v

Tá SUSI oscailte anois d’iarratais nua don bhliain acadúil 2024/25

Tá SUSI oscailte anois d’iarratais nua don bhliain acadúil 2024/25

  • 4 Aibreán 2024
  • Nuacht

Táimid Oscailte!

Tá SUSI oscailte anois d’iarratais nua don bhliain acadúil 2024/25. Déan iarratas anois mar táthar ag súil le líon ard iarratas sna míonna atá amach romhainn. Le haghaidh tuilleadh eolais ar an bpróiseas iarratais téigh chuig an rannán ar conas iarratas a dhéanamh ar ár láithreán gréasáin.

Fógraíodh roinnt athruithe ar an Scéim Deontas Mac Léinn do 2024 mar sin is fiú d’incháilitheacht a sheiceáil don bhliain atá le teacht.

 Tuillimh Saoire

Tá méadú tagtha ar an méid is féidir le mac léinn a thuilleamh lasmuigh d’am téarma ó €6,552 go €7,925. 

Tugtar Tuillimh Saoire air, agus is ioncam é seo a thuill iarrthóir a bhí san oideachas ó fhostaíocht lasmuigh d’am téarma laistigh den bhliain féilire roimhe sin.

Deontais Chothabhála

Deontais Chothabhála Iarchéime

Mar a fógraíodh i mBuiséad 2024, tá deontais chothabhála tugtha isteach arís do mhic léinn iarchéime incháilithe. Fiosraigh na rátaí deontais agus na tairseacha ioncaim ar ár leathanach iarchéime.

Méaduithe ar Dheontais Chothabhála

Tá méadú tagtha ar rátaí deontas cothabhála do mhic léinn incháilithe PLC, fochéime agus iarchéime. Tá sonraí iomlána ar na rátaí deontais agus na tairseacha ioncaim go léir don bhliain acadúil 2024 le fáil ar ár leathanach ioncaim.

Tairseacha Ioncaim

Tá na tairseacha ioncaim do Chothabháil Bhanda 4 agus an Deontas Ranníocaíochta Mac Léinn 100% tar éis méadú mar atá leagtha amach thíos.

Deontas Cothabhála Bhanda 4

Líon na Leanaí Cleithiúnacha

2024/25

2023/24

Níos lú ná 4 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€50,840

€46,790

Idir 4 agus 7 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€55,768

€51,325

8 leanbh cleithiúnach sa teaghlach nó níos mó

€60,445

€55,630

 

 Deontas Ranníocaíochta Mac Léinn 100%

 

 

Líon na Leanaí Cleithiúnacha

2024/25

2023/24

Níos lú ná 4 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€55,924

€50,840

Idir 4 agus 7 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€61,342

€55,765

8 leanbh cleithiúnach sa teaghlach nó níos mó

€66,501

€60,455

 

Ráta Speisialta  

 

Ráta Speisialta de dheontas cothabhála ar fáil do mhic léinn incháilithe. Le bheith incháilithe don ráta deontais seo, caithfidh an mac léinn a bheith incháilithe don ghnáthráta deontais agus caithfidh ioncam iomlán an teaghlaigh chun críocha measúnaithe deontais na coinníollacha seo a leanas a shásamh:

  • titim faoi thairseach ar leith agus
  • íocaíocht fhadtéarmach incháilithe ón Roinn Coimirce Sóisialaí a áireamh mar atá forordaithe sa Scéim Deontas Mac Léinn 2024.

Don bhliain acadúil 24/25, tá méadú tagtha ar na tairseacha ioncaim Ráta Speisialta mar atá leagtha amach thíos.

Líon na Leanaí Cleithiúnacha

2024/25

2023/24

Níos lú ná 4 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€26,200

€25,000

Idir 4 agus 7 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€28,715        

€27,400

8 leanbh cleithiúnach sa teaghlach nó níos mó

€31,128        

€29,702

         

Critéir Náisiúntachta

Leathnaíodh na critéir náisiúntachta chun go n-áireofaí leo iarrthóirí ar deonaíodh a gcead cónaí sa Stát de réir na Scéime Tabhartha chun Rialtachta um Chosaint Idirnáisiúnta.

Neamhaird Ioncaim

Tá neamhaird ioncaim bhreise curtha san áireamh sa Scéim Deontas Mac Léinn 2024. Eisiatar neamhaird ioncaim ón ríomh ioncaim chun críocha measúnaithe deontais. Áirítear le Neamhaird Ioncaim nua Scéim Íocaíochta na bhForas Máithreacha agus Naíonán, Sparántacht Tusla d’Oibrithe Cúraim Shóisialaigh agus Scoláireacht Tithíochta an Chomharchumainn. Féach ar ár leathanach ioncaim le haghaidh liosta de gach neamhaird ioncaim.

 Sula ndéanfaidh tú Iarratas

Cuimhnigh:

  • Déan iarratas go luath mar táthar ag súil le líon ard iarratas sna míonna atá amach romhainn.

Ní gá go mbeadh do thorthaí Ardteistiméireachta agat nó a bheith tar éis glacadh le cúrsa chun iarratas a dhéanamh. Is féidir leat sonraí an chúrsaí a bhuil súil agat staidéar a dhéanamh air a sholáthar agus do rogha cúrsa a nuashonrú ar líne níos déanaí.