Turais Allamuigh Éigeantacha

Turais Allamuigh Éigeantacha

Maoiniú do Thurais Allamuigh Éigeantacha  

Má bhronntar deontas ort, b’fhéidir go mbeifeá incháilithe chun aisíocaíocht a fháil le haghaidh na gcostas sonrach a thabhaigh tú le linn duit a bheith ar thuras allamuigh éigeantach.

Is é an sainmhíniú a thugtar ar thuras éigeantach allamuigh ná turas allamuigh atá mar chuid lárnach de chúrsa. Déantar an turas ar mhaithe le fíricí a aimsiú nó ar mhaithe le cuspóirí taighde, agus ní féidir leis an mac léinn céim a bhaint amach ná leanúint ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile dá chúrsa gan freastal ar an turas.

  • Mic léinn atá incháilithe don deontas cothabhála
  • Mic léinn a bhfuil liúntas acu chun Filleadh ar an Oideachas acu atá incháilithe do dheontas táille amháin
  • Mic léinn theagaisc atá incháilithe do dheontas táillí faoi Scéim Deontais an Mhic Léinn na bliana reatha chun freastal ar chúrsa iarchéime faofa sa stát
  • Mic léinn iarchéime a bhfuil Ráta Deontais Speisialta á fháil acu.

Braitheann an ráta atá iníoctha ar cibé acu an sáraíonn nó nach sáraíonn costas na táille teagaisc móide ranníocaíocht an mhic léinn teorainn uasta na dtáillí atá cothrom le €6,270.

Mír Costais

Sampla 1

Sampla 2

Costas an Táille Teagaisc

€3,000

€4,500

Ranníocaíocht Mic Léinn

€2,000

€2,000

Iomlán

€5,000

€6,500

Uasteorainn Táille

€6,270

€6,270

Uasmhéid fágtha le haghaidh Turais Allamuigh

(Uasteorainn Táille lúide an tIomlán)

€1,270

0

 

Costais réasúnacha iompair phoiblí agus chóiríochta tabhaithe agus costais chóiríochta a bhaineann go díreach leis an turas allamuigh.;

  • Ní mór admhálacha a sholáthar lena n-áirítear cártaí bordála eitleáin amach agus isteach más cuí.
  • Ní ghlactar le breosla cairr mar chostas incheadaithe.