v

Imeacht Eolais SUSI 2024

Imeacht Eolais SUSI 2024

  • 16 Aibreán 2024
  • Nuacht

Bí páirteach inár nImeacht Eolais Fíorúil Dé Luain 13 Bealtaine.

  • An bhfuil tú ag tosú nó ag freastal ar bhreisoideachas nó ardoideachas sa bhliain acadúil 2024/25?
  • Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi mhaoiniú mac léinn?

Mar sin, tá ár nImeacht Eolais Fíorúil SUSI foirfe duit.

Fiosróimid na cineálacha maoinithe atá ar fáil, féachfaimid ar na critéir incháilitheachta, míneoimid an próiseas iarratais duit agus beidh ár bhfoireann saineolaithe ar fáil chun do cheisteanna a fhreagairt.

Dáta: Dé Luain, 13 Bealtaine 2024

Am: 7in

Suíomh: Imeacht Fíorúil Teams

Tá teorainn le líon na n-áiteanna, mar sin déan cinnte d’áit a dheimhniú trí chlárú ag events@susi.ie faoi 10rn Déardaoin, 9 Bealtaine 2024.