Maidir le SUSI

Maidir le SUSI

Maidir le SUSI

Is é Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI) údarás dámhachtana náisiúnta na hÉireann le haghaidh deontais bhreisoideachais agus ardoideachas. Cuireann SUSI maoiniú ar fáil do mhic léinn incháilithe in oideachas triú leibhéal ceadaithe lánaimseartha in Éirinn agus i gcásanna áirithe do mhic léinn atá ag staidéar sa RA nó san AE. Is féidir le gach cineál mac léinn, ó fhágálaithe scoile go mic léinn lánfhásta atá ag filleadh ar an oideachas iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú.

Bunaithe i 2012, is aonad gnó é SUSI de chuid BOO Chathair Bhaile Átha Cliath agus riarann sé maoiniú de réir na reachtaíochta atá leagtha amach san An tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 Download PDF, sa  Scéim Deontas Mac Léinn 2022 Download PDF,  agus sna Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Leinn 2022 Download PDF

Céard iad na Deontais atá ar fáil? 

 

Deontas Cothabhála

Ranníocaíocht an Mhic Léinn agus / nó Táillí

Táillí Iarchéime

Cúrsaí Iar-Ardteistiméireachta

 

 

Cúrsaí Fochéime

 

Cúrsa Fochéime san AE nó sa RA

 

 

Cúrsa Iarchéime

✓ (Ráta Speisialta * amháin)

 

*Is éard atá sa Ráta Speisialta ná ráta deontais do mhic léinn incháilithe áit a bhfuil ioncam an teaghlaigh faoi bhun tairsí ar leith, agus cuimsíonn sé íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh.

An bhfuil mé Incháilithe? 

Le bheith incháilithe do dheontas, ní mór do mhic léinn na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:

Náisiúnacht agus Cónaitheacht

  • Ní mór duit a bheith i do náisiúnach Éireannach, AE, LEE, RA nó na hEilvéise, nó cead faoi leith a bheith agat fanacht sa Stát arna dheonú ag an Roinn Dlí agus Cirt.
  • Ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí in Éirinn, san AE, LEE, RA nó san Eilvéis ar feadh 3 de na 5 bliana seo caite.

Cúrsa

  • Caithfidh tú a bheith ag freastal ar chúrsa ceadaithe in institiúid cheadaithe.
  • Caithfidh tú a bheith ag dul ar aghaidh le do chuid oideachais agus ag méadú do leibhéil ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ).

Ioncam

  • Caithfidh d’ioncam ináirithe, arna ríomh chun críocha deontais, titim faoi thairseacha sonracha.

Meastar iarratais maidir le hollioncam teaghlaigh ón mbliain roimhe sin.

 

Fiosraigh Táscaire Incháilitheachta SUSI le fáil amach an bhfuil tú incháilithe le haghaidh maoinithe.

 

 

Agus cuimhnigh, má tá tú ag leanúint ar aghaidh le do chuid staidéir, caithfidh tú athiarratas a dhéanamh gach bliain.

Uimhreacha a bhaineann le SUSI

An Bhliain Acadúil 2022/23 Go Dtí Seo

Arrow
Arrow

€199m

Caiteachas Deontais Iomlán

87,815

Líon na n-iarratas a fuarthas

66,176

Maoiniú bronnta ar Mhic Léinn

Arrow
Arrow