v

Iarratais Nua don bhliain acadúil 2023/24

Iarratais Nua don bhliain acadúil 2023/24

  • 13 Aibreán 2023
  • Nuacht

Tá SUSI oscailte anois d'iarratais nua don bhliain acadúil 2023/24

Tá SUSI oscailte anois d'iarratais nua don bhliain acadúil 2023/24. Déan iarratas anois mar go bhfuiltear ag súil le líon ard iarratas sna míonna amach romhainn. Chun tuilleadh eolais a fháil ar an bpróiseas iarratais breathnaigh ar an rannán conas iarratas a dhéanamh dár láithreán gréasáin.

Fógraíodh roinnt athruithe ar an Scéim Deontais do Mhic Léinn le haghaidh 2023 agus mar sin is fiú d'incháilitheacht don bhliain atá le teacht a sheiceáil.

Deontas Ranníocaíochta Mac Leinn Nua de €500

Tugadh deontas ranníocaíochta mac léinn nua de €500 isteach do mhic léinn fochéime. Le bheith incháilithe don deontas seo, caithfidh an mac léinn gach critéar incháilitheachta a chomhlíonadh lena n-áirítear na critéir ioncaim. Caithfidh ioncam iomlán an teaghlaigh chun críocha measúnaithe deontais teacht faoi na tairseacha thíos.

Líon na Leanaí Cleithiúnacha

Tairseach Ioncaim

Níos lú ná 4 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€100,000

Idir 4 agus 7 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€109,600

8 leanbh cleithiúnach nó níos mó sa teaghlach

€118,806

Tá an ríomh ioncaim bunaithe ar ollioncam ó gach foinse don bhliain féilire roimhe sin.

Tairseacha Ioncaim Nua

Deontas Ranníocaíochta Mac Léinn 50%

Tá méadú tagtha ar na tairseacha ioncaim don deontas ranníocaíochta mac léinn 50% mar atá léirithe thíos.

Líon na Leanaí Cleithiúnacha

2023/24

2022/23

Níos lú ná 4 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€62,000

€55,240

Idir 4 agus 7 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€68,014       

€60,595

8 leanbh cleithiúnach nó níos mó sa teaghlach

€73,727        

€65,700

 

Ráta Speisialta

Ráta Speisialta Deonaithe deontais cothabhála ar fáil do mhic léinn incháilithe. Le bheith incháilithe don ráta deontais seo, caithfidh an mac léinn a bheith incháilithe don ghnáthráta deontais agus caithfidh a ioncam iomlán teaghlaigh chun críocha measúnaithe deontais:

  • titim faoi thairseach ar leith agus
  • íocaíocht incháilithe fhadtéarmach ón Roinn Coimirce Sóisialaí a áireamh mar a fhorordaítear sa Scéim Deontais do Mhic Léinn 2023.

Don bhliain acadúil 2023/24, tá méadú tagtha ar na tairseacha ioncaim Ráta Speisialta mar a leagtar amach thíos.

Líon na Leanaí Cleithiúnacha

2023/24

2022/23

Níos lú ná 4 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€25,000

€24,500

Idir 4 agus 7 leanbh cleithiúnach sa teaghlach

€27,400        

€24,500

8 leanbh cleithiúnach nó níos mó sa teaghlach

€29,702        

€24,500

Tuilleamh Saoire

Tá méadú tagtha ar an méid is féidir le mac léinn a thuilleamh lasmuigh den téarma ó €4,500 go €6,552.

Tuilleamh Saoire a thugtar ar an ioncam seo agus tuilltear é ó fhostaíocht lasmuigh d'am téarma laistigh den bhliain féilire roimhe sin ag iarratasóir a bhí i mbun oideachais.

Neamhshuimeanna Ioncaim

Cuireadh neamhshuimeanna ioncaim breise san áireamh sa Scéim Deontais do Mhic Léinn 2023. Eisiatar neamhshuim ioncaim ón ríomh ioncaim chun críocha measúnaithe deontais. I measc na neamhshuimeanna ioncaim nua tá an Íocaíocht Aitheantais Cóiríochta, Íocaíochtaí Costas Maireachtála na Roinne Coimirce Sóisialaí agus ioncam cíosa a tuilleadh faoin Scéim Faoisimh Seomra a Ligean ar Cíos. Amharc ar ár leathanach ioncaim le haghaidh liostú. neamhshuimeanna ioncaim

Mic Léinn Dara Seans

Le bheith incháilithe do chistiú, caithfidh tú a bheith ag dul ar aghaidh i d'oideachas. D'fhéadfaí a mheas, áfach, go bhfuil mic léinn lánfhásta incháilithe do chistiú mar mhic léinn dara seans. Bhí sos cúig bliana ag teastáil ionas go measfaidh mac léinn mar mhac léinn dara seans ach tá sé seo laghdaithe go trí bliana anois.

 Sula ndéanann tú iarratas

Cuimhnigh:

  • Déan iarratas go luath mar go bhfuiltear ag súil le líon ard iarratas sna míonna amach romhainn.
  • Ní gá go mbeadh do thorthaí Ardteistiméireachta agat nó go mbeadh cúrsa glactha agat chun iarratas a dhéanamh. Is féidir leat sonraí an chúrsa a bhfuil súil agat staidéar a dhéanamh air a sholáthar agus do rogha cúrsa a nuashonrú ar líne níos déanaí.