Treoir Foirme Iarratais d’Iarratasóirí ar Athnuachan Deontais

Treoir Foirme Iarratais d’Iarratasóirí ar Athnuachan Deontais

Conas is féidir liom Foirm Iarratais athnuachana a chomhlánú?

Image of Irish site login screenshot

Córas Iarratais ar Dheontas Mic Léinn SUSI

Más iarratasóir athnuachana thú, beidh cuntas cruthaithe agat cheanna féin. Is féidir leat logáil isteach i do chuntas go díreach ach an cnaipe “Logáil isteach/Déan Iarratas” ar www.susi.ie a chliceáil. Is féidir leat logáil isteach freisin ach an fhaisnéis aitheantais “MyGovID” atá agat a úsáid.

Pictiur de Reassessment Irish (Start Application)

Beidh an leathanach ag seo thuas le feiceáil tar éis duit logáil isteach. Caithfidh tú cliceáil ar an gcnaipe “Tús iarratas” chun d’iarratas ar athnuachan deontais a thionscain.

Sa chás go bhfuair tú maoiniú ó SUSI don bhliain acadúil 2023/24 agus go bhfuil tú chun leanúint ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile den chúrsa céanna sa bhliain acadúil 2024/25, áirítear mar iarratasóir athnuachana tú. 

 

 

Cén t-eolas atá ag teastáil?

Baineann an fhaisnéis a iarrtar le haon athruithe ar do

  • Cúrsa Staidéir
  • Sonraí Seolta
  • Staidéar Thar Lear
  • Socrúchán lasmuigh den champas
  • Staidéar ar champas seachas ar an bpríomhchampas
  • Cúnamh airgeadais eile do mhic léinn

 

Pictiur de Reassessment Irish (Course details)

An mbeidh tú ag athrú cúrsa/coláiste sa bhliain acadúil 2024/25?

Má tá tú ag leanúint ar aghaidh ar an gcúrsa céanna sa choláiste céanna (is é sin, an cúrsa ar bronnadh deontas mac léinn ort ina leith le linn na bliana acadúla 2023/24), ba cheart duit  ‘Ní hea’ a fhreagairt ar na ceisteanna seo.

Má tá tú ag athrú cúrsa/coláiste sa bhliain acadúil 2024/25 ba cheart duit “Sea” a fhreagairt ar na ceisteanna seo agus díreofar thú ansin ar iarratas nua a dhéanamh.

Má thugann tú faoi deara gur fhreagair tú ‘Sea’ trí dhearmad ar na ceisteanna seo, cliceáil an deilbhín ‘Baile’, agus logáil amach as do chuntas. Ansin logáil isteach i do chuntas arís agus brúigh an cnaipe iarratais mar atá thíos agus cuir tús leis arís.

 

Image of reset app

An bhfuil do sheoladh baile buan athraithe ó rinneadh an t-iarratas deireanach ar dheontas mac léinn nó ón athbhreithniú deireanach a rinneadh air?

PIctiur de Reassessment Irish (address details)

D’fhéadfadh tionchar a bheith ag athrú seolta ar ráta an deontais chothabhála a fhaigheann tú.

Má roghnaíonn tú “Ní hea” don cheist seo is féidir leat “Ar Aghaidh” a bhrú agus dul ar aghaidh go dtí an chéad leathanach eile.

Má roghnaíonn tú “Sea” ba cheart duit na sonraí seolta leasaithe a chur isteach agus ansin brúigh “Ar Aghaidh”

PIctiur de Reassessment Irish (Study Abroad)

An mbeidh ort staidéar a dhéanamh lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse i 2024/25 mar chuid de do chúrsa?

 

 

Pictiur de Reassessment Irish (work placement)

An mbeidh ort páirt a ghlacadh i socrúchán lasmuigh den champas i 2024/25 mar chuid éigeantach de do chúrsa?

 

 

image of Reassessment Irish (study other than main campus)

An gcuirtear an cúrsa seo (nó an bhliain seo den chúrsa) ar fáil in áit nach bhfuil ag príomhsheoladh campais na hinstitiúide ar a mbeidh tú ag freastal?

 

Má chuireann tú isteach “Sea” do na ceisteanna seo beidh ort na sonraí iarrtha a sholáthar le haghaidh do Staidéar Thar Lear, Socrúchán Oibre, Socrúchán Lasmuigh den Champas

PIctiur de Reassessment Irish (Study Abroad)

PIctiur de Reassessment Irish (work placement details)

PIctiur de Reassessment Irish (work placement details)

Reassessment addrerss other than main campus

 

 

Ar chuir tú isteach ar, nó an bhfaighidh tú maoiniú le haghaidh do staidéir ó aon fhoinse eile don bhliain acadúil 2024/25?

PIctiur de Reassessment Irish (other financial assistance)

Má fhreagraíonn tú “Sea” ar an gceist seo beidh ort sonraí faoin gcúnamh airgeadais eile a sholáthar.

 

Má fhreagraíonn tú “Ní hea” ar an gceist seo ba cheart duit “Ar Aghaidh” a bhrú chun dul ar aghaidh.

PIctiur de Reassessment Irish (other financial assistance details)

Tabharfar leathanach deimhnithe duit ansin.

PIctiur de Reassessment Irish (confirmation summary)

Anseo ba cheart duit athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá curtha ar fáil agat agus,

  • má tá tú sásta leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach cuir tic sa bhosca deimhnithe le do thoil, agus cliceáil “ceart go leor” chun dul ar aghaidh.
  • má tá tú míshásta leis an bhfasinéis a cuireadh isteach, cuir tic sa chnaipe “Leasaigh” le do thoil, déan aon athruithe riachtanacha, agus ansin cuir tic sa bhosca deimhnithe agus cliceáil “ceart go leor” chun dul ar aghaidh. 

Cad é an fhaisnéis atá ar iarraidh?

Baineann an fhaisnéis atá ar iarraidh sa chuid seo le leanaí agus le daoine ábhartha. Is éard is duine ábhartha ná duine eile (leanbh cleithiúnach, tuismitheoir(í)/caomhnóir dlíthiúil an iarratasóra, céile iarratasóra neamhspleách, páirtnéir sibhialta nó comháitritheoir) laistigh den teaghlach a fhreastalaíonn ar chúrsa lánaimseartha staidéir i mbreisoideachas nó in ardoideachas. Cuirfear gach duine den chineál sin san áireamh trí úsáid a bhaint as breisíocht eile a chur leis na teorainneacha ioncaim nuair a ríomhtar 'Ioncam Inríofa'.

Is féidir leat an tsiombail ? a chliceáil chomh maith chun freagra níos cruinne a thabhairt ar cheist ar leith.

Pictiur de Leanaí Cleithiúnacha dependent children E1

 

 

Roinn E1. Leanaí Cleithiúnacha

Agus d’iarratas á mheas, féadfar go mbeadh tionchar ag líon na leanaí cleithiúnacha atá i do theaghlach ar na teorainneacha ioncaim inríofa

a bheidh ríofa do do theaghlach.

Ciallaíonn leanbh cleithiúnach aon leanbh, lena n-áirítear leanbh altrama, lena mbaineann ceann de na ráitis seo a leanas leis, amhail an 1 Deireadh Fómhair 2023:

  • Faoi 16 bliana d'aois
  • 16 bliana nó níos sine agus cúrsa oideachais lánaimseartha á dhéanamh aige
  • 16 bliana nó níos sine agus deimhniú aige go bhfuil sé mí-oiriúnach dó chun obair a dhéanamh go buan mar gheall ar a riocht sláinte.

Ba cheart duit an líon leanaí cleithiúnacha a roghnú mar atá thuas agus cliceáil ar an gcnaipe ‘Ar aghaidh’. Sa chás gur mó ná ‘3’ an líon atá roghnaithe agat leis seo, taispeánfar roghchlár duit inar féidir leat na sonraí ábhartha ach an rogha ‘Aicsean’ a chliceáil mar atá léirithe ag seo thuas.

 

Pictiur de Daoine Ábhartha Revalent Person E2

 

Roinn E2. Daoine Ábhartha

Agus measúnú a bheith á dhéanamh ar d’iarratas, d’fhéadfadh méadú teacht ar líon na “ndaoine ábhartha” (seachas an t-iarratasóir é féin) i do theach atá ag freastal ar an mbreisoideachas nó an ardoideachais lánaimseartha na teorainneacha ioncaim inríofa arna ríomh do do theaghlach, agus luach an deontais a dhámhtar a mhéadú dá bharr.

I measc na daoine a áirítear mardhaoine ábharthatá:

  • Leanaí Cleithiúnacha;
  • Tuismitheoir(í) mic léinn cleithiúnaigh;
  • Céile, páirtí sibhialta nó comháitritheoir mic léinn neamhspleách;

atá ag freastal ar:

  • chúrsa atá ceadaithe de réir na Scéime Deontais do Mhic Léinn 2024
  • Chúrsa lánaimseartha breisoideachais nó ardoideachais a mhaireann bliain amháin ar a laghad atá lonnaithe sa Stát, san RA, nó i mBallstát eile as a dtiocfaidh mórdhámhachtain ar leibhéal idir Leibhéal 5 agus 10 ar an gcreat náisiúnta cáilíochtaí nó cáilíocht choibhéiseach a dhéanann a comhlacht dámhachtana aitheanta sa Stát, san RA, nó sa Bhallstát eile atá i

Cuir síos sonraí faoi gach aon duine dá leithéid le do thoil, ionas gur féidir d’ioncam inríofa a ríomh go cruinn beacht. Trí bhosca duine ábhartha a roghnú, d’aontaigh tú do chuid sonraí a roinnt ar mhaithe le crostagairt agus próiseáil a dhéanamh ar an iarratas don duine ábhartha sin má dhéanann siad iarratas ar SUSI ar dheontas mac léinn.

Ní úsáidfear sonraí iarratais na ndaoine ábhartha chun d’iarratas a phróiseáil ach amháin sa chás go roghnaíonn siad tusa i gCuid E2 dá bhfoirm iarratais chomh maith.

Is féidir “Daoine Ábhartha” mar atá sainmhínithe ag seo thuas a chur le d’iarratas ach an rogha action a roghnú, agus taispeánfar an scáileán ag seo thuas. ba cheart duit sonraí an “duine/ na daoine ábhartha” a chur isteach (más infheidhme) agus “Ok” a chliceáil.

 

Bailítear faisnéis faoin ioncam inríofa iomlán atá ábhartha don iarratas i gCuid F.

Sa chás gurb é an chur síos a rinne tú ort féin i gceist A14 (Rangú an Iarratasóra) ná “Mac Léinn Lánfhásta Neamhspleách” agus nach bhfuil tú pósta, i gcomhpháirtíocht shibhialta nó ag comhchónaí, ba cheart duitse, an t-iarratasóir, an chuid seo a líonadh isteach nuair atá sé ábhartha.

Sa chás gurb é an chur síos a rinne tú ort féin i gceist A14 (Rangú an Iarratasóra) ná “Mac Léinn Lánfhásta Neamhspleách” agus go bhfuil tú pósta, i gcomhpháirtíocht shibhialta nó ag comhchónaí, ba cheart duitse, an t-iarratasóir, agus do chéile, do pháirtí sibhialta, nó do chomhchónaitheoir na codanna ábhartha a líonadh isteach.

Sa chás gurb é an chur síos a rinne tú ort féin ná “Mac léinn atá spleách ar thuismitheoir(í)/chaomhnóir dlíthiúil/chaomhnóirí dlíthiúla” nó “Mac léinn lánfhásta atá spleách ar thuismitheoir(í)/chaomhnóir dlíthiúil/chaomhnóirí dlíthiúla”, ba cheart duitse, an t- iarratasóir, agus do thuismitheoir(í)/caomhnóir dlíthiúil/caomhnóirí dlíthiúla, de réir mar is infheidhme, na hailt ábhartha a líonadh isteach.

Tabhair do d’aire:

Beidh do chuid sonraí ioncaim, is é sin le rá sonraí ioncaim an iarratasóra, curtha ar fáil agat sa chéad chuid de chuid F. A luaithe is atá sé sin déanta, iarrfar ar pháirtithe ábhartha eile san iarratas a gcuid sonraí pearsanta agus ioncaim a chur isteach chomh maith.

Tá na ceisteanna don iarratasóir agus do na páirtithe eile san iarratas mar an gcéanna agus mar sin tá na nótaí ag seo thíos ábhartha do gach aon duine.

 

PIctiur de Iarrastasoir achroimhe (applicant income summary)

Pictiur de Ioncam (Iarratstoir) F1-F3

F1. An raibh tú fostaithe in 2023 ar bhonn lánaimseartha, páirtaimseartha nó sealadach?

Más rud é go raibh tú féin, do thuismitheoir(í)/chaomhnóir dlíthiúil/chaomhnóirí dlíthiúla, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, fostaithe am ar bith le linn 2023, cibé acu ar bhonn lánaimseartha, páirtaimseartha nó sealadach, ní mór duit a thabhairt dúinn an t- ollioncam iomlán a gnóthaíodh in 2023, lena n-áirítear aon sochar comhchineáil, ó gach uile phost, bíodh sé in Éirinn nó i dtír eachtrach. Sa chás go raibh ioncam eachtrach agat, ní mór duit an luach coibhéiseach a iontráil in Euro.

Ná cuir isteach ioncam anseo a thuilltear ón fhéinfhostaíocht é. Tá Ceist F4 dírithe ar an fhéinfhostaíocht.

Tá ioncam a thuilltear as páirt a ghlacadh i Scéim Fostaíochta Pobail (CE) ar cheann de na cláir atá ainmnithe leis an incháilitheacht don Ráta Speisialta deontais mhic léinn. Cuirimid sochair chomhchineáil ag a luach san áireamh chun críocha cánach ioncaim.

Ceadaímid an asbhaint chéanna ó ioncam le haghaidh caiteachais a bhaineann go díreach leis an fhostaíocht agus atá leagtha amach i do Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo) do 2023.

Tuilleamh an iarratasóra ón fhostaíocht le linn na saoire

Ní mór don iarratasóir aon ioncam do 2023 a áireamh sa chuid seo. Ceadófar asbhaint do thuillimh saoire réasúnta arb ionann é agus ioncam a thuilleann an t-iarratasóir ó fhostaíocht lasmuigh den téarma, suas go huasmhéid de €7,925.

F2. An bhfuair tú aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh in 2023 seachas sochar linbh?

Más ‘Tá’ an freagra atá roghnaithe agat, roghnaigh an íocaíocht ábhartha ón liosta atá ar an scáileán (m.sh. liúntas cíosa, liúntas cúraim altrama, srl.), agus cur síos cad é ráta seachtainiúil na híocaíochta sin, chomh maith le líon na seachtainí a raibh tú ag fáil na híocaíochta sin. Déanfar méid iomlán gach íocaíochta a ríomh go huathoibríoch ar an scáileán, ag brath ar an ráta agus líon na seachtainí ar iontráladh, agus taispeánfar méid chomh-iomlán.

F3. An bhfuair tú íocaíocht ó aon roinn rialtais nó gníomhaireacht stáit eile?

Más ‘Tá’ an freagra atá roghnaithe agat, roghnaigh an íocaíocht oiriúnach ón liosta atá ar an scáileán (m.sh. FSS, SOLAS nó Údarás Áitiúil), agus cur síos cad é ráta seachtainiúil na híocaíochta sin, chomh maith le líon na seachtainí a raibh tú ag fáil na híocaíochta sin. Déanfar méid iomlán gach íocaíochta a ríomh go huathoibríoch ar an scáileán, ag brath ar an ráta agus líon na seachtainí ar iontráladh, agus taispeánfar méid chomh-iomlán.

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F4-F7

F4. An raibh tú féinfhostaithe nó ag tabhairt faoin fheirmeoireacht in 2023?

Más rud é go raibh tú féinfhostaithe nó ag tabhairt faoin fheirmeoireacht le linn 2023, cuir sonraí ar fáil faoin ioncam go léir a thuilleadh nó faoin gcaillteanas iomlán a thabhaigh tú ón obair sin. Más rud gur éagsúil an bhliain ghnó a bhaineann leat leis an mbliain chánach, is é an t-ioncam ábhartha ná an t- ioncam atá sonraithe sna cuntais ghnó agat i ndáil le bliain a críochnaíonn ag pointe éigin idir an 1 Eanáir 2023 agus an 31 Nollaig 2023

Más é "Tá” an freagra a thug tú do cheist F4, taispeánfar tábla “Costais Aischurtha Féinfhostaithe le bheith comhlánaithe. Beidh ort é a líonadh isteach agus "Ok" a chliceáil sular féidir leat leanúint ar aghaidh.

Más rud é nach bhfuil do chuntais réidh, ba cheart duit meastacháin a chur isteach agus déanfar na figiúirí sin a dheimhniú trí na naisc atá againn leis na Coimisinéirí Ioncaim agus leis na cáipéisí ar iarradh.

F5. In 20232, an raibh aon ioncam cíosa agat ón talamh nó ón réadmhaoin atá agat in Éirinn nó i dtíortha eachtracha?

Más rud é go raibh ioncam cíosa nó ioncaim eile agat ó thalamh agus ó réadmhaoin in Éirinn nó i dtíortha eachtracha ag am ar bith le linn 2023, déan cur síos ar na sonraí faoin ioncam go léir a thuilltear nó na caillteanais a thabhaigh tú as na haonaid réadmhaoine sin a chur amach ar cíós. Más é "Tá" an freagra atá agat do cheist F5, taispeánfar tábla " Costais Aischurtha Ioncaim Cíos  le comhlánú.

F6. An raibh tú i do stiúrthóir dílseánaigh nó i do scairshealbhóir ar chuideachta theoranta in 2023?

Sa chás gur cuideachta theoranta a raibh tú i do stiúrthóir dílseánaigh air nó a raibh scairsheilbh chothromais shuntasach agat ann a d’íoc aon chuid de d’ioncam in 2023, roghnaigh an rogha "Tá" sa chás seo agus cuir sonraí faoin ioncaim sin isteach ag F1 thuas, lena n-áirítear sochair chomhchineáil.

F7. An bhfuair tú pinsean in 2023, seachas Pinsean Stáit Leasa Shóisialaigh?

Más ‘Tá’ an freagra a chuir tú leis, luaigh an glanmhéid an phinsin sin le do thoil. Sa chás go bhfuil ioncam agat féin, ag do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, ó phinsin seachas an Pinsean Stáit Leasa Shóisialaigh, idir an bpinsean ranníocach agus neamh-ranníocach araon, tabhair sonraí le do thoil.

 

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F8-F11

F8. An raibh aon ioncam agat in 2023 a tháinig ó choigilteas, ó chuntais taisce nó ó infheistíochtaí?

Má tá airgead nó infheistíochtaí agat féin, ag do thuismitheoir(í), caomhnóir dlíthiúil, céile, páirtí sibhialta nó comhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, in institiúid airgeadais nó in aon institiúid eile in 2023, cuir isteach méid comhlán an úis nó an ioncaim go léir ar tuilleadh ó choigilteas, ó chuntais taisce, ó iasachtaí pearsanta a fuair tú féin iad agus ó infheistíochtaí (stoic, scaireanna, bannaí, urrúis agus díbhinní).

Áirítear le hinfheistíochtaí: cairteacha coigiltis, bannaí árachais saoil nó aon ionstraimí airgeadais eile. Sa chás go gcarntar suas an t-ús nó an brabús agus go n-íoctar amach é mar chnapshuim ag deireadh na tréimhse infheistíochta ní thógaimid ach cuid den chnapshuim sin.

Maidir le leithdháiltí ó chuideachtaí Éireannacha, ba cheart duit an méid a fuarthas agus an cháin Éireannach a asbhaineadh as a chur san áireamh. Maidir le hús eachtrach agus díbhinní eachtracha, ba cheart duit an luach coibhéiseach in euro den mhéid comhlán a tuilleadh roimh don cháin eachtrach a bheith bainte, más ann, a bheith curtha áireamh.

F9. An raibh aon ioncam agat in 2023 a tháinig as comhaontú cothabhála?

Más ‘Tá’ a chliceáil tú, cuir isteach an méid le do thoil agus áirithe ann aon airgead a fuarthas mar chothabháil agus aon íocaíocht eile a rinneadh le tríú páirtí mar chuid d’oibleagáid cothabhála, m.sh. cíos, íocaíochtaí morgáiste, aisíocaíochtaí iasachta, árachas agus árachas saoil, costas cothabhála tí, deisiúcháin agus athnuachan, costas leighis, oideachas, srl.

F10. An bhfuair tú íocaíocht chnapshuime le linn 2023 mar gheall ar scor fostaíochta nó na iomarcaíochta?

Má fuair tú féin, do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, íocaíocht chnapshuime in 2023 a tharla mar gheall ar scor nó deireadh tréimhse fostaíochta (lena n-áirítear an iomarcaíocht), cuir síos sonraí faoi ag seo, le do thoil.

Scor: Sa chás go ndeachaigh tú féin nó do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, ar scor ón fhostaíocht nó ón fhéinfhostaíocht le linn 2023 agus go bhfuarthas cnapshuim dá bharr, cuirfimid cuid den chnapshuim sin san áireamh chun an t-ioncam inríofa a ríomh chun críocha deontais mac léinn. Déantar an chionnroinnt a chuirtear san áireamh a ríomh tríd an gcnapshuim scoir a roinnt ar líon na mblianta den tseirbhís inphinsin. Más féinfhostaithe atá tú, is éard is ceart duit a chur isteach le haghaidh ‘na seirbhíse inphinsin’ ná an líon blianta a rinne tú ranníocaíochtaí le táirge scoir.

Iomarcaíocht: Sa chás go ndeachaigh tú féin nó do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, ar scor ón fhostaíocht nó gur cuireadh ar Iomarcaíocht aon duine díobh le linn 2023 agus go bhfuarthas cnapshuim dá bharr, cuirimid cuid den chnapshuim sin san áireamh chun an t-ioncam inríofa a ríomh chun críocha deontais mac léinn. Déantar an chuidroinnt a chuirtear san áireamh a ríomh tríd an gcnapshuim a roinnt ar líon na mblianta de sheirbhís atá ag an duine leis an fhostóir.

F11. An raibh aon ioncam agat in 2023 ó dhiúscairt sócmhainní nó cearta?

Más rud é go raibh, cuir isteach sonraí faoi na gnóthachain agus caillteanais uile ar an tábla "Diúscairt Sócmhainní agus Cearta" a bheidh le feiceáil agat ag deireadh na foirme iarratais. Is féidir aon chaillteanais a tharla mar gheall ar dhiúscairt sócmhainne a fhritháireamh i gcoinne na bhfoinsí ioncaim eile go léir sa tréimhse thagartha. Ní chuirfear ach cuid d’aon ghnóthachan san áireamh agus an t- ioncam inríofa á ríomh againn.

PIcriur de Ioncam (Iarratstoir) F12-F14

F12. An bhfuair tú aon bhronntanais nó oidhreacht in 2023?

Má fuair tú féin, do thuismitheoir(í), do chaomhnóir dlíthiúil, do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheoir, de réir mar is infheidhme, bronntanais nó oidhreacht in 2023, ní mór duit an tábla "Gifts and Inheritances" a líonadh isteach. Beidh an tábla seo ar taispeáint go huathoibríoch le bheith líonta isteach roimh duit d’iarratas a chur isteach. Cuir síos sonraí faoi gach uile bhronntanas agus oidhreacht, fiú más rud é nach raibh ort iad a thuairisciú do na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha na Cánach Fáltais Chaipitiúla. Níl aon eisceachtaí leis sin, seachas amháin:

  • Más mac léinn neamhspleách thú, bronntanais agus oidhreacht idir an t-iarratasóir agus a chéile, a pháirtnéir sibhialta nó a chomhchónaitheoir
  • I gcás gach cineál d’iarratasóir eile: bronntanais agus oidhreacht idir tuismitheoir(í) nó caomhnóir dlíthiúil agus bronntanais agus oidhreachtaí don iarratasóir óna thuismitheoir(í) nó óna chaomhnóir dlíthiúil

F13. An bhfuair tú aon ioncam eile, dála ioncam eachtrach, Scoláireachtaí, Sparánachtaí nó aon mhaoiniú eile ó fhoinsí nach bhfuil luaite thuas?

 Más rud é go dtugann tú freagra dearfach le ceist F13a, Roghnaigh ceann de na roghanna sa bhosca aníos (féach an liosta ar an gcéad leathanach eile).

Más rud é go dtugann tú “Tá” le ceist F13b Úsáid an bosca téacs le do thoil chun cur síos a dhéanamh ar an bhfoinse agus cuir isteach an méid atá i gceist sa bhosca ioncaim.

Más rud é go dtugann tú freagra dearfach le ceist F13c Comhlánaigh an tábla “Tailte Coille” ag deireadh na foirme iarratais. Is éard atá i gceist leis sin ná aon ioncam a fhaightear as Tailte Coille a dhíol idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023. Áirítear leis seo ioncam ó dhíolacháin phríobháideacha nó ioncam ón Roinn Talmhaíochta, Feirmeoireachta agus Mara nó comhlacht dá leithéid, idir comhlachtaí sa Stát agus lasmuigh de.

 

Image of Irish Income scolarships-bussary

F13 (a) Scoláireachtaí & Sparánachtaí

Ioncam ó Scoláireachtaí/Sparánachtaí - Is éard atá i gceist leis seo ná aon ioncam, idir ioncam cothabhála agus/nó tháillí, a fhaightear ó Scoláireachtaí nó Sparánachtaí idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023. Níor cheart an deontas SUSI, an Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn, TAP, HEAR agus DARE a áireamh leis. Sa chás nach bhfuil sé sonraithe ag seo, bain úsáid as an rogha“Eile"chun é a chríochnú.

Ag seo a leanas, samplaí de na cineálacha de Scoláireachtaí/Sparánachtaí gur chóir a bheith curtha san áireamh;

  • Dámhachtainí dála scoláireachtaí, duaiseanna nó sparánachtaí, a thagann ón institiúid ar a bhfuiltear ag freastal;
  • Dámhachtainí um an taighde iarchéime sa chás nach sáraíonn an roinnchuid stipinne den dámhachtain ceann méidsonraithe, agus €19,000 an méid atá sonraithe don bhliain acadúil ábhartha;
  • Scéimeanna Sparánachta Tríú Leibhéal de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna;
  • An Scéim Scoláireachta Uile-Éireann.

F13(b) Ioncam ó Fhoinsí nach bhfuil luaite

Is éard atá i gceist leis seo ná aon ioncam eile a fuarthas ó fhoinsí nach bhfuil luaite in aon cheann de na ceisteanna go dtí seo, idir F1 agus F12 ar an bhfoirm iarratais, idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023. Leis seo, d’fhéadfadh a bheith áirithe; ioncam eachtrach - Is éard atá i gceist leis seo ná aon ioncam a thuilltear lasmuigh den Stát é idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023.

Ioncam atá díolmhaithe ó cháin - ealaíontóirí, ioncam coillearnaí, paitinní, faoiseamh cíosa i leith seomraí ar cíos nó seirbhísí cúram leanaí. (Nóta: bhí táillí graí staile agus táillí graí con díolmhaithe ó cháin ach tá siad incháinithe ó bhí an 1 Lúnasa 2008 ann). Má tá ioncam agat ó na gníomhaíochtaí seo ba chóir duit é a áireamh i gCeist F4 - An fhéinfhostaíocht agus an fheirmeoireacht.

Socraíochtaí, iontaobhais, cúnaint agus eastáit - I gcás cúnaint, ní gá duit féin, mar an t- iarratasóir, ioncam a fhaigheann tú faoi chúnant ó do thuismitheoir(í) nó ó chaomhnóir dlíthiúil a áireamh ach amháin sa chás gur mac léinn neamhspleách tú.

Táillí, coimisiúin nó ioncam eile dá leithéid, a thuilltear lasmuigh de do phríomhfhostaíocht nó d’fhéinfhostaíocht. Sochair nach n-áirítear ar d’Achoimre ar Shonraí Fostaíochta (P60 roimhe seo) nó ar do Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo), mar shampla, ranníocaíochtaí PRSA fostóra agus sochair inchánach eile. Oll-luach na suimeanna ar aistarraingíodh iad ó tháirgí pinsin, cé is moite den chnapshuim saor ó cháin.

 Cúnaint shriantacha. Íocaíochtaí a fuarthas ag tosach na tréimhse fostaíochta. Suimeanna a fuair tú tar éis deireadh teacht le gnólacht a bheith ag trádáil, fiacha ar measadh iad gan a bheith inbhailithe, mar shampla, nuair a tháinig deireadh leis an ngnólacht a bheith ag trádáil. Gnóthachain ó dhuaisbhannaí, ó chrannchuir, ón gcearrbhachas nó ó scuabgheallta. Aon ioncam nó aon shochar eile nach bhfuil cur síos déanta air i gCuid F.

F14. Ar íoc tú íocaíocht chothabhála atá infhorfheidhmithe le dlí le linn 2023, a tharla mar gheal ar idirscaradh nó colscaradh?


Más amhlaidh, cuir isteach an oll-mhéid iomlán ar íocadh. Féadfar asbhaint a dhéanamh i leith íocaíochtaí cothabhála le céile scartha ar an gcoinníoll go bhfuil comhaontú idirscartha dlíthiúil nó colscartha i bhfeidhm. Is é an méid atá inasbhainte ó ioncam inríofa an méid atá le feiceáil ar do Ráiteas Fhéinmheasúnaithe Ioncaim nó Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo).

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F15-F16

F15. Ar íoc tú aon ranníocaíochtaí pinsin in 2023? (Ná cuir asbhaint pinsin na hearnála poiblí ná aon asbhaint phinsin a ndearnadh ag an bhfoinse í san áireamh).

Ceadaímid asbhaint le haghaidh ranníocaíochtaí le scéimeanna pinsin agus táirgí pinsin nó scoir, mar shampla, Cuntas Coigiltis Scoir Pearsanta (PRSA) nó Conradh Blianachta Scoir (RAC), a íoctar sa tréimhse thagartha amháin, laistigh de na teorainneacha atá ceadaithe na Coimisinéirí Ioncaim, ach eisímid aon ranníocaíochtaí ‘neamh-mhaolaithe' ar tugadh ar aghaidh iad ó bhlianta roimhe seo.

Ceadaímid asbhaint do thobhach pinsin na seirbhíse poiblí freisin.

Cuir isteach na ranníocaíochtaí pinsin nó scoir ar ceadaíodh iad chun críocha cánach ioncaim do 2023 mar atá léirithe ar do Ráiteas Féinmheasúnaithe Ioncaim nó Ráiteas ar Inbhuanaitheacht (P21 roimhe seo), tar éis duit aon ranníocaíochtaí ‘neamh-mhaolaithe’ a asbhaint ó bhlianta roimhe seo.

F16. Ar tháinig athrú buan ar do chúinsí maidir leis an ioncam inríofa idir 2023 agus seo? Cuir síos sonraí faoi cad é an t-athrú buan seo ar do chúinsí, le do thoil.

 Má thagann laghdú ar d’ioncam, nó ioncam do thuismitheora, do chaomhnóra dlíthiúil, do chéile, do chomhpháirtí sibhialta nó do chomhchónaitheora, de réir mar is infheidhme, idir an 1 Eanáir agus deireadh na bliana acadúla 2024/25, agus gur dóchúil é go leanfar leis an titim ioncaim sin ar feadh ré an chúrsa cheadaithe nó go ceann i bhfad, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú a bheith déanta ar do iarratas ar diúltaíodh é nó gur bronnadh páirt-dheontas ort ina leith roimhe seo.

Más rud é nach bhfuil foirm iarratais ar dheontas mac léinn críochnaithe agat don bhliain acadúil 2024/25 agus go bhfuil d’ioncam anois laistigh de na teorainneacha sonraithe, d’fhéadfá iarratas a dhéanamh ar dheontas mac léinn mar gheall ar athrú ar chúinsí agus déanfar é a mheas bunaithe ar d’ioncam reatha (2023) seachas ar d’ioncam sa bhliain thagartha (2023). Déanfaimid athmheasúnú ar d’iarratas don bhliain acadúil 2025/26, mar sin féin, áfach. Beidh an t-athbhreithniú seo bunaithe ar d’ioncam sa tréimhse thagartha don bhliain acadúil 2025/26 (i.e. 2024)

F16. Eolas Breise

Ag seo, cuir isteach aon nótaí breise a mheasann tú a bheith tábhachtach maidir le measúnú ar d’iarratas ar dheontas. Ba cheart an réimse seo de théacs saor a úsáid chun aon fhaisnéis thábhachtach, nó chun an fhaisnéis thábhachtach uile, a bhaineann le d’iarratas a chur in iúl nach bhféadfaí é a ghabháil sna Codanna idir Cuid A agus Cuid F a d’fhéadfadh a bheith ábhartha.

Mar shampla, d’fhéadfadh tuismitheoir a bheith scartha agus ag maireachtáil le páirtí ag an seoladh baile. Braitheann an teaghlach ar thacaíocht airgeadais ón fhostaíocht atá ag an pháirtí/íocaíocht ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta & Coimirce Sóisialaí (RGFCS). Tabhair sonraí faoi i gcuid F16, le do thoil.

Mar shampla eile de, d’fhéadfadh Athrú buan ar Chúinsí a lua a d’fhéadfadh athbhreithniú a bheith de dhíth le dhéanamh ar ioncam reatha seachas ar an ioncam sa tréimhse thagartha, is é sin le rá 2023. Féadfar go raibh duine éigin sa líon tí ag obair in 2023 a rinneadh é ina iomarcach ó shin le linn 2024. Tabhair sonraí faoi i gcuid F16, le do thoil.

PIctiur de Ioncam (Iarratstoir) F15-F16 CIC

Tar éis duit Cuid F a bheith líonta agat ina hiomláine, tabharfar achoimre duit ar an bhfaisnéis uile atá curtha isteach agat, agus is féidir leat í a leasú, más gá.

PIctiur de ioncam Iarratstoir Achoimre

Tar éis ioncam an iarratasóra a dhearbhú/a leasú, ní mór na sonraí pearsanta agus ioncaim i ndáil le gach uile pháirtí eile san iarratas (tuismitheoirí/caomhnóir dlíthiúil/céile srl.) a bheith líonta isteach.

image of irish other parties second entry validate and submit

Ní mór an t-údarú chun sonraí pearsanta a sholáthar a chríochnú ag an bpointe sin.

 

Pictiur de Udadas Sonrai persanta a chur ar fail

A luaithe is atá sé deimhnithe go bhfuil ceadú faighte, caithfidh na ceisteanna ioncaim idir F1 agus F16 a chríochnú i ndáil le gach páirtí eile san iarrata.

Pictiur deSonrai persanta eile D1-D8

 

 

PIctiur de Maither Inocme summary

 

 

 

Nuair atá sonraí gach duine “críochnaithe”, féadfar duit an cnaipe ‘Bailíochtaigh an tIarratas ar dheontas’ a chliceáil chun leanúint ar aghaidh go dtí na céimeanna deiridh sula gcuireann tú an t- iarratas faoi bhráid SUSI lena phróiseáil.

PIctiur de partai eile den iarratas (Iarratasoir

 

Taispeánfar achoimre ar seo a leanas duit:

Ráiteas SUSI maidir le Cosaint Sonraí

 Caithfidh tú a chur in iúl go bhfuil sé léite agat agus go n-aontaíonn tú leis an Ráiteas Cosanta Sonraí ina iomláine. Caithfidh gach duine atá ainmnithe ar an bhfoirm iarratais a dhearbhú go bhfuil an ráiteas léite acu agus go dtuigeann siad an t-ábhar atá ann.

Ráiteas Príobháideachais SUSI

 Taispeánfar an bosca toilithe maidir leis an “bPríobháideacht Sonraí” duit le ligean duit a thabhairt le fios go dtugann tú toiliú do SUSI do chuid Sonraí Pearsanta a phlé leis na páirtithe eile san iarratas agat.

Dearbhú SUSI

Ansin, taispeánfar dearbhú agus é luaite ann go bhfuil na Nótaí Tábhachtacha d’Iarratasóirí Deontais léite agat. Caithfidh an t-iarratasóir agus gach páirtí eile san iarratas an dearbhú seo a líonadh isteach dó féin.

Is féidir leat logáil isteach i do Chuntas SUSI níos déanaí chomh maith, más gá duit do shocruithe toilithe a nuashonrú. Is féidir leat tríú páirtí a chur le d’iarratas anseo agus toiliú a thabhairt do SUSI labhairt leo faoi d’iarratas.

 

Pictiur de Riateas un Chionsaint ,Roghanna

Is féidir leat cliceáil anois ar an gcnaipe ‘Cuir Iarratas Isteach. Leis sin, beidh d’iarratas curtha isteach chuig SUSI ar líne. Déantar d’iarratas a chur isteach le bheith próiseáilte nuair a roghnaíonn tú ‘Ok’. Nuair a chuirtear isteach é, beidh tú in ann do chuid sonraí teagmhála a athrú sa chuid faoi “Do Chuid Sonraí Pearsanta” ar an bpríomh-roghchlár a úsáid.

image Irish Submit application

Leis sin, tá d’iarratas curtha isteach

Image Irish Application Submitted