Beartas na Meán Sóisialta

Beartas na Meán Sóisialta

Beartas faoi Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta

Cúlra agus Cuspóir

Is é SUSI an túdarás bronnta aonair do gach iarratas nua a dhéanann mic léinn ón mbliain 2012 i leith. Rinne SUSI an cinneadh chun Clár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta a sheoladh chun cabhair a thabhairt d’fheabhas a chur ar chumarsáid lena pháirtithe leasmhara éagsúla. Leagtar amach i gClár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta seo an cuspóir agus na paraiméadair le haghaidh oibriú laethúil an chláir sin.

Is é cuspóir Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta chun infheictheacht SUSI a mhéadú agus chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal agus le gach páirtí leasmhar.

Bainistíocht laethúil Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta

Agus treorú foriomlán Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta, agus freagracht foriomlán as an gClár á gcoimeád aige, údaraíonn bainistíocht shinsearach SUSI a fhoireann Mheán Sóisialta chun an Clár sin a bhainistiú ar bhonn laethúil.

Foirmeacha na Meán Sóisialta atá le húsáid

Tabharfaidh SUSI faoi Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta, tríd an méid a leanas:

Ní dhéanann na leathanaigh, na cuntais nó na grúpaí (seachas iad siúd atá liostaithe thuas) ar a bhfuil ainm SUSI ionadaíocht do SUSI. Féadfaidh SUSI a chinneadh chun foirmeacha breise/eile de na meáin shóisialta a úsáid amach anseo, agus déanfar an beartas seo a nuashonrú ag an bpointe sin.

An Láithreán Gréasáin

Mar chuid de Chlár Rannpháirtíochta na Meán Sóisialta SUSI, soláthróidh sé faisnéise a bhaineann lena obair trína láithreán gréasáin (www.susi.ie).

Facebook

Úsáidfidh SUSI a chuntas Facebook chun teachtaireachtaí ábhartha a chur in iúl lena pháirtithe leasmhara agus féadfaidh sé idirchaidreamh díreach a dhéanamh le mic léinn, sa chás go measann SUSI gur cuí amhlaidh a dhéanamh.

X

Úsáidfidh SUSI a chuntas X chun teachtaireachtaí ábhartha a chur in iúl lena pháirtithe leasmhara agus féadfaidh sé idirchaidreamh díreach a dhéanamh le mic léinn, sa chás go measann SUSI gur cuí amhlaidh a dhéanamh.

Is tábhachtach an méid a leanas a thabhairt faoi deara:

  • Ní óstach SUSI do Facebook nó X agus ní bheidh sé freagrach as aon ábhar a uaslódáil nó as aon ráitis neamhchruinne nó chlúmhillteacha a fhoilsiú ar a chunta(i)s ag aon tríú páirtí.

Nóta: Déanann dlí an chlúmhillte dliteanas a leagan ar fhoilsitheoir ráitis chlúmhilltigh, i.e. is é seo an duine a dhéanann an ráiteas nó, i gcásanna áirithe ar an idirlíon, an t-aonán a dhéanann an ráiteas clúmhillteach a óstáil.

  • Ní bheidh dualgas ar SUSI chun aon duine dá chairde/lucht leanúna a leanúint. Má leanann cairde SUSI cuntas Facebook/X, ní chuirfidh sin aon saghas formhuinithe in iúl.

Cosaint Sonraí

Féadfaidh SUSI faisnéis phearsanta a iarraidh trí bhealaí príobháideacha laistigh de Chlár Rannpháirtíochta Meán Sóisialta SUSI, mar shampla teachtaireachtaí príobháideacha ar a chuntas X. Níor cheart don phobal aon fhaisnéis phearsanta a chur in airde go poiblí, agus má dhéanann siad amhlaidh, déantar é sin ar a bpriacal féin.

Cód Iompair na Meán Sóisialta

Tá an ceart ag SUSI chun aon úsáideoir(í) a bhlocáil, agus aon ábhar a bhaint, ar a chainéil Mheán Sóisialta nach bhfuil ar aon dul leis an mbeartas seo.

Athbhreithniú ar Bheartas

Déanfaidh SUSI an beartas seo a athbhreithniú i gcaitheamh ama i gcomhthéacs aon leasuithe leanúnacha ar nós imeachta oibríochtúil.