Buiséad 2026

Buiséad 2026

Beidh athruithe ar mhaoiniú do mhic léinn mar thoradh ar roinnt beart a fógraíodh i mBuiséad 2026.

Tiocfaidh athruithe maidir le rátaí deontais chothabhála neamhchóngaracha agus an deontas ranníocaíochta um tháillí iarchéime i bhfeidhm i mí Eanáir 2026 agus tiocfaidh bearta eile i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2026.

Tá na bearta go léir faoi réir reachtaíochta arna soláthar ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Féach thíos le haghaidh tuilleadh sonraí

Bearta Buiséid i bhfeidhm ó Eanáir 2026

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Gach duine a fhaigheann deontas cothabhála neamhchóngarach atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí PLC, fochéime agus iarchéime.

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn incháilithe?

Seo a leanas an méadú iomlán ar gach ráta deontais:

Ráta

Méadú Pro Rata ó Eanáir 2026

Luach Iomlán an Deontais Chothabhála atá ar fáil do BA 2025/26

Ráta Speisialta 

€194

€7,780

Banda 1

€239

€4,531

Banda 2

€111

€3,443

Banda 3

€111

€2,613

Banda 4

€111

€1,777

Cathain a gheobhaidh mic léinn incháilithe an íocaíocht mhéadaithe?

Tosóidh an méadú pro rata seo ó Eanáir 2026 i leith íocaíochtaí ó Eanáir go Bealtaine. 2026.

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Mic léinn iarchéime ar bronnadh deontas ranníocaíochta um tháillí iarchéime orthu.

Ní áirítear sa bheart seo mic léinn iarchéime a fhaigheann an Ráta Speisialta deontais agus ranníocaíocht táillí suas le €6,270.

 

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn incháilithe?

Gheobhaidh mic léinn incháilithe €500 breise i dtreo a ndeontais ranníocaíochta um tháillí iarchéime.

Cathain a gheobhaidh mic léinn incháilithe an íocaíocht mhéadaithe?

Íocfaidh SUSI an méid breise go díreach le coláiste an mhic léinn.

Bearta Buiséid i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2026

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Gach duine a fhaigheann deontas cothabhála neamhchóngarach atá ag déanamh staidéir ar chúrsaí PLC, fochéime agus iarchéime.

 

Cé mhéad breise a gheobhaidh mic léinn incháilithe?

Seo a leanas an méadú iomlán ar gach ráta deontais:

Ráta Neamhchóngarach

Sochar iomlán do mhac léinn in

2026/27

Ráta nua ó Mheán Fómhair

2026

Ráta Speisialta

€350

€7,936

Banda 1

€430

€4,722

Banda 2

€200

€3,532

Banda 3

€200

€2,702

Banda 4

€200

€1,866

Cathain a gheobhaidh mic léinn incháilithe an íocaíocht seo?

Tiocfaidh an méadú i bhfeidhm ó thús na bliana acadúla 2026/27.

Cad í an tairseach ioncaim nua don Deontas Ráta Speisialta?

Beidh méadú ar an tairseach ioncaim don Deontas Ráta Speisialta ó €27,400 go €28,600.

 

Cathain a thiocfaidh an méadú i bhfeidhm?

Tiocfaidh an méadú i bhfeidhm ó thús na bliana acadúla 2026/27.

Cé a bhainfidh tairbhe as?

Mic léinn fochéime incháilithe a bhfuil a n-ioncam teaghlaigh inríofa faoi bhun €120,000.

 

Cathain a thiocfaidh sé seo i bhfeidhm?

Tiocfaidh an méadú i bhfeidhm ó thús na bliana acadúla 2026/27.

Cad a chiallaíonn se seo?

Ní chuirfear Liúntas Freastail Leanúnaigh san áireamh agus ioncam inríofa iomlán an teaghlaigh á ríomh.

Ní chuirfear Sochar Míchumais a íoctar leis an iarratasóir san áireamh agus ioncam inríofa iomlán an teaghlaigh á ríomh.

 

Cathain a thiocfaidh sé seo i bhfeidhm?

Tiocfaidh sé i bhfeidhm ó thús na bliana acadúla 2026/27.