Má tá tú ag leanúint ort agus ag dul ar aghaidh ar an gcúrsa céanna sa bhliain acadúil 2025/26, ba chóir duit iarratas a dhéanamh chun deontas a athnuachan 12.00 meán lae ó 5 Márta 2026. Is é 11 Meitheamh 2026 an spriocdháta chun iarratas athnuachana ar dheontas a dhéanamh.
Má tá tú ag déanamh bliain arís ar an gcúrsa céanna, ní bheidh tú i dteideal maoinithe a fháil mura bhfuil cúinsí eisceachtúla i gceist.
Má tá aon cheist agat agus tú ag déanamh d’iarratas athnuachana ar dheontas, féach ár dtreoir maidir le hiarratas athnuachana a dhéanamh.
Nuair a bheidh d’iarratas á phróiseáil againn, déanfaimid tagairt d’aon eolas a tugadh dúinn in iarratais a rinneadh roimhe seo, ach tabhair do d’aire, le do thoil, go bhféadfadh sé tarlú go mbeidh tuilleadh fianaise doiciméadaí ag teastáil uainn.
Ba chóir duit iarratas nua ar dheontas a dhéanamh nuair a osclóidh SUSI le haghaidh iarratas nua ar 12.00 meán lae ó 1 Aibreán 2026 más amhlaidh:
- Go bhfuil do chúrsa críochnaithe agat, nó
- Go mbeidh tú ag athrú do chúrsa nó do choláiste, nó
- Go mbeidh tú ag tosú ar chúrsa nua, lena n-áirítear bliain fhorlíontach, sa bhliain acadúil 2026/267 nó
- Gur chuir tú d’iarratas ar dheontas ar ceal, gur éirigh tú as do chúrsa, nó gur chuir tú siar do chuid staidéir sa bhliain 2025/26.
Agus má tá tú:
- Ag dul ar aghaidh i d’oideachas chun cúrsa a dhéanamh atá ag leibhéal níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, agus
- I dteideal deontas a fháil faoi réir na huastréimhsí a bhaineann le deontais.
Is é 9 Iúil 2026 an spriocdháta tosaíochta d’iarratais nua ar dheontais. Tabhair do d’aire – is éard a chiallaíonn “cúrsa nó an coláiste a athrú nó tosú ar chúrsa nua” ná dul ar aghaidh:
- Ó chúrsaí iar-Ardteistiméireachta Leibhéal 5 go dtí Leibhéal 6, lena n-áirítear laistigh den chúrsa céanna,
- Ó chúrsa iar-Ardteistiméireachta go dtí cúrsa ardoideachais,
- Ó chúrsa fochéime leibhéal 6 nó 7 go dtí cúrsa “forlíontach” ag leibhéal 7 nó 8,
- Ó chúrsa fochéime go dtí cúrsa fochéime eile,
- Ó staidéir fhochéime to dtí staidéir iarchéime, lena n-áirítear laistigh den chúrsa céanna, agus
- Ó chúrsa iarchéime go dtí cúrsa iarchéime eile.
Má tá ceist agat agus tú ag déanamh d’iarratas nua ar dheontas, féach ár treoir faoi iarratas nua a dhéanamh.
Seolfaidh SUSI ríomhphost chuig mic léinn a fuair deontas sa bhliain acadúil 2025/26 ina n-inseofar dóibh ar chóir dóibh iarratas nua a dhéanamh nó iarratas athnuachana, de réir ár dtaifead. Iarrfaidh SUSI ort iarratas nua a dhéanamh sna cúinsí seo a leanas:
- tá an bhliain dheiridh de do chúrsa reatha críochnaithe agat agus tá tú ag tosú ar chúrsa nua in 2026/27, nó
- tá an maoiniú do mhic léinn atá ar fáil duit, don leibhéal ina bhfuil tú anois, ídithe agat.
Má fhaigheann tú ríomhphost faoi iarratas nua ó SUSI ach tá tú ag leanúint ort agus ag dul aghaidh ar an gcúrsa céanna sa bhliain acadúil 2026/27, déan teagmháil linn tar éis 12.00 meán lae ó 5 Márta 2026, le do thoil, chun iarratas athnuachana a shocrú.
D’fhéadfadh sé tarlú nach bhfaighidh mic léinn fógra ríomhphoist uainn, mar shampla, más amhlaidh go bhfuil bhfuair said deontas 2025/26 i ndiaidh Feabhra 2026. Déan teagmháil linn ag support@susi.ie chun socrú a dhéanamh maidir le hiarratas athnuachana.
Fógraíodh roinnt bearta i mBuiséad 2026 a d’fhéadfadh tionchar a bheith acu ar an ráta deontais a bheidh tú incháilithe do i 2026/27
-
Méadóidh na rátaí cothabhála neamh-chomharsanacha mar seo a leanas:
|
Ráta Neamhchóngarach |
Sochar iomlán do mhac léinn in 2026/27 |
Ráta nua ó Mheán Fómhair 2026 |
|
Ráta Speisialta |
€350 |
€7,936 |
|
Banda 1 |
€430 |
€4,722 |
|
Banda 2 |
€200 |
€3,532 |
|
Banda 3 |
€200 |
€2,702 |
|
Banda 4 |
€200 |
€1,866 |
- Méadóidh tairseach ioncaim an deontais Ráta Speisialta Cothabhála ó €27,400 go €28,600.
- Méadófar an tairseach ioncaim don Deontas Ranníocaíochta Mac Léinn €500 ó €115,000 go €120,000.
- Ní chuirfear an Liúntas Freastail Leanúnaí san áireamh agus ioncam inríofa iomlán teaghlaigh á ríomh.
- Ní chuirfear Sochar Míchumais a íoctar leis an iarratasóir san áireamh agus ioncam ináirithe iomlán teaghlaigh á ríomh.
Nuair a bheimid oscailte chun glacadh le hiarratais, is féidir leat tosú ar iarratas trí logáil isteach i do thairseach mic léinn SUSI. Beidh gá le d’ainm úsáideora, do phasfhocal agus do chód UAP. Má dhéanann tú dearmad ar do phasfhocail nó ar do chód UAP, lean na treoracha sna naisc ‘Tá dearmad déanta agam ar mo phasfhocal/mo chód UAP’ ar an leathanach logála isteach.

Má tá cuntas Fíoraithe MyGovID agat, bain úsáid as do MyGovID chun logáil isteach i do thairseach SUSI. Mura bhfuil cuntas Fíoraithe MyGovID agat agus má tá tuilleadh eolais uait, féach www.mygovid.ie.
Ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh a luaithe is féidir i ndiaidh an dáta oscailte agus roimh na spriocdhátaí tosaíochta, i.e. 11 Meitheamh 2026 le haghaidh iarratas athnuachana ar dheontais agus 9 Iúil 2026 le haghaidh iarratas nua.
Roimh duit iarratas a dhéanamh, déan tagairt do na Nótaí Tábhachtacha d'Iarratasóirí ar Dheontais agus na Critéir Incháilitheachta SUSI, go háirithe an leathanach Oideachas agus Dun Chun Cinn Roimhe Seo.