Déan iarratas roimh an 10 Iúil 2025 le haghaidh Measúnú Tosaíochta.

Déan iarratas roimh an 10 Iúil 2025 le haghaidh Measúnú Tosaíochta.

  • 23 Meitheamh 2025
  • Nuacht

Déan iarratas roimh an 10 Iúil 2025 le haghaidh Measúnú Tosaíochta.

Is é dáta deiridh tosaíochta SUSI d’iarratais nua ná 10 Iúil 2025. Ma chuireann tú d’iarratas isteach ar an dáta seo nó roimhe, gheobhaidh tú measúnú tosaíochta.

Toisc go bhfuiltear ag súil le líon mór iarratas le linn míonna an tsamhraidh, moltar duit iarratas a dhéanamh roimh an 10 Iúil 2025 chun leas a bhaint as measúnú tosaíochta.

Tá sé mar aidhm ag SUSI an oiread cinntí iarratais ar dheontas agus is féidir a thabhairt do mhic léinn roimh thús na bliana acadúla nua. Dá luaithe a fhaighimid d’iarratas, is ea is túisce a gheobhaidh tú toradh.

Cuimhnigh:

  • Ní gá go mbeadh do thorthaí Ardeistiméireachta agat nó a bheith tar éis glacadh le cúrsa chun iarratas a dhéanamh. Ní gá duit ach sonraí an chúrsa a bhfuil súil agat staidéar a dhéanamh air a sholáthar agus do rogha cúrsa a nuashonrú ar líne níos déanaí.
  • Tugadh isteach roinnt athruithe do 2025/26, lena n-áirítear méadú ar an méid is féidir le mac léinn a thuilleamh lasmuigh den téarma scoile agus méaduithe ar thairseacha ioncaim do mhic léinn PLC, fochéime agus iarchéime.

Sula ndéanann tú Iarratas

Leanfaidh SUSI ag glacadh le hiarratais ar mhaoiniú mac léinn tar éis an 10 Iúil 2025 ach ní dhéantar próiseáil tosaíochta ar na hiarratais seo.