Conas Iarratas a Dhéanamh
Iarratas a Dhéanamh
Do threoir céim ar chéim maidir le hiarratas a dhéanamh ar mhaoiniú mac léinn.
-
Sula ndéanfaidh tú Iarratas
Fiosraigh na critéir incháilitheacha
Faigh léiriú ar d’incháilitheacht lenár dTascaire Incháilitheachta.
Féach cad iad na deontais atá ar fáil.
-
Cruthaigh do chuntas i do Tairseach Mac Léinn SUSI
Sula dtosaíonn tú ar d’iarratas, ní mór duit cuntas a chruthú i do thairseach mac léinn SUSI.
Iarrfar na rudaí seo a leanas ort:
Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP)
Ainm
Dáta breithe
Seoladh r-phoist
Uimhir Fóin
-
Cuir Isteach d’Iarratas
Seiceáil amach ár Treoir Foirme Iarratais 2022-23
Comhlánaigh an fhoirm. Cinntigh go gcuireann tú eolas iomlán cruinn ar fáil, go háirithe maidir le dáta breithe agus UPSPanna. Cuirfidh eolas mícheart moill ar phróiseáil d’iarratais.
Cuir isteach d’iarratas.
-
Cuir ar ais Doiciméid a Iarrtar
B’fhéidir go n-iarrfar ort doiciméid a sheoladh chugainn chun d’iarratas a chomhlánú.
Gheobhaidh tú litir le seicliosta ina sonraítear na doiciméid a iarrtar. Míneoidh ár dTreoirlínte Doiciméid na doiciméid a nglactar leo.
Bí cinnte na doiciméid a chur ar ais chomh luath agus is féidir.
-
Faigh do Chinneadh Deontais
Féadfar d’iarratas a bheith:
Bronnta
Eisítear litir bhronnta chugat ag tairiscint deontais duit agus ag leagan béime ar na céimeanna breise a chaithfidh tú a ghlacadh sular féidir do dheontas a íoc.
Diúltaithe
Eisítear litir dhiúltaithe chugat. Leagfaidh an litir seo béim freisin ar na céimeanna breise is féidir leat a ghlacadh más mian leat athbhreithniú a dhéanamh ar do chinneadh deontais nó achomharc a dhéanamh ina leith.
Leideanna d'iarratasóirí
- Déan d’iarratas a luaithe agus is féidir i ndiaidh an dáta oscailte.
- Cinntigh go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraíonn tú maidir le dátaí breithe, uimhreacha PSP srl. ceart d’fhonn moilleanna ar phróiseáil d’iarratais a sheachaint.
- Faigh amach cén aicme iarratasóra lena mbaineann tú– Iarratasóir Cleithiúnach, Cleithiúnach Aibí, nó Neamhspleách.
- Tá sé tábhachtach go gcuirfeá ar fáil do SUSI na cáipéisí uile a iarraimid ort, agus go gcuirfeá ar fáil i gceart an chéad uair agus in am iad. Má tá tuilleadh ama uait, téigh i dteagmháil lenár ndeasc chabhrach le muid a chur ar an eolas.
- Úsáid an rianaire iarratais i do tairseach mac léinn chun dul chun cinn an iarratais a sheol tú ar ais a rianú ag aon chéim.
- Agus cuimhnigh, ní mór duit d'iarratas a athnuachan do gach bliain de o chúrsa,