Achomharc a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas

Achomharc a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas

Achomharc a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas

Mura bhfuil tú sásta le toradh d’iarratais deontais, is féidir leat an cinneadh a achomharc chuig SUSI bunaithe ar na pointí seo a leanas. Ní mór go mbeadh an t-achomharc faighte ag SUSI laistigh de 30 lá i ndiaidh do chinneadh deontais bhunaidh a eisiúint.

Cailleadh Fostaíochta/Laghdú Buan ar Thuarastal

Scor

Scor Gnó (má tá tú féinfhostaithe)

Stádas Náisiúntachta nó Inimirce

Líon na gcleithiúnaithe linbh a chónaíonn sa teaghlach

Tá siblín i mbun cúrsa breisoideachais nó ardoideachais

Athrú Cúrsa

Tháinig athrú ar do ghnátháit chónaithe bhuan

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mór duit cinneadh deiridh a bheith faighte agat ó SUSI sula ndéanann tú iarratas ar achomharc.

Conas is féidir liom Achomharc a chur faoi bhráid SUSI?

Más mian leat achomharc a dhéanamh, lean na céimeanna thíos.

  • Logáil isteach ar thairseach mic léinn.
  • Roghnaigh ‘M’Iarrataí’ ón leathanach baile.
  • Roghnaigh ‘Achomharc a dhéanamh ar an gCinneadh faoi do Dheontas’.
  • Roghnaigh bliain acadúil.
  • Roghnaigh forais achomhairc agus tabhair cur síos iomlán ar an gcúis leis an achomharc.
  • Uaslódáil aon doiciméid a d’fhéadfadh a bheith agat chun tacú le d’achomharc (trí chomhad ar a mhéad).
  • Brúigh an cnaipe “Cuir Isteach” chun an t-iarratas a sheoladh chuig SUSI.

Gheobhaidh tú teachtaireacht ag dearbhú go bhfuil d'iarratas curtha isteach agus déanfar é a athbhreithniú in am trátha.

Tabharfaidh an tOifigeach Achomhairc fógra i scríbhinn duit faoin gcinneadh a dhéanfar ar d’achomharc laistigh de 30 lá.

 

Tabhair faoi deara, le do thoil, má tá iarratas athbhreithnithe nó achomhairc curtha isteach agat chuig SUSI cheana féin, ba chóir duit fanacht go dtí go gcuirfear an toradh in iúl duit sula gcuirfidh tú iarratas nua isteach.

Achomharc a Dhéanamh leis an mBord Achomhairc leith Deontais Mac Léinn (BADML)

Mura bhfuil tú sásta le toradh an achomhairc, is féidir leat achomharc a chur faoi bhráid Bhord Achomhairc na nDeontais do Mhic Léinn (BADML). Ní féidir an t-achomharc seo a dhéanamh ach nuair atá do chinneadh achomhairc faighte agat, i scríbhinn, ó Oifigeach Achomharc SUSI.

Cuirfear comhairle ort trí chinneadh i scríbhinn an Oifigigh Achomhairc maidir le conas achomharc a chur faoi bhráid BADML. Tá eolas maidir leis an bpróiseas seo le fáil ar a shuíomh gréasáin freisin.

Tugtar 60 lá don Bhord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn chun cinneadh a dhéanamh ar d’achomharc agus cuirfear ar an eolas thú i scríbhinn ar a gcinneadh.

Déantar foráil san Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 go ndéanfaidh duine achomharc ar chinneadh an Bhoird Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn leis an Ard-Chúirt i gcoinne cinnidh ar phointe sonraithe dlí.