Conas do Chinneadh Deontais a Athbhreithniú
Mura bhfuil tú sásta le toradh d’iarratais deontais, is féidir leat athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg bunaithe ar na pointí seo a leanas.
- Ráta Cóngarach/Neamhchóngarach (an fad idir an coláiste/an teach)
- Athmheasúnú ar Ioncam Iomlán do Theaghlaigh (má bhraitheann tú go ndearnadh measúnú mícheart air seo)
- Ráta Deontais Speisialta
- Athrú ar Chúinsí mar thoarah ar:
Cailleadh Fostaíochta/Laghdú Buan ar Thuarastal
Scor
Scor Gnó (má tá tú féinfhostaithe)
Stádas Náisiúntachta nó Inimirce
Líon na gcleithiúnaithe linbh a chónaíonn sa teaghlach
Tá siblín i mbun cúrsa breisoideachais nó ardoideachais
Athrú Cúrsa
Tháinig athrú ar do ghnátháit chónaithe bhuan
Tabhair faoi deara, le do thoil, má tá iarratas athbhreithnithe nó achomhairc curtha isteach agat chuig SUSI cheana féin, ba chóir duit fanacht go dtí go gcuirfear an toradh in iúl duit sula gcuirfidh tú iarratas nua isteach.
Iarr Athbhreithniú
Más mian leat athbhreithniú a iarraidh ar do chinneadh deontais, lean na céimeanna thíos.
- Logáil isteach ar thairseach mic léinn.
- Roghnaigh ‘M’Iarrataí’ ón leathanach baile.
- Roghnaigh ‘Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas’.
- Roghnaigh bliain acadúil.
- Roghnaigh forais athbhreithnithe agus tabhair cur síos iomlán ar an gcúis le hathbhreithniú.
- Uaslódáil aon doiciméid a d’fhéadfadh a bheith agat chun tacú le d’iarratas ar athbhreithniú (trí chomhad ar a mhéad).
- Brúigh an cnaipe “Cuir Isteach” chun an t-iarratas a sheoladh chuig SUSI.
Gheobhaidh tú teachtaireacht ag dearbhú go bhfuil d'iarratas curtha isteach agus déanfar é a athbhreithniú in am trátha.
Má thagann athrú ar an gcinneadh bunaidh maidir le do dheontas ó d’athbhreithniú, cuirfear thú ar an eolas faoi seo agus déanfar na leasuithe cuí ar d’iarratas.
Mura dtagann aon athrú ar do chinneadh deontais bunaidh mar thoradh ar d’iarratas ar athbhreithniú, cuirfear é seo in iúl duit.
Tabhair faoi deara, le do thoil, má tá iarratas athbhreithnithe nó achomhairc curtha isteach agat chuig SUSI cheana féin, ba chóir duit fanacht go dtí go gcuirfear an toradh in iúl duit sula gcuirfidh tú iarratas nua isteach.