Déan iarratas roimh an 9 Iúil le haghaidh Measúnú Tosaíochta
Is é Déardaoin, an 9 Iúil 2026 an spriocdháta tosaíochta le haghaidh iarratas nua.
Má chuireann tú d’iarratas isteach ar an dáta seo nó roimhe, gheobhaidh tú measúnú tosaíochta.
Leanfaidh SUSI ag glacadh le hiarratais ar mhaoiniú mac léinn tar éis an 9 Iúil 2026, ach ní thabharfar tús áite do na hiarratais seo.
Cuimhnigh:
- Chun iarratas a dhéanamh, ní gá go mbeidh torthaí na hArdteistiméireachta agat ná cúrsa a bheith glactha agat. Is féidir leat sonraí an chúrsa is mian leat a dhéanamh a sholáthar agus do rogha cúrsa a nuashonrú ar líne níos déanaí.
- Tá roinnt athruithe tugtha isteach do 2026/27, lena n-áirítear méadú ar an méid is féidir le mac léinn a thuilleamh lasmuigh den téarma scoile agus méadú ar an tairseach ioncaim don deontas €500 do Mhic Léinn.
Roimh duit Iarratas a dhéanamh
- Seiceáil na critéir incháilitheachta
- Faigh tuairim maidir le d’incháilitheacht lenár dTáscaire Incháilitheachta.
- Féach cad iad na deontais atá ar fáil.
deireadh