Íocaíochtaí

Íocaíochtaí

Dátaí Íocaíochta 2023/24

Déanfar an sceideal dáta íocaíochta don bhliain acadúil 2023/24 a nuashonrú in am trátha.

Dátaí Íocaíochta 2022/23

Micléinn Ardoideachas

Lena chinntiú go bhfaighidh tú do chéad íocaíocht a luaithe is féidir, déanann SUSI íocaíochtaí seachtainiúla ón gcéad íocaíocht sceidealaithe go dtí an Nollaig. Déantar íocaíochtaí ar an Déardaoin agus ní mór duit a bheith deimhnithe ag do choláiste go bhfuil tú cláraithe seachtain amháin ar a laghad roimh an gcéad íocaíocht eile.

Is féidir leat do dháta íocaíochta a fheiceáil ar líne i sceideal íocaíochta do thairseach mac léinn SUSI nuair a bheidh an íocaíocht próiseáilte.

Dátaí íocaíochta ardoideachais 2022/23

 

Íocaíocht

Dáta Íocaíochta

Íocaíocht 1

22 Meán Fómhair 2022

Íocaíocht 2

13 Deireadh Fómhair 2022

Íocaíocht 3

10 Samhain 2022

Íocaíocht 4

15 Nollaig 2022

Íocaíocht 5

12 Eanáir 2023

Íocaíocht 6

16 Feabhra 2023

Íocaíocht 7

16 Márta 2023

Íocaíocht 8

06 Aibreán 2023

Íocaíocht 9

11 Bealtaine 2023

Micléinn PLC

Lena chinntiú go bhfaighidh tú do chéad íocaíocht a luaithe is féidir, déanann SUSI íocaíochtaí seachtainiúla ón gcéad íocaíocht sceidealaithe go dtí an Nollaig.

Deimhníonn SUSI freastal le do choláiste gach mí ar a laghad seachtain amháin roimh an dáta íocaíochta sceidealta. Ní dhéanfar íocaíochtaí ach amháin nuair a bheidh freastal deimhnithe ag an gcoláiste.

Is féidir leat do dháta íocaíochta a fheiceáil i sceideal íocaíochta do thairseach mac léinn SUSI nuair a bheidh an íocaíocht próiseáilte.

Dátaí íocaíochta Ardteistiméireachtas 2022/23

 

Íocaíocht

Dáta Íocaíochta

Íocaíocht 1

20 Deireadh Fómhair 2022

Íocaíocht 2

17 Samhain 2022

Íocaíocht 3

15 Nollaig 2022

Íocaíocht 4

19 Eanáir 2023

Íocaíocht 5

23 Feabhra 2023

Íocaíocht 6

23 Márta 2023

Íocaíocht 7

20 Aibreán 2023

Íocaíocht 8

18 Bealtaine 2023

Íocaíocht 9

15 Meitheamh 2023

Ceisteanna Coitianta 

Beidh SUSI ag eisiúint íocaíochtaí seachtainiúla ó 22 Meán Fómhair 2022 go Nollaig 2022 chun a chinntiú go bhfaighidh gach mac léinn incháilithe atá cláraithe lena gcoláiste agus dearbhaithe ag a gcoláiste a ndeontas cothabhála. Déanfar íocaíochtaí ar an Déardaoin agus mar sin chun a fheiceáil go bhfuil íocaíocht le fáil agat i seachtain ar leith, seiceáil an sceideal íocaíochtaí sa chuid Mo Íocaíochtaí de do chuntas SUSI ar Déardaoin na seachtaine sin.

Má bhronntar d’iarratas tar éis an chéad dáta íocaíochta sceidealta nó má dheimhnítear do chlárúchán tar éis an chéad dáta íocaíochta sceidealta, gheobhaidh tú aon aisíocaíochtaí atá dlite i do chéad íocaíocht.

Sea, is féidir leat do chuid sonraí bainc a athrú nó a leasú i do thairseach mac léinn.

Ba cheart duit seachtain amháin ar a laghad a cheadú le go rachaidh an t-athrú i bhfeidhm roimh dháta íocaíochta sceidealta.

Ní féidir deontais chothabhála a íoc ach le mic léinn PLC sna cúinsí seo a leanas:

  1. Sa chás gur bronnadh d’iarratas agus go bhfuil litir dámhachtana faighte agat ó SUSI;
  2. Sa chás gur chuir tú do chuid sonraí bainc isteach trí do chuntas SUSI;
  3. Sa chás gur dheimhnigh an institiúid ar a bhfuil tú ag freastal tinreamh sásúil gach mí.

Má chríochnaigh tú tréimhse staidéir roimhe seo ag an leibhéal céanna nó níos airde le do chúrsa reatha bronnta, beidh tionchar aige ar mhéid an deontais cothabhála agus/nó na dtáillí a bhronntar ort. Ní íocfar tú as na míonna a chríochnaigh tú roimhe seo.

Sampla: Rinne tú 3 mhí de chúrsa leibhéal 7 roimhe seo. Tá tú ag cur isteach anois ar dheontas do chúrsa leibhéal 7 difriúil. Chomh fada is go gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta go léir, ní bheidh tú incháilithe ach do 6 íocaíocht in ionad na 9 n-íocaíocht iomlán agus beidh ort ath-thréimhse staidéir 3 mhí a chríochnú sular féidir leat do chéad íocaíocht a fháil.

Íoctar Deontais táillí go díreach leis an gcoláiste/institiúid ar do shon.

Íoctar Deontais chothabhála isteach i do chuntas bainc trí aistriú leictreonach ciste (EFT) i naoi dtráthchuid.

Chun íocaíocht deontais a fháil, ní mór duit:

  1. Dámhachtain deontais nó litir athnuachana deontais a bheith faighte agat ó SUSI;
  2. A bheith cláraithe le do choláiste don bhliain acadúil nua;
  3. Deimhnithe le SUSU ag do choláiste go bhfuil tú cláraithe don bhliain acadúil nua seachtain amháin ar a laghad roimh an gcéad dáta íocaíochta eile. Iarrfaidh agus caithfidh SUSI dearbhú maidir le freastal leanúnach a fháil ag pointí éagsúla i rith na bliana acadúla. Ní dhéanfar íocaíochtaí ach amháin nuair a bheidh freastal leanúnach deimhnithe ag an gcoláiste agus
  4. Chuir tú do shonraí bainc ar fáil trí do thairseach mic léinn SUSI