?

Sa chás go ndearna tú iarratas ar chúrsa ardoideachais tríd an Lár-Oifig Iontrála (CAO), cuir isteach an uimhir CAO 8 ndigit atá agat, mura miste. Beimid in ann fógra díreach a fháil faoin gcúrsa atá roghnaithe agat má tá údarás tugtha agat don CAO an fhaisnéis sin a roinnt linn.

Má tá iarratas déanta agat ar chúrsa ardoideachais san RA trí UCAS, córas iarratais an RA, cuir isteach an uimhir 10-dhigit UCAS atá agat.

Más rud é nach bhfuil iarratas déanta agat trí CAO ná trí UCAS, roghnaigh an ‘Níl’.

A12. Rangú an Iarratasóra:

Tá sé tábhachtach duit a fháil amach cén rangú iarratasóra ina bhfuil tú mar is é sin an bonn lena gcinnfear cén t-ioncam a bheidh curtha san áireamh agus cé ba cheart gach cuid den iarratas a líonadh isteach. Léigh an cur síos ar na rangaithe iarratasóra uile ag seo thíos go cúramach.

Mac léinn cleithiúnach atá roinnte ina dhá chineál, mar seo a leanas:

  • Mac léinn atá ag brath ar a thuismitheoir(í) nó ar a chaomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla
  • Mac léinn lánfhásta atá ag brath ar a thuismitheoir(í) nó ar a chaomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla

A13 & A14. Roghnaigh ón roghchlár anuas, mura miste

A15. An bhfuil iarratas déanta agat arh íocaíochtaí Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA), don bhliain 2024/25, nó an bhfuil tú chun é a fháil, ? Ba cheart duit ‘Tá’ a roghnú má rinne tú iarratas ar BTEA nó má tá tú ag súil le BTEA a fháil don bhliain acadúil 2024/254. Tabhair faoi deara go bhféadfar nach mbeidh tú incháilithe deontas cothabhála a fháil ó SUSI más rud é go bhfuil tú ag fáil na híocaíochta sin.

A16. An bhfuil iarratas déanta agat ar íocaíochtaí na Scéime Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG nó VTOS) a fháil, nó an bhfuil tú chun iad a fháil, don bhliain 2024/25?

Ba cheart duit ‘Tá’ a roghnú má rinne tú iarratas ar SDOG (VTOS) nó má tá tú ag súil le SDOG (VTOS) a fháil don bhliain acadúil 2024/25. Tabhair faoi deara go bhféadfar nach mbeidh tú incháilithe deontas cothabhála a fháil ó SUSI más rud é go bhfuil tú ag fáil na híocaíochta sin.

Tar éis duit do chuid Sonraí Pearsanta go léir a bheith curtha isteach agat, tabharfar achoimre duit ar an bhfaisnéis uile atá curtha isteach agat, agus is féidir leat í a leasú, más gá. Más rud é go bhfuil an fhaisnéis go léir i gceart, cuir tic sa bhosca and, agus cliceáil ‘Ar aghaidh’

 

Pictiur de Applicant B1-B2 Naisiuintacht

Baineann an fhaisnéis atá á hiarraidh sa chuid seo le do stádas náisiúntachta agus cónaitheachta féin, gur dhá cheann de na príomhchritéir iad chun cinneadh a dhéanamh faoinar bhféadfá a bheith incháilithe maoiniú deontais a fháil nó nach bhféadfá.

Is féidir leat an tsiombail ? a chliceáil chomh maith chun ceist ar leith a fhreagra.

B1. Cén tír inar rugadh tú?

Roghnaigh an tír inar rugadh tú, a d’fhéadfadh a bheith éagsúil ó do náisiúntacht.

B2. Cad é an Náisiúntacht atá agat?

Sa chás nach náisiúnaí tú de chuid tír AE, tír de chuid an LEE, den RA nó den Eilvéis, beidh ceist B3 le feiceáil.

 

Pictiur de Applicant B3 Naisiuintacht

B3. Más rud é nach náisiúnach de chuid an AE, an LEE an RA nó na hEilvéise thú, cad é an bonn faoina bhfuil tú ag cur fút in Éirinn?

Líon isteach d’uimhir thagartha Bhiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána (GNIB) / Cead Cónaithe na hÉireann (IRP) agus roghnaigh an rogha ábhartha (a-h) a bhaineann le do chás féin. Cuir isteach an dáta ar ar bronnadh do chead chun fanacht in Éirinn leat.

Tar éis d’iarratas a bheith measúnaithe go sealadach, féadfar go n-iarrfar ort cruthúnas ar do náisiúntacht a sholáthar, m.sh. cóip de do phas, cárta GNIB / IRP, cárta aitheantais nó comhfhreagras ábhartha ón Roinn Dlí agus   Cirt agus Comhionannais.

Más rud é go gcomhlíonann tú na critéir náisiúntachta, is féidir leat leanúint ar aghaidh go dtí an cheist seo a leanas:

 

 

B4. An raibh tú i do chónaí in Éirinn ar feadh 3 bliana ar a laghad de na cúig cinn is deireanaí? -

Le bheith incháilithe do dheontas táille agus do dheontas cothabhála, más infheidhme, caithfidh go raibh tú i do chónaí in Éirinn ar feadh 3 cinn de na cúig bliana is deireanaí, ar a laghad, roimh don bhliain a dtosaíonn do chúrsa. Más rud é go bhfreagraíonn tú ‘Níl’, beidh ceist B5 le feiceáil, mar atá le brath aige seo.

B5. An raibh tú i do chónaí san AE, san LEE, san RA nó san Eilvéis ar feadh 3 cinn ar a laghad de na cúig bliana is    deireanaí? -

Más rud é nach raibh tú i do chónaí in Éirinn ar feadh 3 cinn de na 5 bliana a tháinig díreach roimh an mbliain a dtosaíonn do chúrsa, ach go raibh tú i do chónaí i mBallstát eile de chuid an AE, an LEE, an RA nó na hEilvéise ar feadh 3 cinn ar a laghad de na 5 bliana díreach roimh an mbliain a dtosaíonn do chúrsa,

déantar tagairt ort mar mhac léinn teagaisc. D’fhéadfadh mic léinn teagaisc gan a bheith incháilithe do dheontas ach amháin do dheontas táille.

Más infheidhme, bain úsáid as an tábla atá curtha ar fáil, (atá léirithe ag seo thuas) chun sonraí a thabhairt faoin áit a raibh tú i do chónaí le linn na tréimhse ábhartha. Más é an chúis go raibh tú i do chónaí lasmuigh d’Éirinn ar bhonn sealadach toisc go raibh tú ag tabhairt faoi chúrsa staidéir ceadaithe nó cúrsa taighde

iarchéime san AE, d’fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh deontas mac léinn fós féin.

Má fhreagraíonn tú ‘No’ le ceist B4 agus le ceist B5 araon, ní sásófar na riachtanais chónaitheachta maidir leis an gcistiú deontais, mar atá leagtha amach san Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 agus ní bheidh tú in ann leanúint ar aghaidh le d’iarratas ar dheontas dá bharr, agus ní taispeánfar duit an bosca aníos ag seo a leanas.

Tar éis duit an chuid seo a chríochnú, tabharfar achoimre duit ar an bhfaisnéis uile atá curtha síos agat, agus is féidir leat í a leasú, nuair is gá. Más rud é go bhfuil an fhaisnéis go léir i gceart, cuir tic sa bhosca agus cliceáil ‘Ok’

Baineann an fhaisnéis atá á hiarraidh sa chuid seo le do stair oideachais, leis an gcúrsa is mian leat a dhéanamh sa bhliain acadúil atá le teacht agus le haon chúnamh airgeadais a d’fhéadfá a bheith ag fáil.

Tabhair do d’aire: Ag brath ar na sonraí faoin oideachais atá agat go dtí seo agus ar an gcúrsa a bhfuil sé ar intinn agat a dhéanamh, féadfar go dtaispeánfar bosca aníos rabhaidh chun cur in iúl duit nach bhfuil tú incháilithe toisc go bhfuil na huas-tréimhsí staidéir sáraithe agat.

Is féidir leat an tsiombail ? a chliceáil chomh maith chun freagra níos deimhne a thabhairt ar cheist ar leith.

 

Pictiur de Applicant C1-C3 Sonrai Cursa

C1. An bhfuil an Ardteistiméireacht nó scrúdú deiridh scoile dá coibhéis críochnaithe agat?

Áirítear ‘A’ Level, Baccalauréat, srl. mar scrúdú dá coibhéis

C2. Cad é an leibhéal cáilíochta breisoideachas nó ardoideachais is airde atá bainte amach agat ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ) nó a choibhéis?

Roghnaigh an leibhéal ábhartha ón liosta anuas.

C3. An bhfuil áit glactha agat ar chúrsa don tréimhse 2023/24?

Tabhair faoi deara nach bhfuil gá áit a bheith glactha agat ar chúrsa chun an t-iarratas seo ar an maoiniú deontais a chríochnú. Ba chóir d’iarratasóirí CAO an cúrsa céad rogha atá acu a chur isteach ann. Beidh roghchláir anuas le feiceáil agus na hinstitiúidí uile atá liostaithe in Éirinn agus i dTuaisceart Éireann luaite ann. Le haghaidh aon institiúid eile, roghnaigh an tír ábhartha.

Má tá tú ag tabhairt faoi Chlár Oideachais Tríú Leibhéal, roghnaigh leibhéal na dámhachtana a gheobhaidh tú ar chríochnú an chúrsa duit sa roghchlár anuas don chéad cheist i C3. Agus Ainm na hInstitiúide á chur isteach agat, roghnaigh an t-ionad boird oideachais agus oiliúna áitiúil ina gcuirfidh tú tús le do chúrsa.

Freagair ‘sea’ don cheist ‘An bliain athuaire í seo?’ Feicfidh tú an cheist seo a leanas ansin: ‘An bhfuil an bhliain seo á déanamh arís agat mar gheall ar chúinsí eisceachtúla?’ Freagair sea don cheist seo.

 

PIctiur de Applicant C4 sonrai cursa

C4. Ar fhreastail tú ar chúrsa breisoideachais / ardoideachais roimhe seo (nó an bhfuil tú ag freastal air cheann faoi láthair)? Cuir síos sonraí faoi gach chúrsa breisoideachais agus ardoideachais ar fhreastail tú air go dtí seo, lena n-áirítear cúrsaí nár chríochnaigh tú nó nach bhfuil cáilíocht bainte amach agat ina leith. Sa chás go dtarraing tú siar ó aon chúrsaí dá leithéid, tá sé an-tábhachtach an dáta sonrach a dtarraing tú siar a lua.

 

PIctiur de Applicant C6-C7 Sonrai cursa

C5. Níl Ceist C5 bailí a thuilleadh agus táthar tar éis í a bhaint den fhoirm iarratais dá bharr.

C6. An bhfuil deontas mic léinn agat nó an raibh deontas mic léinn agat riamh?

Má thugann tú freagra dearfach ar an gceist seo, críochnaigh na codanna ábhartha agus líon isteach na sonraí.

C7. An bhfuil iarratas déanta agat ar aon chúnamh airgeadais mic léinn eile nó an mbeidh aon chúnamh airgeadais mic léinn eile á fháil agat, bíodh an cúnamh sin ó Éirinn nó ó thír eachtrach, don bhliain acadúil 2024/25?-

Cuir ar an eolas sinn más rud é go bhfuil iarratas déanta ar cúnamh airgeadais mic léinn ó aon fhoinse eile, nó más rud é go bhfuil tairiscint de faighte agat, nó go bhfuil sé á fháil agat cheana féin, ag am ar bith le linn na bliana acadúla 2024/25. I measc samplaí den chúnamh airgeadais, áirítear scoláireachtaí, sparánachtaí, duaiseanna nó deontais mac léinn eile, bíodh siad sin ag teacht ó Éirinn nó ó thír eachtrach.

Tar éis duit an chuid seo a chríochnú, tabharfar achoimre duit ar an bhfaisnéis uile atá curtha síos agat, agus is féidir leat í a leasú, nuair is gá. Más rud é go bhfuil an fhaisnéis go léir i gceart, cuir tic sa bhosca agus cliceáil ‘Ar aghaidh’

 

Baineann an fhaisnéis atá á hiarraidh sa chuid seo le leanaí agus le daoine ábhartha. Is éard is duine ábhartha ná duine eile (leanbh cleithiúnach, tuismitheoir(í)/caomhnóir dlíthiúil an iarratasóra, céile iarratasóra neamhspleách, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir) laistigh den teaghlach a fhreastalaíonn ar chúrsa lánaimseartha staidéir i mbreisoideachas nó in ardoideachas. Cuirfear gach duine den chineál sin san áireamh trí úsáid a bhaint as breisíocht eile a chur leis na teorainneacha ioncaim nuair a ríomhtar 'Ioncam Ináirithe'.

Is féidir leat an tsiombail  a chliceáil chomh maith chun freagra níos deimhne a thabhairt ar cheist ar leith.

 

Pictiur de E1 Leanai cleithiunacha

E1. Leanaí Cleithiúnacha

Agus d’iarratas á mheas, féadfar go mbeadh tionchar ag líon na leanaí cleithiúnacha atá i do theaghlach ar na teorainneacha ioncaim inmheasta a bheidh ríofa do do theaghlach.

Ciallaíonn leanbh cleithiúnach leanbh, lena n-áirítear leanbh altrama, lena mbaineann ceann de na ráitis seo a leanas leis amhail an 1 Deireadh Fómhair 2023:

  • Faoi 16 bliana d'aois
  • 16 bliana d’aois nó níos sine agus cúrsa oideachais lánaimseartha á dhéanamh aige
  • 16 bliana nó níos sine agus deimhniú aige go bhfuil sé mí-oiriúnach dó chun obair a dhéanamh go buan mar gheall ar a riocht sláinte. Ba cheart duit an líon leanaí cleithiúnacha a roghnú mar atá thuas agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Ar Aghaidh’. Sa chás gur mó ná ‘3’ an líon atá roghnaithe agat leis seo, taispeánfar roghchlár duit inar féidir leat na sonraí ábhartha ach an rogha ‘Aicsean’ a chliceáil mar atá léirithe ag seo thuas.

 

PIctiur de E2 Daoine Abhartha

E2. Daoine Ábhartha

Agus measúnú a bheith á dhéanamh ar d’iarratas, d’fhéadfadh méadú teacht ar líon na “ndaoine ábhartha” (seachas an t-iarratasóir é féin) i do theach atá ag freastal ar an mbreisoideachas nó an ardoideachais lánaimseartha na teorainneacha ioncaim inríofa arna ríomh do do theaghlach, agus luach an deontais a dhámhtar a mhéadú dá bharr.

I measc “Daoine Ábhartha” áirítear:

  • Leanbh cleithiúnach;
  • Tuismitheoir(í) mic léinn cleithiúnaigh; agus
  • Céile, comhpháirtí sibhialta nó comhchónaitheoir mic léinn atá neamhspleách;

atá ag freastal ar:

  • Chúrsa atá ceadaithe de réir na Scéime Deontais do Mhic Léinn 2022;
  • Chúrsa lánaimseartha breisoideachais nó ardoideachais a mhaireann bliain amháin ar a laghad atá lonnaithe sa Stát nó i mBallstát eile as a dtiocfaidh mórdhámhachtain ar leibhéal idir Leibhéal 5 agus 10 ar an gcreat náisiúnta cáilíochtaí nó cáilíocht choibhéiseach a dhéanann a comhlacht dámhachtana aitheanta sa Stát nó sa Bhallstát i gceist.

Cuir síos sonraí faoi gach aon duine dá leithéid le do thoil, ionas gur féidir d’ioncam in-ríofa a ríomh go cruinn beacht.

Trí bhosca duine ábhartha a roghnú, tá cead tugtha agat do chuid sonraí a roinnt, chun críocha an t- iarratas ar an duine ábhartha sin a chrostagairt agus a phróiseáil, má dhéanann siad iarratas ar SUSI ar dheontas mac léinn.

Ní úsáidfear sonraí iarratais na ndaoine ábhartha chun d’iarratas a phróiseáil ach amháin sa chás go roghnaíonn siad tusa i gCuid E2 dá bhfoirm iarratais.

Is féidir “Daoine Ábhartha” mar atá sainmhínithe ag seo thuas a chur le d’iarratas ach an rogha action a roghnú, agus taispeánfar an scáileán ag seo thuas. Ba cheart duit sonraí an ‘duine/ na daoine ábhartha’ a chur isteach (más infheidhme) agus ‘Ar aghaidh’ a chliceáil.

Tar éis duit an chuid seo a chríochnú, tabharfar achoimre duit ar an bhfaisnéis uile atá curtha síos agat, agus is féidir leat í a leasú, nuair is gá. Más rud é go bhfuil an fhaisnéis go léir i gceart, cuir tic sa bhosca agus cliceáil ‘Ar aghaidh’

 

Bailítear faisnéis faoin ioncam ináirithe iomlán atá ábhartha don iarratas i gCuid F.

Sa chás gurb é an chur síos a rinne tú ort féin i gceist A14 (Rangú an Iarratasóra) ná “Mac Léinn Lánfhásta Neamhspleách” agus nach bhfuil tú pósta, i gcomhpháirtíocht shibhialta nó ag comhchónaí, ba cheart duitse, an t-iarratasóir, an chuid seo a líonadh isteach nuair atá sé ábhartha.

Sa chás gurb é an chur síos a rinne tú ort féin i gceist A14 (Rangú an Iarratasóra) ná “Mac Léinn Lánfhásta Neamhspleách” agus go bhfuil tú pósta, i gcomhpháirtíocht shibhialta nó ag comhchónaí, ba cheart duitse, an t-iarratasóir, agus do chéile, do pháirtí sibhialta, nó do chomhchónaitheoir na codanna ábhartha a líonadh isteach.

Sa chás gurb é an chur síos a rinne tú ort féin ná “Mac léinn atá spleách ar thuismitheoir(í)/chaomhnóir dlíthiúil/chaomhnóirí dlíthiúla” nó “Mac léinn lánfhásta atá spleách ar thuismitheoir(í)/chaomhnóir dlíthiúil/chaomhnóirí dlíthiúla”, ba cheart duitse, an t-iarratasóir, agus do thuismitheoir(í)/caomhnóir dlíthiúil/caomhnóirí dlíthiúla, de réir mar is infheidhme, na hailt ábhartha a líonadh isteach.

Tabhair do d’aire:

Beidh do chuid sonraí ioncaim, is é sin le rá sonraí ioncaim an iarratasóra, curtha ar fáil agat sa chéad chuid de chuid F. A luaithe is atá sé sin déanta, iarrfar ar pháirtithe ábhartha eile san iarratas a gcuid sonraí pearsanta agus ioncaim a chur isteach chomh maith.

Tá na ceisteanna don iarratasóir agus do na páirtithe eile san iarratas mar an gcéanna agus mar sin tá na nótaí ag seo thíos ábhartha do gach aon duine.

PIctiur de section F income Faisneis Thabachach (NB Info)

Caithfidh tú an seicliosta seo a léamh agus é a chur in iúl go ndearna tú amhlaidh sula leanann tú ar aghaidh leis an gcuid seo.

 

Pictiur de Ioncam (Iarratstoir) F1-F3

F1 An raibh tú fostaithe in 2023 ar bhonn lánaimseartha, páirtaimseartha nó sealadach?

Más rud é go raibh tú féin, do thuismitheoir(í)/chaomhnóir dlíthiúil/chaomhnóirí dlíthiúla, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, fostaithe am ar bith le linn 2023, cibé acu ar bhonn lánaimseartha, páirtaimseartha nó sealadach, ní mór duit a thabhairt dúinn an t- ollioncam iomlán a gnóthaíodh in 2023, lena n-áirítear aon sochar comhchineáil, ó gach uile phost, bíodh sé in Éirinn nó i dtír eachtrach. Sa chás go raibh ioncam eachtrach agat, ní mór duit an luach coibhéiseach a iontráil in Euro.

Ná cuir isteach ioncam anseo a thuilltear ón fhéinfhostaíocht é. Tá Ceist F4 dírithe ar an fhéinfhostaíocht.

Tá ioncam a thuilltear as páirt a ghlacadh i Scéim Fostaíochta Pobail (CE) ar cheann de na cláir atá ainmnithe leis an incháilitheacht don Ráta Speisialta deontais mhic léinn. Cuirimid sochair chomhchineáil ag a luach san áireamh chun críocha cánach ioncaim.

Ceadaímid an asbhaint chéanna ó ioncam le haghaidh caiteachais a bhaineann go díreach leis an fhostaíocht agus atá leagtha amach i do Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo) do 2023.

 

Tuilleamh an iarratasóra ón fhostaíocht le linn na saoire.

Caithfidh an t-iarratasóir aon ioncam don bhliain 2023 a chur san áireamh sa chuid seo. Ceadófar asbhaint réasúnta le haghaidh airgead a thuilltear le linn na saoire, (suas go dtí uasmhéid €7,925), is é sin le rá ioncam a thuilleann an t-iarratasóir as fostaíocht lasmuigh de théarma an chúrsa.

F2. An bhfuair tú aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh in 2023 seachas sochar linbh?

Más ‘Tá’ an freagra atá roghnaithe agat, roghnaigh an íocaíocht ábhartha ón liosta atá ar an scáileán (m.sh. liúntas cíosa, liúntas cúraim altrama, srl.), agus cur síos cad é ráta seachtainiúil na híocaíochta sin, chomh maith le líon na seachtainí a raibh tú ag fáil na híocaíochta sin. Déanfar méid iomlán gach íocaíochta a ríomh go huathoibríoch ar an scáileán, ag brath ar an ráta agus líon na seachtainí ar iontráladh, agus taispeánfar méid chomh-iomlán.

F3. An bhfuair tú íocaíocht ó aon roinn rialtais nó gníomhaireacht stáit eile?

Más ‘Tá’ an freagra atá roghnaithe agat, roghnaigh an íocaíocht oiriúnach ón liosta atá ar an scáileán (m.sh. FSS, SOLAS nó Údarás Áitiúil), agus cur síos cad é ráta seachtainiúil na híocaíochta sin, chomh maith le líon na seachtainí a raibh tú ag fáil na híocaíochta sin. Déanfar méid iomlán gach íocaíochta a ríomh go huathoibríoch ar an scáileán, ag brath ar an ráta agus líon na seachtainí ar iontráladh, agus taispeánfar méid chomh-iomlán.

 

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F4-F7

F4. An raibh tú féinfhostaithe nó ag tabhairt faoin fheirmeoireacht in 2023?

Más rud é go raibh tú féinfhostaithe nó ag tabhairt faoin fheirmeoireacht le linn 2023, cuir sonraí ar fáil faoin ioncam go léir a thuilleadh nó faoin gcaillteanas iomlán a thabhaigh tú ón obair sin. Más rud gur éagsúil an bhliain ghnó a bhaineann leat leis an mbliain chánach, is é an t-ioncam ábhartha ná an t-ioncam atá sonraithe sna cuntais ghnó agat i ndáil le bliain a críochnaíonn ag pointe éigin idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2023.

Más é "Tá" an freagra a thug tú do cheist F4, taispeánfar tábla " Costais Aischurtha Féinfhostaithe " le bheith comhlánaithe. Beidh ort é líonadh isteach agus "Ok" a chliceáil sular féidir leat leanúint ar aghaidh. Más rud é nach bhfuil do chuntais réidh, ba cheart duit meastacháin a chur isteach agus déanfar na figiúirí sin a dheimhniú trí na naisc atá again leis na Coimisinéirí Ioncaim agus leis na cáipéisí ar iarradh.

F5. In 2023, an raibh aon ioncam cíosa agat ón talamh nó ón réadmhaoin atá agat in Éirinn nó i dtíortha eachtracha?

Más rud é go raibh ioncam cíosa nó ioncaim eile agat ó thalamh agus ó réadmhaoin in Éirinn nó i dtíortha eachtracha ag am ar bith le linn 2023, déan cur síos ar na sonraí faoin ioncam go léir a thuilltear nó na caillteanais a thabhaigh tú as na haonaid réadmhaoine sin a chur amach ar cíós. Más é "Tá" an freagra atá agat do cheist F5, taispeánfar tábla " Costais Aischurtha Ioncaim Cíos " le comhlánú.

F6. An raibh tú i do stiúrthóir dílseánaigh nó i do scairshealbhóir ar chuideachta theoranta in 2023?

Sa chás gur cuideachta theoranta a raibh tú i do stiúrthóir dílseánaigh air nó a raibh scairsheilbh chothromais shuntasach agat ann a d’íoc aon chuid de d’ioncam in 2023, roghnaigh an rogha "Tá" sa chás seo agus cuir sonraí faoin ioncaim sin isteach ag F1 thuas, lena n-áirítear sochair chomhchineáil.

F7. An bhfuair tú pinsean in 2023, seachas Pinsean Stáit Leasa Shóisialaigh?

Más ‘Tá’ an freagra a chuir tú leis, luaigh an glanmhéid an phinsin sin le do thoil. Sa chás go bhfuil ioncam agat féin, ag do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, ó phinsin seachas an Pinsean Stáit Leasa Shóisialaigh, idir an bpinsean ranníocach agus neamh-ranníocach araon, tabhair sonraí le do thoil.

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F8-F11

F8 An raibh aon ioncam agat in 2023 a tháinig ó choigilteas, ó chuntais taisce nó ó infheistíochtaí?

Má tá airgead nó infheistíochtaí agat féin, ag do thuismitheoir(í), caomhnóir dlíthiúil, céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, in institiúid airgeadais nó in aon institiúid eile in 2023, cuir isteach méid comhlán an úis nó an ioncaim go léir ar tuilleadh ó choigilteas, ó chuntais taisce, ó iasachtaí pearsanta a fuair tú féin iad agus ó infheistíochtaí (stoic, scaireanna, bannaí, urrúis agus díbhinní). Áirítear le hinfheistíochtaí: cairteacha coigiltis, bannaí árachais saoil nó aon ionstraimí airgeadais eile. Sa chás go gcarntar suas an t-ús nó an brabús agus go n-íoctar amach é mar chnapshuim ag deireadh na tréimhse infheistíochta ní thógaimid ach cuid den chnapshuim sin.

Maidir le leithdháiltí ó chuideachtaí Éireannacha, ba cheart duit an méid a fuarthas agus an cháin Éireannach a asbhaineadh as a chur san áireamh. Maidir le hús eachtrach agus díbhinní eachtracha, ba cheart duit an luach coibhéiseach in euro den mhéid comhlán a tuilleadh roimh don cháin eachtrach a bheith bainte, más ann, a bheith curtha áireamh.

F9. An raibh aon ioncam agat in 2023 a tháinig as comhaontú cothabhála?

Más ‘Tá’ a chliceáil tú, cuir isteach an méid le do thoil agus áirithe ann aon

airgead a fuarthas mar chothabháil agus aon íocaíocht eile a rinneadh le tríú páirtí mar chuid d’oibleagáid cothabhála, m.sh. cíos, íocaíochtaí morgáiste, aisíocaíochtaí iasachta, árachas agus árachas saoil, costas cothabhála tí, deisiúcháin agus athnuachan, costas leighis, oideachas, srl.

F10. An bhfuair tú íocaíocht chnapshuime le linn 2023 mar gheall ar scor fostaíochta nó na iomarcaíochta? Má fuair tú féin, do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, íocaíocht chnapshuime in 2023 a tharla mar gheall ar scor nó deireadh tréimhse fostaíochta (lena n-áirítear an iomarcaíocht), cuir síos sonraí faoi ag seo, le do thoil.

Scor: Sa chás go ndeachaigh tú féin nó do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, ar scor ón fhostaíocht nó ón fhéinfhostaíocht le linn 2023 agus go bhfuarthas cnapshuim dá bharr, cuirimid cuid den chnapshuim sin san áireamh chun an t-ioncam inríofa a ríomh chun críocha deontais mac léinn. Déantar an chionnroinnt a chuirtear san áireamh a ríomh tríd an gcnapshuim scoir a roinnt ar líon na mblianta den tseirbhís inphinsin. Más féinfhostaithe atá tú, is éard is ceart duit a chur isteach le haghaidh ‘na seirbhíse inphinsin’ ná an líon blianta a rinne tú ranníocaíochtaí le táirge scoir.

Iomarcaíocht: Sa chás go ndeachaigh tú féin nó do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, ar scor ón fhostaíocht nó gur cuireadh ar Iomarcaíocht aon duine díobh le linn 2023 agus go bhfuarthas cnapshuim dá bharr, cuirimid cuid den chnapshuim sin san áireamh chun an t-ioncam inríofa a ríomh chun críocha deontais mac léinn. Déantar an chuidroinnt a chuirtear san áireamh a ríomh tríd an gcnapshuim a roinnt ar líon na mblianta de sheirbhís atá ag an duine leis an fhostóir.

F11. An raibh aon ioncam agat in 2023 ó dhiúscairt sócmhainní nó cearta?

Más rud é go raibh, cuir iseach sonraí faoi na gnóthachain agus caillteanais uile ar an tábla "Diúscairt Sócmhainní agus Cearta" a bheidh le feiceáil agat ag deireadh na foirme iarratais. Is féidir aon chaillteanais a tharla mar gheall ar dhiúscairt sócmhainne a fhritháireamh i gcoinne na bhfoinsí ioncaim eile go léir sa tréimhse thagartha. Ní chuirfear ach cuid d’aon ghnóthachan san áireamh agus an t-ioncam inmheasta á ríomh againn.

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F12-F14

F12. An bhfuair tú aon bhronntanais nó oidhreacht in 2023?

Má fuair tú féin, do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, bronntanais nó oidhreacht in 2023, ní mór duit an tábla "Bhronntanais nó oidhreacht" a líonadh isteach. Beidh an tábla seo ar taispeáint go huathoibríoch le bheith líonta isteach roimh duit d’iarratas a chur isteach. Cuir síos sonraí faoi gach uile bhronntanas agus oidhreacht, fiú más rud é nach raibh ort iad a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Cánach Fáltais Chaipitiúla. Níl aon eisceachtaí leis sin, seachas amháin:

  • Más mac léinn neamhspleách thú, bronntanais agus oidhreacht idir an t- iarratasóir agus a chéile, a pháirtnéir sibhialta nó a chomhchónaitheoir
  • I gcás gach cineál d’iarratasóir eile: bronntanais agus oidhreacht idir tuismitheoir(í) nó caomhnóir dlíthiúil agus bronntanais agus oidhreachtaí don   iarratasóir óna thuismitheoir(í) nó óna chaomhnóir dlíthiúil

F13. An bhfuair tú aon ioncam eile, dála ioncam eachtrach, Scoláireachtaí, Sparánachtaí nó aon mhaoiniú eile ó fhoinsí nach bhfuil luaite thuas?

Más rud é go dtugann tú freagra dearfach le ceist F13a, Roghnaigh ceann de na roghanna sa bhosca aníos (féach an liosta ar an gcéad leathanach eile). Más rud é go dtugann tú freagra dearfach le ceist F13b Úsáid an bosca téacs le do thoil chun cur síos a dhéanamh ar an bhfoinse agus cuir isteach an méid atá i gceist sa bhosca ioncaim.

Más rud é go dtugann tú freagra dearfach le ceist F13c Comhlánaigh an tábla "Tailte Coille" ag deireadh na foirme iarratais. Is éard atá i gceist leis sin ná aon ioncam a fhaightear as coillearnacha a dhíol idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023. Áirítear leis seo ioncam ó dhíolacháin phríobháideacha nó ioncam ón Roinn Talmhaíochta, Feirmeoireachta agus Mara nó comhlacht dá leithéid, idir comhlachtaí sa Stát agus lasmuigh de.

Pictiur de Scolairiochtai scholarships and bursaries

F13 (a) Ioncam ó Scoláireachtaí/Sparánachtaí - Is éard atá i gceist leis seo ná aon ioncam, idir ioncam cothabhála agus/nó tháillí, a fhaightear ó Scoláireachtaí nó Sparánachtaí idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023. Níor cheart an deontas SUSI, an Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn, TAP, HEAR agus DARE a áireamh leis. Sa chás nach bhfuil sé sonraithe ag seo, bain úsáid as an rogha "Eile"chun é a chríochnú.

Ag seo a leanas, samplaí de na cineálacha de Scoláireachtaí/Sparánachtaí gur chóir a bheith curtha san áireamh

  • Dámhachtainí dála scoláireachtaí, duaiseanna nó sparánachtaí, a thagann ón institiúid ar a bhfuiltear ag freastal;
  • Dámhachtainí um an taighde iarchéime sa chás nach sáraíonn an roinnchuid stipinne den dámhachtain ceann méid sonraithe, agus €19,000 an méid atá sonraithe don bhliain acadúil ábhartha;
  • Scéimeanna Sparánachta Tríú Leibhéal de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna;
  • An Scéim Scoláireachta Uile-Éireann.

F13(b) Ioncam ó Fhoinsí nach bhfuil luaite

Is éard atá i gceist leis seo ná aon ioncam eile a fuarthas ó fhoinsí nach bhfuil luaite in aon cheann de na ceisteanna go dtí seo, idir F1 agus F12 ar an bhfoirm iarratais, idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023. D’fhéadfadh ioncam eachtrach a bheith áirithe leis seo. Is éard atá i gceist leis seo ná aon ioncam a thuilltear lasmuigh den Stát é idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023.

Ioncam atá díolmhaithe ó cháin - ealaíontóirí, ioncam coillearnaí, paitinní, faoiseamh cíosa i leith seomraí ar cíos nó seirbhísí cúram leanaí (Nóta: bhí táillí graí staile agus táillí graí con díolmhaithe ó cháin ach tá siad incháinithe ó bhí an 1 Lúnasa 2008 ann). Má tá ioncam agat ó na gníomhaíochtaí seo ba chóir duit é a áireamh i gCeist F4 - An fhéinfhostaíocht agus an fheirmeoireacht.

Socraíochtaí, iontaobhais, cúnaint agus eastáit - I gcás cúnaint, ní gá duit féin, mar an t-iarratasóir, ioncam a fhaigheann tú faoi chúnant ó do thuismitheoir(í) nó ó chaomhnóir dlíthiúil a áireamh ach amháin sa chás gur mac léinn neamhspleách tú.

Táillí, coimisiúin nó ioncam eile dá leithéid, a thuilltear lasmuigh de do phríomhfhostaíocht nó d’fhéinfhostaíocht. Sochair nach n-áirítear ar d’Achoimre ar Shonraí Fostaíochta (P60 roimhe seo) nó ar do Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo), mar shampla, ranníocaíochtaí PRSA fostóra agus sochair inchánach eile. Oll-luach na suimeanna ar aistarraingíodh iad ó tháirgí pinsin, cé is moite den chnapshuim saor ó cháin.

Cúnaint shriantacha. Íocaíochtaí a fuarthas ag tosach na tréimhse fostaíochta. Suimeanna a fuair tú tar éis deireadh teacht le gnólacht a bheith ag trádáil, fiacha ar measadh iad gan a bheith inbhailithe, mar shampla, nuair a tháinig deireadh leis an ngnólacht a bheith ag trádáil. Gnóthachain ó dhuaisbhannaí, ó chrannchuir, ón gcearrbhachas nó ó scuabgheallta. Aon ioncam nó aon shochar eile nach bhfuil cur síos déanta air i gCuid F.

F14 Ar íoc tú íocaíocht chothabhála atá infhorfheidhmithe le dlí le linn 2023, a tharla mar gheal ar idirscaradh nó colscaradh?

Más amhlaidh, cuir isteach an oll-mhéid iomlán ar íocadh. Féadfar asbhaint a dhéanamh i leith íocaíochtaí cothabhála le céile scartha ar an gcoinníoll go bhfuil comhaontú idirscartha dlíthiúil nó colscartha i bhfeidhm. Is é an méid atá inasbhainte ó ioncam in-áirithe an méid atá le feiceáil ar d’Fhéinmheasúnú An Ráiteas nó An Ráiteas ar an Dliteanas (P21 roimhe seo).

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F15-F16

F15. Ar íoc tú aon ranníocaíochtaí pinsin in 2023? (Ná cuir asbhaint pinsin na hearnála poiblí ná aon asbhaint pinsin a rinneadh ag an bhfoinse í san áireamh).

Ceadaímid asbhaint le haghaidh ranníocaíochtaí le scéimeanna pinsin agus táirgí pinsin nó scoir, mar shampla, Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (PRSA) nó Conradh Blianachta Scoir (RAC), a íoctar sa tréimhse thagartha amháin, laistigh de na teorainneacha atá ceadaithe na Coimisinéirí Ioncaim, ach eisímid aon ranníocaíochtaí ‘neamh-mhaolaithe' ar tugadh ar aghaidh iad ó bhlianta roimhe seo.

Ceadaímid asbhaint do thobhach pinsin na seirbhíse poiblí freisin.

Cuir isteach na ranníocaíochtaí pinsin nó scoir ar ceadaíodh iad chun críocha cánach ioncaim do 2023 mar atá léirithe ar do Ráiteas Féinmheasúnaithe Ioncaim nó Ráiteas ar Inbhuanaitheacht (P21 roimhe seo), tar éis duit aon ranníocaíochtaí ‘neamh-mhaolaithe’ a asbhaint ó bhlianta roimhe seo.

F16. Ar tháinig athrú buan ar do chúinsí maidir leis an ioncam in-áirithe idir 2023 agus seo? Cuir síos sonraí faoi cad é an t-athrú buan seo ar do chúinsí, le do thoil.

Má thagann laghdú ar d’ioncam, nó ioncam do thuismitheora, do chaomhnóra dlíthiúil, do chéile, do chomhpháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheora, de réir mar is infheidhme, idir an 1 Eanáir agus deireadh na bliana acadúla 2024/25, agus gur dóchúil é go leanfar leis an titim ioncaim sin ar feadh ré an chúrsa cheadaithe nó go ceann i bhfad, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú a bheith déanta ar do iarratas ar diúltaíodh é nó gur bronnadh páirt-dheontas ort ina leith roimhe seo.

Más rud é nach bhfuil foirm iarratais ar dheontas mac léinn críochnaithe agat don bhliain acadúil 2024/25 agus go bhfuil d’ioncam anois laistigh de na teorainneacha sonraithe, d’fhéadfá iarratas a dhéanamh ar dheontas mac léinn mar gheall ar athrú ar chúinsí agus déanfar é a mheas bunaithe ar d’ioncam reatha (2024) seachas ar d’ioncam sa bhliain thagartha (2023). Déanfaimid athmheasúnú ar d’iarratas don bhliain acadúil 2025/26, mar sin féin, áfach. Beidh an t-athbhreithniú seo bunaithe ar d’ioncam sa tréimhse thagartha don bhliain acadúil 22024/25 (i.e. 2023)

Beidh an leathanach seo a leanas ar taispeáint ionas gur féidir faisnéis bhreise a chur isteach (más gá) maidir le Cuid D den fhoirm iarratais.

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F15-F16 CIC

F16. Faisnéis Bhreise

Ag seo, cuir isteach aon nótaí breise a mheasann tú a bheith tábhachtach maidir le measúnú ar d’iarratas ar dheontas. Ba cheart an réimse seo de théacs saor a úsáid chun aon fhaisnéis thábhachtach, nó chun an fhaisnéis thábhachtach uile, a bhaineann le d’iarratas a chur in iúl nach bhféadfaí é a ghabháil sna Codanna idir Cuid A agus Cuid F a d’fhéadfadh a bheith ábhartha.

Mar shampla, d’fhéadfadh tuismitheoir a bheith scartha agus ag maireachtáil le páirtí ag an seoladh baile. Braitheann an teaghlach ar thacaíocht airgeadais ón fhostaíocht atá ag an pháirtí/íocaíocht ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta & Coimirce Sóisialaí (RGFCS). Tabhair sonraí faoi i gcuid F16, le do thoil.

Mar shampla eile de, d’fhéadfadh Athrú buan ar Chúinsí a lua a d’fhéadfadh athbhreithniú a bheith de dhíth le dhéanamh ar ioncam reatha seachas ar an ioncam sa tréimhse thagartha, is é sin le rá 2023. Féadfar go raibh duine éigin sa líon tí ag obair in 2023 a rinneadh é ina iomarcach ó shin le linn 2024. Tabhair sonraí faoi i gcuid F16, le do thoil.

Tar éis duit Cuid F a bheith líonta agat ina hiomláine, tabharfar achoimre duit ar an bhfaisnéis uile atá curtha isteach agat, agus is féidir leat í a leasú, más gá.

Pictiur de Applicant Income summary

Tar éis ioncam an iarratasóra a dhearbhú/a leasú, ní mór na sonraí pearsanta agus ioncaim i ndáil le gach uile pháirtí eile san iarratas (máthair/athair/caomhnóir dlíthiúil/céile srl.) a bheith líonta isteach

 

Pictiur de Partithe eile (other parties)

Ní mór an t-údarú chun sonraí pearsanta a sholáthar a chríochnú ag an bpointe sin.

 

Pictiur de Other Parties authorisation

Nuair atá an t-údarú deimhnithe, caithfidh na sonraí pearsanta le haghaidh na páirtithe eile go léir (máthair/ athair/ caomhnóir dlíthiúil/ céile) a bhaineann leis an iarratas a líonadh isteach.

Pictiur de Other parties D1-D8

Ansin caithfidh na ceisteanna ioncaim idir F1 agus F16 a chríochnú i ndláil le gach páirtí eile san iarratas.

Pictiur de Ioncam (Iarratstoir) F1-F3

 

 

 

Nuair atá sonraí gach duine “críochnaithe”, féadfar duit an cnaipe Validate Application (nó ‘Bailíochtaigh an tIarratas’) thíos a chliceáil chun leanúint ar aghaidh go dtí na céimeanna deiridh sula gcuireann tú an t- iarratas faoi bhráid SUSI lena phróiseáil.

 

image of irish other parties second entry validate and submit

Taispeánfar achoimre ar Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI duit. Caithfidh tú a chur in iúl go bhfuil sé léite agat agus go n-aontaíonn tú leis an Ráiteas Cosanta Sonraí ina iomláine. Caithfidh gach duine atá ainmnithe ar an bhfoirm iarratais a dhearbhú go bhfuil an ráiteas léite acu agus go dtuigeann siad an t-ábhar atá ann.

 

 

Image of Irish Submit application

Is féidir leat cliceáil anois ar an gcnaipe ‘CUIR IARRATAS ISTEACH. Leis sin, beidh d’iarratas curtha isteach chuig SUSI ar líne. Déantar d’iarratas a chur isteach le bheith próiseáilte nuair a roghnaíonn tú ‘Ar aghaidh’. Nuair a chuirtear isteach é, beidh tú in ann do chuid sonraí teagmhála a athrú sa chuid faoi ‘Do Chuid Sonraí Pearsanta’ ar an bpríomh-roghchlár a úsáid.

 

Image Irish Application Submitted

 

Tabhair do d’aire: Ní bheidh tú in ann aon chuid den iarratas a leasú. Déanfar d’iarratas a mheas de réir na faisnéise a chuir tú ar fáil tar éis duit cuir isteach a chliceáil. Gheobhaidh tú dearbhú fo bhfuarthas d’aighneacht trí ríomhphost a chuirfear chuig do sheoladh ríomhphoist cláraithe.

Más rud é nach bhfaigheann tú ríomhphost ina deimhnítear go bhfuil d’iarratas curtha isteach i gceart laistigh de 24 uair an chloig, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Deasc Tacaíochta SUSI.

Nuair a logálann tú isteach i do chuntas ba cheart duit an scáileán nascleanúna seo a leanas a fheiceáil ina liostálfar d’uimhir thagartha iarratais, an cineál iarratais atá ann, an dáta ar cuireadh isteach é, an dul chun cinn maidir leis an aighneacht agus stádas na haighneachta.

Is é an scáileán seo áit ar féidir leat dul chun cinn d’iarratais a fheiceáil faoi “Stádas aigneachtha”.

Is féidir leat sonraí a chur in eagar freisin, sonraí bainc agus Foirm Fógra um Athrú Cúrsa a chur isteach (má iarrtar orthu) agus sonraí d’íocaíochtaí a fheiceáil (má bhronntar / nuair a bhronntar é leat).

 

PIctiur de Rianaire Iarratais Tracker Edit application