Ráiteas Inrochtainachta
Tá SUSI tiomanta dár láithreán gréasáin a dhéanamh inrochtana, de réir Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Inrochtaineacht Shuíomhanna Gréasáin agus Feidhmchláir Soghluaiste de chuid Chomhlachtaí san Earnáil Phoiblí) 2020.
Baineann an ráiteas inrochtaineacht seo le hábhar a fhoilsítear ar www.susi.ie
Stádas Comhlíonta
Comhlíonann an suíomh gréasáin seo go páirteach na Treoirlínte um Inrochtaineacht Ábhar Gréasáin 2.1 leibheál AA, mar gheall ar an ábhar neamh-inrochtana atá liostaithe thíos:
- Caithfear roinnt clibeanna agus tréithe ARIA a cheartú.
- D’fhéadfaí nach bhfuil lipéad ar roinnt eilimintí foirme fós.
- Níl rochtain mhéarchláir ar gach ábhar inscrollaithe faoi láthair.
- Níl gach nasc inaitheanta gan a bheith ag brath ar dhath.
- Níl ainm inrochtana ar gach nasc faoi láthair.
- Úsáidtear roinnt tréithe aitheantais níos mó ná uair amháin ar an leathanach gréasáin céanna faoi láthair.
- Níl struchtúr ceart ar roinnt liostaí.
- Níl teideal uathúil ag roinnt eilimintí fráma inlíne agus fráma chun cur síos a dhéanamh ar a bhfuil iontu do léitheoirí scáileáin.
- Níl an feidhmchlár seo a leanas go hiomlán inrochtana fós: Táscaire Incháilitheachta
Ní liosta iomlán é seo d’ábhar neamh-inrochtana.
Ábhar Díolmhaithe
Tá ábhar a foilsíodh roimh 23 Meán Fómhair 2018 díolmhaithe faoi Threoir an AE maidir le hInrochtaineacht Gréasáin.
Ullmhúchán an Ráitis Inrochtaineachta seo
Ullmhaíodh an ráiteas seo tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar líon samplach leathanach maidir le Critéir Ratha WCAG 2.1 AA ábhartha. Rinneadh an t-athbhreithniú trí fhéinmheasúnú a rinne SUSI i gcomhar lenár soláthraí suímh ghréasáin.
I measc na n-uirlisí a úsáideadh le linn an mheasúnaithe seo bhí: axe DevTools – Tástáil Inrochtaineachta Láithreáin, Dynomapper, WAVE Uirlis Mheasúnaithe Inrochtaineachta Gréasáin, uirlisí forbróra Chrome agus Adobe Acrobat Pro.
Táimid ag obair go leanúnach i dtreo inrochtaineacht ár suímh ghréasáin a fheabhsú.
Aiseolas agus Eolas Teagmhála
Tá foireann thiomanta Oifigeach Rochtana ag SUSI ar féidir leo cúnamh agus treoir a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas le linn an phróisis iarratais ar fad. Chun tacaíocht a iarraidh nó chun aiseolas a roinnt maidir le hinrochtaineacht an tsuímh ghréasáin seo, cuir ríomhphost chuig AccessOfficer@susi.ie nó iarr glao ar ais trínár nDeasc Tacaíochta ar 0818 888 777. Tá na línte ar oscailt ó Luan go hAoine, 9rn go 5.30in, gan laethanta saoire poiblí san áireamh.
Gearáin
Le haghaidh tuilleadh eolais faoi ghearán a chur isteach, téigh le do thoil chuig ár leathanach Gearáin nó cuir ríomhphost chuig complaints@susi.ie
Géarú an ghearáin
Mura bhfuil tú sásta le freagra SUSI ar do ghearán, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis na daoine seo a leanas:
Oifig an Ombudsman:
Seoladh: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
Fón: 01 639 5600
An Coimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre:
Seoladh: Teach Lansdún, Bóthar Lansdún, Baile Átha Cliath 4, D04 A3A8
Fón: 0818 80 80 90
Nuashonraíodh an ráiteas seo an 8 Márta 2023