Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI

Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI

Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI

Léiríonn SUSI meas ar an gceart atá ag daoine aonair ar phríobháideachas, agus déanann sé sonraí pearsanta a phróiseáil go sábháilte agus go rúnda de réir na reachtaíochta a bhaineann le cosaint sonraí.

Nuair a dhéantar iarratas ar dheontas, ní mór d’iarratasóirí, agus do pháirtithe eile a bhfuil baint acu leis an iarratas, a dheimhniú go bhfuil an Ráiteas Cosanta Sonraí seo de chuid SUSI léite agus tuigthe acu.

Cé muid féin

Is é an tAonad SUSI i mBord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath (BOO Chathair Bhaile Átha Cliath) a dhéanann na Scéimeanna Deontais do Mhic Léinn agus an Scéim Sparánachta do Chúrsaí Iar-ardteistiméireachta (PLC) do Dhaoine Easáitithe (Úcráin) 2022 a riar, mar údarás bronnta iarratas ainmnithe ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, faoin Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011.

Riarann SUSI freisin dhá scéim neamhreachtúla (“na scéimeanna riaracháin”) thar ceann an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta: an Scéim Sparánachta PLC do Dhaoine Easáitithe (Úcráin) 2022 a bunaíodh mar fhreagra ar an gcás éigeandála. san Úcráin, agus an Scéim um Chosaint Idirnáisiúnta Mac Léinn (do Mhic Léinn Breisoideachais/Oideachais) 2023/2024 do mhic léinn atá sa chóras cosanta idirnáisiúnta nó atá ag an gcéim cead fanachta (ach nach bhfuil san ordú díbeartha).

Áirítear le tagairtí sa ráiteas cosanta sonraí seo do “iarratasóir”, “mac léinn” nó “deontas” chun críocha na Scéimeanna Deontas Mac Léinn tagairtí do théarmaí coibhéiseacha chun críocha na scéimeanna riaracháin chomh fada agus is gá agus is cuí.

Chun críche Rialacháin Ghinearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí (Rialachán AE 2016/679) (RGCS), is rialaitheoir sonraí leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta é BOO Chathair Bhaile Átha Cliath le haghaidh iarratas ar dheontais do mhic léinn faoi Scéimeanna Deontais do Mhic Léinn agus na scéimeanna riaracháin.

Is ”rialaitheoirí sonraí” iad daoine nó eagraíochtaí a rialaíonn na cuspóirí as a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil agus an bealach a phróiseáiltear iad. Is iad a dhéanann cinntí go neamhspleách maidir leis na sonraí pearsanta agus tá smacht acu ar na sonraí pearsanta sin.

Sa chás go rialaíonn níos mó ná rialaitheoir amháin na cuspóirí as a ndéantar sonraí pearsanta a phróiseáil agus an bealach a phróiseáiltear iad, meastar gur “comhrialaitheoirí” iad. Sna cásanna seo, ní mór dóibh, de réir RGCS, a dheimhniú ar bhealach trédhearcach, na freagrachtaí atá acu faoi seach chun a n-oibligeáidí a chomhlíonadh faoin RGCS. Chun é seo a dhéanamh, ní mór teacht ar shocrú eatarthu féin.

Tá Socrú Comhrialaitheora Sonraí i bhfeidhm ag BOOC Bhaile Átha Cliath agus DFHERIS ina nglacann BOO Chathair Bhaile Átha Cliath Bhaile Átha Cliath freagracht as deileáil le gach iarratas a fhaightear ó dhaoine aonair maidir leis an bpróiseáil a dhéanann BOO Chathair Bhaile Átha Cliath agus DFHERIS ar a gcuid sonraí. Tá BOO Chathair Bhaile Átha Cliath freagrach don DFHERIS as feidhmíocht na bhfeidhmeanna go léir, mar a bhaineann siad le deontais mhic léinn a riar faoin Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011, agus tá sé freagrach as cinnte a dhéanamh de go gcomhlíonann na deontais mhic léinn an RGCS nuair atá siad á riar, mar aon le reachtaíocht eile a bhaineann le cosaint sonraí. Is é ról DFHERIS ná cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcineál eolais ar chóir do dhaoine aonair a sholáthar don údarás bronnta deontas do mhic léinn faoi na Scéimeanna Deontas Mac Léinn. Mar chuid den ról maoirseachta agus rialachais atá aige, déanann an DFHERIS tástáil randamach ar líon teoranta d’iarratais SUSI gach bliain chun a chinntiú go bhfuiltear ag cloí le forálacha reachtúla na scéime agus chun nósanna imeachta maidir le dearbhú cáilíochta a fheahbsú don scéim. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Socrú Comhrialaitheora Sonraí idir BOO Chathair Bhaile Átha Cliathh agus DFHERIS, déan teagmháil linn ag baint úsáide as na sonraí teagmhála thíos.

An t-eolas a sholáthraíonn tú: an úsáid a bhainimid as

Ciallaíonn “sonraí pearsanta” aon eolas a bhaineann le duine nádúrtha aitheanta nó inaitheanta. D’fhéadfadh sonraí pearsanta a bheith fíorasach (mar shampla, ainm, seoladh nó dáta breithe) nó d’fhéadfadh tuairimíocht faoin duine sin, faoina ghníomhartha agus/nó a chuid iompair, a bheith i gceist.

Déanann SUSI eolas a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí pearsanta a sholáthraíonn iarratasóirí futhu féin, agus eolas páirtithe agus daoine eile a bhfuil baint acu leis an iarratas (lena n-áirítear tuismitheoirí, caomhnóirí dlíthiúla, céilí, páirtithe sibhialta, comháitritheoirí, siblíní, leanaí cleithiúnacha agus daoine ábhartha eile) chun measúnú a dhéanamh ar incháilitheacht iarratasóirí i leith maoinithe deontas mac léinn.

Is iad seo a leanas na sonraí pearsanta a ndéanann SUSI próiseáil orthu:

  • ainm
  • seoladh
  • seoladh ríomhphoist
  • uimhir theileafóin
  • dáta breithe
  • sloinne na máthar roimh phósadh
  • uimhir PSP
  • stádas pósta, pearsanta agus teaghlaigh
  • saoránacht
  • náisiúntacht
  • cónaitheacht
  • oideachas go dtí seo/oideachas reatha/oideachas sa todhchaí
  • áitíocht/fóntais chónaithe
  • ioncam
  • fostaíocht
  • sochar leasa shóisialaigh agus tacaíochtaí rialtais eile
  • cúinsí leighis/sláinte/pearsanta
  • deimhnithe báis
  • sonraí agus taifid chuntas bainc

Is féidir a áireamh le sonraí pearsanta a bhaineann le cúinsí leighis/sláinte/pearsanta sonraí “catagóir speisialta” maidir le sláinte nuair is gá nuair a bhíonn iarratais á bpróiseáil ar dheontas a rinne mic léinn a bhfuil bliain á déanamh arís eile acu mar gheall ar chúinsí eisceachtúla

An t-eolas a chuireann tú ar fáil: cé leis a roinnimid é

Roinneann SUSI sonraí le comhlachtaí agus le gníomhaireachtaí Rialtais eile atá faoi réir socruithe próiseála sonraí. Próiseáiltear na sonraí seo chun críche –

  • iarratais dheontais a dheimhniú agus a bhailíochtú,
  • iarratais ar dheontais agus íocaíochtaí a riar,
  • clárú agus tinreamh mac léinn ag institiúidí faofa a dheimhniú,
  • athbhreithnithe i gcás achomhairc,
  • an próiseas riaracháin dheontais a iniúchadh agus a bhailíochtú,
  • calaois a chosc agus a bhraith, agus tacú le himscrúduithe nó le hionchúisimh choiriúla.

Ina theannta sin, d’fhéadfadh SUSI sonraí pearsanta a roinnt le gníomhairí údaraithe nó le tríú páirtithe mar phróiseálaithe sonraí nó mar fho-phróiseálaithe ag gníomhú thar ceann SUSI chun deontais a riar agus a phróiseálann sonraí go sábháilte de réir treoracha SUSI, faoi chaidreamh conartha agus faoi réir socruithe próiseála sonraí. Is é BOO Chathair Bhaile Átha Cliath rialaitheoir sonraí na sonraí seo i gcónaí.

D’fhéadfadh SUSI sonraí pearsanta duine aonair a roinnt freisin, má tá dualgas air a leithéid de shonraí pearsanta a nochtadh nó a roinnt chun oibligeáid dhlíthiúil a chomhlíonadh, nó chun conradh nó socrú eile leis an duine aonair sin a fhorfheidhmiú nó a chur i bhfeidhm, nó chun a chearta, a réadmhaoin, nó sábháilteacht a chuid fostaithe nó daoine eile, a chosaint. Áirítear leis seo teagmhais a thuairisciú (mar is cuí) do na Gardaí agus deileáil le hiarratais ó na Gardaí, faisnéis nó sonraí pearsanta a sholáthar dóibh chun go mbeidh ar a gcumas cionta a bhraith, a fhiosrú nó a hionchúiseamh, nó deileáil le hiarratais a bhaineann le pianseirbhís i gcás coire.

Sa tábla thíos leagtar amach conas a mhalartaíonn SUSI do chuid eolais le comhlachtaí/gníomhaireachtaí Rialtais eile:

Gníomhaireacht / Comhlacht

Cuspóir

Eolas a roinntear

Formáid

Institiúidí faofa Breisoideachais agus Ardoideachais

Deimhniú go bhfuil an mac léinn cláraithe ar chúrsa faofa in institiúid fhaofa agus go bhfuil sé/sí ag freastal ar an gcúrsa sin

Fíorú agus bailíochtú maidir le stair acadúil roimhe seo

Uimir Thagartha SUSI

Cód an Choláiste

Uimhir CAO

Uimhir PSP

Sloinne

Céadainm

Dáta breithe

Cineál Céimní

ID Mic Léinn

Sonraí Cúrsa

Sonraí táillí

Sonraí m.l. tinreamh agus dul chun chinn

Baisc

Ollscoileanna (UCC, UCD, DCU, ATU, UL agus TUD) a riarann Braislí Réigiúnacha den Chiste Sparánachta 1916

Táscairí a sholáthar, bunaithe ar thoiliú, maidir le stádas mic léinn iarratasóirí agus incháilitheacht i leith deontas, chun cinntí a shocrú de réir braislí incháilitheachta don Chiste Sparánachta 1916

Iontrálaí nua den chéad uair

Mac léinn lánfhásta den chéad uair

Faighteoir de Ráta Speisialta Deontais SUSI

Uimir Thagartha SUSI

Uimhir iarratais sparánachta

Ainm

Baisc

CAO - An Lár-Oifig Iontrála

Fógra maidir le háiteanna coláiste ar glacadh leo

Uimhir iarratais CAO

Sloinne an Iarratasóra

Céadainm an Iarratasóra

Dáta breithe an iarratasóra

Cód Cúrsa CAO

Leibhéal an chúrsa

Ainm an chúrsa

Ainm na hInstitiúide

Baisc

An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara

Eolas a bhailíochtú sa chás go bhfuil íocaíochtaí deontas don fheirmeoireacht á bhfáil ag iarratasóirí

Calaois a chosc agus a bhraith, lena n-áirítear eolas a sholáthar chun tacú le himscrúduithe coiriúla nó le hionchúisimh

Uimhir aitheantais ghnó

Uimhir PSP

Bliain

Sonraí íocaíochtaí

Baisc

An Roinn Oideachais

Cónaitheacht a bhailíochtú (Bunachar Sonraí na nDaltaí Iar-Bhunscoile)



Uimhir PSP

Uimir Thagartha SUSI

Dáta breithe

Líon blianta ar bhunachar sonraí na nDaltaí Iar-Bhunscoile do na 5 bliana roimhe seo

Baisc

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Incháilitheacht i leith deontais a shoiléiriú. Léirmhíniú agus feidhmíocht chruinn na scéime deontais a chinntiú

Cinnte a dhéanamh de go gcuirtear ar fáil an tacaíocht airgeadais chuí

Calaois a chosc agus a bhraith, lena n-áirítear eolas a sholáthar chun tacú le himscrúduithe coiriúla nó le hionchúiseamh

Iniúchtaí a éascú

Taighde agsu anailís mar bhonn do bheartas náisiúnta ar mhaoiniú tacaíochta do mhic léinn

Gach eolas a bhaineann leis an iarratas

Tuarascálacha staitistiúla maidir le hiarratais a phróiseáil, le cinntí agus le íocaíochtaí deontais.

Sonraí pearsanta anaithnidithe

Rochtain Dhíreach, Cáschomhaid Shonraithe

Baisc

Tuarascálacha staitistiúla sainmhínithe nó ad hoc,

Comhaid shonraí shonraithe (anaithnidithe)

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Fíorú ioncaim

Calaois a chosc agus a bhraith, lena n-áirítear eolas a sholáthar chun tacú le himscrúduithe coiriúla nó le hionchúisimh

Uimhir PSP

Ainm

Bliain

Sonraí maidir le sochair agus liúntais

Rochtain Dhíreach agus Iarratas fíor-ama Comhéadan Feidhmchláir (API)

An Roinn Coimirce Sóisialaí - MyGovID

Fíorú céannachta

Clárú agus logáil isteach a éascú ar chuntas SUSI ar líne

Dul i dteagmháil leis an iarratasóir chun iarratas ar dheontas mic léinn a phróiseáil

Uimhir PSP

Dáta breithe

Céadainm

Sloinne

Seoladh ríomhphoist

Uimhir theileafóin

Seirbhís Cheadchomhartha Sábháilte (STS)

An Roinn Dlí agus Cirt

Bailíochtú saoránachta agus náisiúnachta

ID an Duine

Uimir Thagartha SUSI

ID Iarratais

Uimhir Leagáide

Cead fanacht sa Stát

Dáta éaga an cheada sin

Iarratais Chás ar Chás

Boird Oideachais agus Oiliúna

Fíorú agus bailíochtú go bhfuarthas íocaíochtaí SDOG

Ainm

Dáta breithe

Uimhir PSP

Payment amount

Baisc agus iarratais Chás ar Chás

An Phríomh-Oifig Chlárúcháin (GRO)

Bailíochtú an eolais a cuireadh ar fáil do SUSI le linn an phróisis iarratais ar Náisiúntacht, Dáta Breithe, Taifid Bháis (tuismitheoirí/céile/páirtí sibhialta), Taifid Phósta an dá iarrthóirí agus páirtithe san iarratas agus bailíochtú líon na Leanaí Cleithiúnacha i dteaghlach

Iarrthóir:

UPSP

Céadainm agus Sloinne

Dáta Breithe

Dáta an Phósta

 

Tuismitheoirí 1 & 2:

UPSP

Céadainm agus Sloinne

Dáta Breithe

Dáta an Phósta

Dáta an Bháis

Stádas Sibhialta

 

Céile/Páirtí Sibhialta: (má tá an t-iarrthóir neamhspleách)

UPSP

Céadainm agus Sloinne

Dáta Breithe

Dáta an Bháis

Stádas Sibhialta

 

Siblíní/Páistí Cleithiúnacha:

UPSP

Céadainm agus Sloinne

Dáta Breithe

Rochtain Dhíreach agus Comhéadan Ríomhchláraithe Feidhmchláir Fíor-Ama (API)

An tÚdarás um Ard-Oideachas (HEA)

Fíorú agus bailíochtú ar stair acadúil roimhe seo

PPSN SUSI

Uimir Thagartha SUSI

Dáta breithe

Leibhéal cúrsa NFQ

Teideal an chúrsa

Bliain fhillidh

Bliain bhronnadh na céime

Insitiúid bhronnta céime

Baisc

TUSLA - (An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach)

Bailíochtú ar íocaíochtaí Stáit áirithe

Fíorú stádais nó cúinsí an iarratasóra

Ainm

Dáta breithe

Uimir Thagartha SUSI

Faisnéis ar cháipéisí riachtanacha

Baisc

Údaráis bronnta deontas eile (Údaráis Áitiúla agus Boird Oideachais agus Oiliúna)

Fíorú agus bailíochtú ar stair roimhe seo maidir le tacaíocht dheontais

Ainm

Dáta breithe

Uimhir PSP

Méid íocaíochta agus ainm

Baisc agus iarratais Chás ar Chás

QQI (Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann)

Fíorú cáilíochtaí agus /nó comhionannas cáilíochtaí ó dhlínsí eile

Uimhir Iarratais

Teideal iomlán an chúrsa

Ainm na hInstitiúide Bronnta ábhartha

Bliain ar bronnadh an cháilíocht

Cóip den cháiliúcháin

Leibhéal NFQ

iarratais Chás ar Chás

Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Bailíochtú ioncaim

Calaois a chosc agus a bhraith, lena n-áirítear eolas a sholáthar chun tacú le himscrúduithe coiriúla nó le hionchúisimh

Uimhir PSP

Ainm

Bliain

Sonraí ioncaim

Baisc

SOLAS

Fíorú agus bailíochtú i leith stair acadúil mic léinn roimhe seo

Uimhir PSP

Céadainm

Sloinne

Dáta breithe

Ainm Soláthróra

Teideal Cúrsa Áitiúi

Spriocleibhéal Cáiliúcháin

Foras Cáiliúcháin

Cineál Cúrsa Lánaimseartha/Páirtaimseartha

Dáta Tosaigh Foghlaimeora

Dáta Deiridh Foghlaimeora

Baisc

An Bord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn

Próiseáil agus breithniú a dhéanamh ar aon achomharc atá os comhair an Bhoird Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn

Gach eolas a bhaineann leis an iarratas

Baisc agus iarratais Chás ar Chás

Eolas teagmhála agus céannachta

Baineann SUSI úsáid as eolas teagmhála agus céannachta iarratasóirí  ar dheontais agus páirtithe eile a bhfuil baint acu lena n-iarratas chun na críche a leanas:

  • iarrtar ar iarratasóirí eolas futhu féin, agus faoi pháirtithe eile, atá riachtanach chun a n-iarratais a phróiseáil, a sholáthar
  • cuirtear iarratasóirí ar an eolas maidir le cinntí a bhaineann lena n-iarratais agus bunús na gcinntí sin,
  • pléitear stádas an iarratais agus aon fhianaise dhoiciméadach nó gníomhartha atá riachtanach chun é a chur chun cinn, le hiarratasóirí, le páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an iarratas agus le tríú páirtithe eile a d’fhéadfadh a bheith údaraithe ag na hiarratasóirí agus ag na páirtithe eile sin,
  • déantar iarratais a riar,
  • déantar íocaíochtaí deontais a riar.

Is féidir le hiarratasóirí agus le páirtithe eile a bhfuil baint acu leis an iarratas dul i dteagmháil le SUSI, nó le gníomhairí atá ag feidhmiú thar ceann SUSI, ar an teileafón. Chun a chinntiú go soláthraíonn SUSI seirbhís do chustaiméirí atá ar ard-chaighdeán, déantar comhráite teileafóin a thaifeadadh chun críche oiliúna foirne agus dearbhaithe cáilíochta, agus chun sonraí comhrá le SUSI a athbhreithniú agus a dheimhniú, más gá.

Toiliú agus an bonn dlíthiúil atá againn chun próiseáil a dhéanamh

Ní gnách go lorgaítear cead ó iarratasóirí ar dheontas nó ó pháirtithe eile bainteach san iarratas chun go ndéanfaidh SUSI próiseáil ar a sonraí pearsanta chun críche an bhoinn reachtúil ar a riartar iarratais.  is é sin an tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 (arna leasú ó am go ham in éineacht le haon ionstraim reachtúil, nó ordú, nó riail nó rialachán a dhéantar faoi, agus a dhéantar ó am go ham a leasú, a shíneadh, a athachtú nó a chomhdhlúthú) agus na Scéimeanna Deontas Mac Léinn (arna leasú ó am go ham).

Áfach, ní mór do SUSI toiliú le haghaidh sonraí pearsanta a phróiseáil a lorg agus a fháil d’iarratasóirí a dhéanann iarratas faoi na scéimeanna riaracháin chun a bheith in ann incháilitheacht na Scéime a mheas. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí SUSI brath ar Airteagal 6(1)(e) den RGCS chun sonraí pearsanta a phróiseáil faoi Scéim Sparánachta do Chúrsaí Iar-ardteistiméireachta (PLC) mar atá sé de bhun feidhme oifigiúil dlisteanach.

Déanann SUSI teagmháil dhíreach le hiarratasóirí ar dheontas chun na críche seo de réir an riachtanais shonrach atá sna Scéimeanna Deontas Mac Léinn, go soláthróidh iarratasóir  an fhasnéis agus an fhianaise don údarás bronnta chun cinneadh a dhéanamh maidir le hincháilitheacht i leith deontais.

Más gá do pháirtí eile san iarratas, nó do thríú páirtí lasmuigh den iarratas, dul i dteagmháil le SUSI faoi na sonraí pearsanta seo thar ceann páirtí ar bith a bhfuil baint acu leis an iarratas, is féidir le gach páirtí san iarratas é seo a údarú mar atá leagtha thíos faoi ‘déileáil le fiosrúcháin’.

Sa chás go soláthraíonn iarratasóir eolas ina ndeirtear gur iarratasóir é freisin aon duine atá bainteach san iarratas, agus má thugann an bheirt iarratasóirí údarás go ndéanfar crostagairt ar a n-iarratais sa chomhthéacs seo, déanfaidh SUSI crostagairt ar an dá iarratas chun cinnte a dhéanamh de go gcuirtear i bhfeidhm aon mhéadú ar mhaoiniú deontais, agus chun éifeachtúlacht agus comhsheasmhacht a chinntiú nuair atá iarratais  á bpróiseáil.

Seachas sin, d’fhéadfadh SUSI crostagairt a dhéanamh ar iarratais ar dheontas go ginearálta agus gan cead a lorg, chun críche iniúchta agus chun calaois a chosc agus a bhraith nuair atá leasanna dlisteanacha i gceist.

Deileáil le fiosrúcháin

Iarratais ar Dheontais a Phlé

Is féidir le hiarratasóirí agus le páirtithe eile san iarratas dul i dteagmháil le Deasc Chabhrach SUSI chun fiosrúchán a dhéanamh faoi stádas iarratais agus faoi aon doiciméad nó aon ghníomh atá riachtanach chun é a chur chun cinn.

Chun a leithéid d’fhiosrúcháin a éascú, pléifiidh SUSI stádas iarratais agus aon doiciméad nó gníomh atá riachtanach chun é a chur chun cinn, le gach páirtí a bhfuil baint acu leis an iarratas.

Sa chás nach bhfuil sé inmhianaithe a leithéid d’eolais a nochtadh do pháirtí eile san iarratas, ba chóir d’iarratasóirí é seo a chur in iúl do SUSI ionas gur féidir rialú cuí a chur i bhfeidhm ar bhonn cáis ar chás.

Cuirfidh an fhoireann ar Dheasc Chabhrach SUSI ceisteanna fíoraithe chun a chinntiú nach roinneann SUSI an t-eolas seo ach amháin le páirtí a bhfuil baint acu leis an iarratas.

Sonraí Pearsanta a Phlé

Ní phléifidh SUSI sonraí pearsanta de pháirtí a bhfuil baint acu leis an iarratas le páirtithe eile san iarratas, nó le tríú páirtí lasmuigh den iarratas, gan údarás a fháil uathu.

Is féidir le hiarratasóirí agus le páirtithe eile in iarratais ar dheontas crosúdarú a thabhairt dá chéile, agus trí na rudaí a leanas a dhéanamh,  is féidir leo freisin údarú a thabhairt do thríú páirtithe lasmuigh den iarratas, chun go mbeidh cead acu a sonraí pearsanta a phlé le SUSI thar ceann an iarratasóra –

  • crosúdarú a thabhairt dá chéile nuair atá foirm iarratais ar dheontas á cur isteach ar líne,
  • a gcrosúdarú a leasú, nó údarú a thabhairt do thríú páirtithe, ar chuntas SUSI an iarratasóra ar líne tar éis foirm iarratais a chur isteach ar líne.

Is féidir le hiarratasóirí agus le páirtithe eile san iarratas an t-údarú a tharraingt siar ag am ar bith.

Cearta maidir le Cosaint Sonraí

Tá cearta áirithe ag daoine maidir leis an eolas pearsanta a phróiseálann SUSI. Tá liosta den na cearta seo thíosluaite. Ní cearta dochta iad na cearta seo, agus feidhmítear iad faoi réir coinníollacha áirithe. Faoin dlí, tá na cearta a leanas ag daoine:

  • iarratas a dhéanamh an gcoimeádann SUSI eolas pearsanta futhu, agus má choimeádann, cad é an t-eolas sin agus cén fáth an bhfuil sé á choimeád/á úsáid ag SUSI,
  • rochtain a iarraidh ar a n-eolas pearsanta (ar a dtugtar de ghnáth “iarratas an duine is ábhar do na sonraí”). Cuireann sé seo ar chumas daoine cóip a fháil den eolas pearsanta atá ag SUSI futhu agus cinnte a dhéanamh an bhfuil an t-eolas sin á phróiseáil i gceart,
  • iarratas a dhéanamh go gceartófar an t-eolas pearsanta atá á choimeád ag SUSI futhu. Ar an gcaoi seo, cuirtear ina cheart aon eolas neamhiomlán nó míchruinn atá á choimeád ag SUSI faoin duine.
  • Iarratas a dhéanamh go scriosfar a n-eolas pearsanta (faoi réir riachtanais coinneála sonraí). Tríd an iarratas seo, is féidir le duine iarraidh ar SUSI eolas pearsanta a scrios nó a bhaint mura bhfuil cúis mhaith ag SUSI leanúint leis an bpróiseáil. Tá an ceart ag daoine freisin iarraidh ar SUSI a gcuid eolais phearsanta a scrios nó a bhaint sa chás go bhfuil feidhm bainte acu as an gceart cur i gcoinne na próiseála (féach thíos),
  • Iarratas a dhéanamh go gcuirtear srian ar an bpróiseáil a dhéantar ar a gcuid sonraí. Leis seo, is féidir le duine iarraidh ar SUSI an phróiseáíl atá á déanamh faoi nó futhi a chuid sonraí a chur ar fionraí, mar shampla, más mian leis an duine sin a fháil amach an bhfuil an t-eolas sin cruinn, nó cúis na próiseála a fhiosrú,
  • Iarratas a dhéanamh go gcuirfear ar aghaidh a gcuid eolais phearsanta chucu féin nó chuig duine eile i bhfoirm leictreonach agus structúrtha (ar a dtugtar de ghnáth “inaistritheacht sonraí”). Leis seo, is féidir le duine a chuid sonraí a thógáil ó SUSI i bhformáid ar féidir a úsáid go leictreonach agus na sonraí sin a aistriú go dtí páirtí eile i bhformáid ar féidir a úsáid go leictreonach.
  • Cuir i gcoinne go ndéanfar próiseáil ar a shonraí pearsanta sa chás go bhfuil SUSI ag brath ar leas dlisteanach (nó leas dlisteanach de thríú páirtí), agus tá cúis éigin ag an duine chun cuir i gcoinne na próiseála ar an mbonn seo,
  • Cuir i gcoinne cinnteoireachta uathoibrithe, próifíliú san áireamh, nuair nár chóir go mbeidh sonraí pearsanta mar ábhar d’aon chinnteoireacht uathoibrithe: ní bhaineann SUSI úsáid as aon chinnteoireacht uathoibrithe, agus
  • A dtoiliú a tharraingt siar sa chás go bhfuil SUSI ag brath ar an toiliú sin chun an t-eolas pearsanta a úsáid (má fheidhmítear an ceart sin, ní bheidh tionchar aige sin ar dhlíthiúlacht próiseála a bhí bunaithe ar thoiliú sular tarraingíodh siar é).

Is féidir le daoine rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta a bhaineann leo atá á gcoimeád ag SUSI nó cóip díobh a iarraidh, agus is féidir leo iarraidh go gcuirtear ina gceart iad, trí Foirm Iarratais Duine ar a S(h)onraí Download PDF a íoslódáil, a chomhlánú agus a chur isteach. Tá sé le fáil ag www.susi.ie .

Seachas sin, is féidir le daoine a gcearta a fheidhmiú trí theagmháíl a dhéanamh le BOO Chathair Bhaile Átha Cliath ag baint úsáide as na sonraí teagmhála thíos

Ní gnách go ngearrtar táille. Ní bheidh ort táille a íoc chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (ná chun aon cheann de na cearta eile a fheidhmiú). D’fhéadfaimis, áfach, táille réasúnta a ghearradh más amhlaidh nach bhfuil aon bhunús le d’iarratas, má tá sé athráiteach nó má tá sé iomarcach. De rogha air sin, d’fhéadfaimis diúltú d’iarratas a chomhlíonadh sna cúinsí sin.

Na rudaí a bheimid ag lorg uait. D’fhéadfaimis eolas sonrach a lorg uait chun cabhrú linn do chéannacht a dheimhniú agus chun an ceart atá agat rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta a chinntiú (nó chun aon cheart eile atá agat a fheidhmiú). Is beart slándála é seo a chinntíonn nach nochtar sonraí pearsanta d’aon duine nach bhfuil an ceart aige iad a fháil. D’fhéadfaimis a bheith i dteagmháíl leat freisin chun tuilleadh eolais a lorg má d’iarr tú orainn deileáil le d’iarratas níos tapa.

Teorainn ama chun freagra a thabhairt. Déanaimid iarracht freagrairt ar gach fiosrúchán dlisteanach laistigh de mhí amháin. Corruair, d’fhéadfadh sé níos mó ná mí a thógáil má tá d’fhiosrúchán casta nó má tá roinnt fiosrúcháin déanta agat. Sa chás seo, beimid i dteagmháil leat agus coimeádfaimid ar an eolas thú.

Deileáil le gearáin. Sa chás gur mian le duine gearán a dhéanamh faoin mbealach atá a gcuid sonraí pearsanta á bpróiseáil ag SUSI, nó faoin gcaoi inar deiléaladh lena ghearán, tá sé de cheart ag an duine sin gearán a chur isteach go díreach leis an údarás maoirseachta – tugtar sonraí teagmhála thíos. Bheimid buíoch, áfach, as an seans a fháil deileáil le do chúis inmí roimh duit dul i dteagmháíl leis an údarás maoirseachta. Mar sin, déan teagmháil linn ar dtús, le do thoil.

Teagmháil

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

Teileafón

+353 1 7650100/1800 437 737

Láithreán Gréasáin

dataprotection.ie agus tríd an rogha Déan teaghmáil linn ar líne

An Post

An Coimisiún um Chosaint Sonraí

21 Cearnóg Mhic Liam Theas

Baile Átha Cliath 2

D02 RD28

Éire

Sonraí a choinneáil

Coimeádann SUSI sonraí go sábháilte chun iarratais a riar ragus chun athbhreithniú a dhéanamh ar iniúchtaí agus ar chásanna. Ní choimeádann sé sonraí pearsanta ar feadh níos mó ama ná mar is gá, agus/nó a éilítear faoin dlí. Nuair atá tréimhsí coinneála do chatagóirí de shonraí pearsanta á leagan síos ag SUSI, cuirfidh sé san áireamh i gcónaí a chuid oibligeáidí faoin reachtaíocht um chosaint sonraí, faoin treoir ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí agus riachtanais reachtaíochta sonracha eile chomh maith le méid agus nádúr na sonraí féin.

Sonraí pearsanta a aistriú amach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Tarlaíonn sé go mbíonn ar SUSI sonraí pearsanta duine a aistriú amach as an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch chun riarachán a dhéanamh ar dheontas agus ar iarratais ar dheontas. Má tá sé riachtanach a leithéid d’aistriú a dhéanamh, cinnteoidh SUSI i gcónaí go mbeidh cosantaí cuí i bhfeidhm chun na sonraí pearsanta a chosaint, mar shampla:

  • Tá cinneadh eisithe ag an gCoimisiún Eorpach a dheimhníonn go gcaithfidh an tír chuig a n-aistreoidh SUSI na sonraí pearsanta, leibhéal cosanta cuí a chinntiú i leith cearta agus saoirse an duine is ábhar do na sonraí;
  • Go mbeidh cosaintí cuí i bhfeidhm, ar nós rialacha corparáideacha ceangailteacha (BCR), clásail chonarthacha chaighdeánacha faofa ag an gCoimisiún Eorpach, cód iompair faofa nó meicníocht dheimhnithe, a bhfuil cóip díobh le fáil ó SUSI ach iad a iarraidh;
  • Go bhfuil toiliú saintuigthe tugtha ag an duine maidir leis an aistriú, tar éis é nó í a bheith curtha ar an eolas i dtaobh na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann; nó
  • Go bhfuil na sonraí pearsanta á n-aistriú go dtí comhlacht sna Stáit Aontaithe a bhfuil féin-deimhniú déanta aige maidir le Sciath Príobháideachais AE-SAM a chomhlíonadh, agus  tá an Coimisiún Eorpach sásta go bhfuil leibhéal cosanta cuí á soláthar aige i dtaca le sonraí pearsanta saoránach an AE.

Slándáil

Coimeádann SUSI sonraí, lena n-áirítear taifid ríomhaire agus ar pháipéar, i saoráidí atá sábháilte. Tógann SUSI bearta slándála cuí chun na rudaí a leanas a chosc – rochtain neamhúdaraithe ar shonraí, athruithe ar shonraí, sonraí a nochtadh nó a scrios, agus sonraí a chailleadh nó a scrios trí thimpiste. Sna comhaontuithe próiseála sonraí atá ag SUSI le daoine nó le comhlachtaí lena roineann SUSI sonraí, cuirtear san áireamh na bearta agus na riachtanais slándála is gá chun na sonraí sin a chosaint.

Sa chás go n-iarrann iarratasóirí, nó páirtithe eile san iarratas, ar SUSI teagmháil a dhéanamh leo le ríomhphost, nó má ghlacann siad leis go ndéanfar teagmháil leo le ríomhphost, is iad féin atá freagrach go hiomlan as cinnte a dhéanamh de go bhfuil a gcuntas ríomhphoist sábháilte, ar fáil agus slán. Níl sé sábháilte go hiomlán eolas a tharchur ar an idirlíon agus, mar sin, cé go dtógann SUSI gach beart slándála cuí, ní féidir leis ráthaíocht a thabhairt maidir le príobháideachas ná rúndacht an eolais a tharchuirtear i ríomhphost.

Coimeádann SUSI sonraí slán ó dhíobáil trí rúndacht, sláine agus inúsáidteacht sonraí pearsanta a chosaint, mar a leagtar amach thíos:

  • Ciallaíonn “rúndacht” nach bhfuil rochtain ar shonraí ach amháin ag daoine a bhfuil údaraithe na sonraí a úsáid,
  • Ciallaíonn “sláine” go mba chóir go mbeidh na sonraí cruinn agus oiriúnach chun na críche as a ndéantar iad a phróiseáil,
  • Ciallaíonn “inúsáidteacht” go mba chóir go mbeidh ar chumas úsáideoirí údaraithe rochtain a fháil ar na sonraí chun críche atá údaraithe, más gá.

Fianáin a úsáid

Baineann suíomh gréasáin SUSI agus an córas iarratais ar dheontas ar líne de chuid SUSI úsáid as cuacha. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin úsáid a bhaimimid as cuacha, féach ár Polasaí Fianáin, le do thoil.

Teagmháil

Is féidir leat dul i dteagmháil le BOOC Bhaile Átha Cliath chun do chearta maidir le cosaint sonraí a phlé ag baint úsáide as na sonraí thíos:

Teagmháil:

Oifigeach Cosanta Sonraí

Teileafón:

+ 353 1 668 0614

Ríomhphost:

dataprotection@cdetb.ie

Sa Phost:

BOO Chathair Bhaile Átha Cliath

Halla an Bhaile,

1-4 Bóthar Mhuirfean,

Droichead na Dothra,

Baile Átha Cliath 4

DO4 PP46

Éire

Athruithe ar an bpolasaí seo

Coimeádann SUSI an ceart aige féin athruithe a dhéanamh ar an Ráiteas Cosanta Sonraí seo ag am ar bith. Má dhéantar agus nuair a dhéantar athruithe ar an Ráiteas Cosanta Sonraí seo, póstálfar iad ar shuíomh gréasáin SUSI agus beidh siad i bhfeidhm ón am sin. Déan seiceáil ar an leathanach sin chun a chinntiú go bhfuil tú ar an eolas maidir le haon athruithe a dhéantar.

 

Nuashonraithe is déanaí an 24 Márta 2023 ag 09.22