Táimid Oscailte!
Tá SUSI oscailte anois d’iarratais nua don bhliain acadúil 2026/27. Déan iarratas anois mar táthar ag súil le líon ard iarratas sna míonna atá amach romhainn. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas iarratais téigh chuig conas iarratas a dhéanamh ar ár láithreán gréasáin.
Fógraíodh roinnt athruithe ar an Scéim Deontas Mac Léinn agus mar sin is fiú d’incháilitheacht a sheiceáil don bhliain atá le teacht.
Tuillimh Saoire
Tá méadú tagtha ar an méid is féidir le mac léinn a thuilleamh lasmuigh d’am téarma €8,424 to €8,830.
Tugtar Tuillimh Saoire air, agus is ioncam é seo a thuill iarrthóir a bhí san oideachas ó fhostaíocht lasmuigh d’am téarma laistigh den bhliain féilire roimhe sin.
Deontais Um Ranníocaíocht an Mhic Léinn
Tá an tairseach ioncaim don deontas um Ranníocaíocht an Mhic Léinn méadaithe ó €115,000 go dtí €120,000.
Tá méadú €500 tagtha ar an Deontas Ranníocaíochta Táillí Iarchéime go €4,500
Deontais Chothabhála
Mar a tugadh isteach i mí Eanáir 2026, mhéadaíodh na rátaí bliantúla do shealbhóirí deontas cothabhála neamh-chóngaracha atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí PLC, fochéime agus iarchéime mar seo a leanas:
- Méadú €350 ar Ráta Speisialta Neamh-Chóngarach
- Méadú €430 ar Ráta Neamh-Chóngarach Banda 1
- Méadú €200 ar Rátaí Neamh-Chóngarach Bandaí 2 go 4
Ráta Speisialta
Tá an tairseach ioncaim don Ráta Speisialta den deontas cothabhála méadaithe go €28,600 do theaghlach ina bhfuil níos lú ná ceathrar páistí cleithiúnacha.
Is íocaíocht incháilithe anois don Ráta Speisialta den deontas é Sochar Míchumais agus ní chuirfear san áireamh é agus ioncam inríofa iomlán teaghlaigh á ríomh.
Is íocaíocht incháilithe anois freisin é sochar pá-choibhneasa.
Sula ndéanfaidh tú Iarratas
- Féach ar ár gcritéir incháilitheachta.
- Faigh leid ar d’incháilitheacht lenár dTáscaire Incháilitheachta
- Féach cad iad na deontaisatá ar fáil.
Cuimhnigh:
- Déan iarratas go luath mar go bhfuiltear ag súil le líon ard iarratas sna míonna atá amach romhainn.
- Ní gá go mbeadh do thorthaí Ardteistiméireachta agat ná a bheith tar éis glacadh le cúrsa chun iarratas a dhéanamh. Is féidir leat sonraí an chúrsaí a bhfuil súil agat staidéar a dhéanamh air a thabhairt agus do rogha cúrsa a nuashonrú ar líne níos déanaí.