Aisíocaíochtaí

Aisíocaíochtaí

Beartas Aisíocaíochtaí

Sa chás go ndéantar aon ró-íocaíocht deontais, tá dualgas ar SUSI aisíocaíocht a lorg ón mac léinn nó ón institiúid. D’fhéadfadh an deontas cothabhála agus ranníocaíocht an mhic léinn nó táillí eile a íoctar le hinstitiúid ar do shon a bheith i gceist le ró-íocaíocht.

Tabharfar faoi ró-íocaíochtaí a aisghabháil i gcomhréir leis an méid seo a leanas:

  • Alt 24(1-3) den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011
  • An t-airteagal ábhartha den Scéim Deontais do Mhic Léinn den bhliain acadúil ábhartha

Próiseas Aisíocaíochta

Nuair a chuirtear ró-íocaíocht ar shúile SUSI, déanfaidh SUSI an méid seo a leanas:

  • Cuirfear tú ar an eolas maidir leis an gcinneadh do dheontas a choigeartú nó do dheontas a chealú.
  • ansin scríobhfar chugat, an mac léinn, ina gcuirfear ar an eolas go foirmiúil thú ar mhéid na ró-íocaíochta agus ina n-iarrfar aisíocaíocht
  • Tá dhá rogha agat chun aisíocaíochtaí a dhéanamh -

Rogha 1 – Déan aisíocaíochtaí ar líne i do thairseach mic léinn SUSI. Is féidir leat aisíocaíocht aonuaire a dhéanamh den mhéid iomlán, nó aisíocaíochtaí páirteacha faoi réir luach íosta €20.00 in aghaidh an aisíocaíochta. Is é trí bliana an téarma aisíocaíochta uasta. Logáil isteach ar do thairseach mic léinn ag www.susi.ie le do thoil chun sonraí do chárta a chur isteach.

Rogha 2 – Déan iarratas ar íocaíocht a dhéanamh i dtráthchodanna trí aistriú bainc. Comhlánaigh Foirm Aisíocaíochta Deontais Download PDF agus seol ar ais chuig SUSI í laistigh de choicís.

A luaithe is a sheolfaidh tú d’Fhoirm um Roghanna Aisíocaíochta Deontais ar ais ina bhfuil téarmaí aisíocaíochta a mheasann SUSI atá inghlactha, eiseofar Ráiteas ar Théarmaí agus Coinníollacha Comhaontaithe duit ina ndeimhneofar an méid seo a leanas

  •         An méid iomlán atá le haisíoc
  •         Líon, méid agus minicíocht na dtráthchodanna atá le haisíoc
  •         Sonraí bainc SUSI.

Ní gá duit Foirm Aisíocaíochta Deontais a chomhlánú más mian leat íoc ar líne.

Sa chás go bhfuil an íocaíocht deiridh faighte, eiseoidh SUSI deimhniú i scríbhinn maidir leis na híocaíochtaí ar fad.