Do Dheontas Iarratais a Athnuacha
Déantar athbhreithniú gach bliain ar dheontais mac léinn a bhronntar faoin Scéim Deontais Mhac Léinn. Má bhí deontas agat ó SUSI in 2022/2023 agus má tá tú ag leanúint ar aghaidh le do chuid staidéir sa chúrsa céanna i mbliain acadúil 2023/2024, déanfaidh SUSI teagmháil leat ar ríomhphost meabhrú duit d’iarratas ar dheontas a athnuachan
Tabhair faoi deara na rudaí a leanas, le do thoil, áfach:
- má chríochnaigh tú cúrsa roimhe seo (e.g. cúrsa tríú leibhéal ar leibhéal 7) agus má tá iarratas á dhéanamh agat ar chúrsa forlíonta bliana do bhliain reatha acadúil 2023/2024 (e.g. cúrsa forlíontach bliana leibhéal 8), beidh ort iarratas nua a dhéanamh.
- má rinne tú cinneadh chun do chúrsa nó do choláiste a athrú nó má tá cúrsa nua á thosú agat beidh ort iarratas nua a dhéanamh.
Conas do Dheontas Iarratais a Athnuacha
Céim 1 Déan Iarratas
- Logáil isteach ar do thairseach mic léinn SUSI trí úsáid a bhaint as d’ainm úsáideora, pasfhocal agus uimhir aitheantais phearsanta.
- Roghnaigh an rogha “Iarratas ar Dheontas”
- Má theastaíonn aon chabhair uait le d’iarratas athnuachana a chomhlánú, is féidir leat féachaint ar an
Céim 2 Litir Freagartha a Fháil ó SUSI
Bunaithe ar an bhfaisnéis a sholáthraítear i d’fhoirm iarratais ar líne, gheobhaidh tú ceann amháin den mhéid a leanas
- Litir Bhronnta (mura dteastaíonn aon cháipéisíocht/ghníomh breise uait). Eisítear an litir seo duit ina gcuirtear deontas ar tairiscint duit agus ina dtugtar chun solais na céimeanna breise is gá duit a ghlacadh.
- Litir Dhiúltaithe (ina sonraítear an chúis/na cúiseanna a bhí leis an diúltú). Eisítear an litir seo duit ina luaitear go ndiúltaítear deontas a thabhairt duit. Chomh maith leis sin, tabharfar chun solais sa litir seo na céimeanna breise is féidir leat a ghlacadh más mian leat athbhreithniú nó achomharc ar an gcinneadh faoi do dheontas a iarraidh. Tugtar cuntas ar na céimeanna seo, chomh maith, i bpróisis Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas nó Achomharc a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas.
- Litir Sheicliosta a iarrann cáipéisí nua tacaíochta (má theastaíonn aon chinn). Ní mór duit na cáipéisí a sholáthar a iarrtar lena chur ar ár gcumas próiseáil d’iarratais a chríochnú.