Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas

Athbhreithniú a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas

Conas do Chinneadh Deontais a Athbhreithniú 

Mura bhfuil tú sásta le toradh d’iarratais deontais, is féidir leat athbhreithniú ar an gcinneadh a lorg bunaithe ar na pointí seo a leanas.

  • Ráta Cóngarach/Neamhchóngarach (an fad idir an coláiste/an teach)
  • Athmheasúnú ar Ioncam Iomlán do Theaghlaigh (má bhraitheann tú go ndearnadh measúnú mícheart air seo)
  • Ráta Deontais Speisialta
  • Athrú ar Chúinsí
  • Cailleadh Fostaíochta/Laghdú Buan ar Thuarastal
  • Scor
  • Scor Gnó (má tá tú féinfhostaithe)
  • Stádas Náisiúntachta nó Inimirce
  • Líon na gcleithiúnaithe linbh a chónaíonn sa teaghlach
  • Tá siblín i mbun cúrsa breisoideachais nó ardoideachais
  • Athrú Cúrsa
  • Tháinig athrú ar do ghnátháit chónaithe bhuan

Iarr Athbhreithniú

Féadfaidh tú athbhreithniú ar an gcinneadh a iarraidh trí theagmháil a dhéanamh le Deasc Tacaíochta ag 0818 888 777 nó ríomhphost a sheoladh chuig support@susi.ie

Cuir an oiread eolais agus is féidir ar fáil maidir leis an gcúis, dar leat, nach bhfuil an cinneadh ceart déanta. Féadfaidh tú litir a fháil níos déanaí ag iarraidh cáipéisí breise chun tacú le haon fhaisnéis a thugtar.

Má thagann athrú ar an gcinneadh bunaidh maidir le do dheontas ó d’athbhreithniú, cuirfear thú ar an eolas faoi seo agus déanfar na leasuithe cuí ar d’iarratas.