Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid

Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid

Na Rialacháin um Fhaisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid 2005 (I.R. Uimh. 279 de 2005)

SUSI leis na  Rialacháin um Fhaisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid, agus spreagaimid an fhaisnéis a chuirimid i dtoll a chéile a athúsáid

Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo a athúsáid saor in aisce in aon fhormáid.

Áirítear le hathúsáid, cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus an fhaisnéis a aistriú go teangacha eile. Cuimsíonn sé taighde agus staidéar neamhthráchtála chomh maith.

Tá athúsáid faoi réir na gcoinníollacha a leanas, chomh maith. Ní mór duit an méid a leanas a dhéanamh:

  • an fhoinse a aithint i gcásanna ina soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile;
  • an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn;
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach;
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe le táirge nó seirbhís ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn, go príomha; agus
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar mhaithe le, nó mar thacaíocht le, cuspóirí neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mí-ionraic.

Níl SUSI faoi dhliteanas as aon chaillteanas nó dliteanas a bhaineann le faisnéis a athúsáid agus ní dheimhníonn sé go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráidí. Ní údaraíonn SUSI aon úsáideoir chun cearta eisiacha a bheith acu chun a fhaisnéis a athúsáid.