Do chuid Cáipéisí a sheoladh ar ais

Do chuid Cáipéisí a sheoladh ar ais

Do chuid Cáipéisí a sheoladh ar ais

Go ndéanfar measúnú ceart ar d’iarratas, b’fhéidir go n-iarrfar ort cáipéisíocht a sholáthar chun tacú le d’iarratas ar dheontas

Braithfidh na cáipéisí a iarrtar ort a sholáthar ar shonraí d’iarratais.

A luaithe a sheolann tú do cháipéisí isteach, déanfar athbhreithniú ar d’iarratas in ord fála.

Mura leor an cháipéisíocht a cuireadh ar fáil nó má thagann faisnéis nua chun cinn, is féidir go n-iarrfaí ort roinnt doiciméad breise a chur isteach.

D’fhéadfadh sé nach mbeidh an fhoirm Fianaise ar Dhuine Iomchuí san Oideachas agus Fógraí Athraithe Cúrsa ar fáil go dtí níos déanaí sa bhliain acadúil.

Do Threoir maidir le Doiciméid Tacaíochta a mhíníonn na doiciméid a nglacfaidh SUSI leo chun do chinneadh iarratais a thabhairt chun críche.

Conas do dhoiciméid a sholáthar do SUSI

  • Cuir d'uimhir iarratais (W) leis na doiciméid go léir
  • Seol na doiciméid go léir le chéile nuair is féidir
  • Ba chóir na doiciméid a thabhairt ar ais nuair is féidir. Tugtar spriocdháta duit ar an litir iarratais, má bhíonn moill ort chun cáipéis a aimsiú, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le deasc chabhrach SUSI
  • Cinntigh go bhfuil an fhoirm dhearbhaithe, (má tá sí faoi iamh le litir sheicliosta na gcáipéisí a iarrtar a sheoltar chugat) sínithe ag gach páirtí ábhartha agus go seoltar ar ais í. Ní ghlacfar le foirmeacha neamhiomlána dearbhaithe agus d’fhéadfadh seo moill a chur ar d’iarratais.
  • Ní theastaíonn ach fótachóipeanna de cháipéisí bunúla uainn.
  • Ní ghlacfar le cáipéisí ach i mBéarla nó i nGaeilge.

 

Do Threoir maidir le Doiciméid Tacaíochta

D’fhonn d’iarratas a mheas i gceart, féadfar go n-iarrfar ort cáipéisí a chur ar fáil mar thaca le d'iarratas ar dheontas sa chás nach féidir linn, i gcásanna áirithe, an fhaisnéis a theastaíonn chun sonraí ar d’fhoirm iarratais a dhearbhú go huathoibríoch trí na naisc atá againn le ranna rialtais eile.

Tá treoir curtha ar fáil duit sa cháipéis seo maidir leis na cáipéisí a d’fhéadfaí a iarraidh uait agus maidir leis na cineálacha cáipéisí a bhfuil SUSI in ann glacadh leo chun sonraí d’iarratais a dheimhniú.

Agus do chuid cáipéisí á soláthar agat, ba cheart duit a dhéanamh cinnte de;

  • Go bhfuil d’uimhir iarratais (W2425xxxxxxxx) curtha le gach aon cháipéis.
  • Go bhfuil na cáipéisí go léir ar iarradh orthu curtha isteach chugainn le chéile.
  • Go gcuireann tú na cáipéisí uile agat isteach chugainn chomh luath is gur féidir. Tugtar spriocdháta duit ar an litir iarratais, ach sa chás go bhfuil moill curtha ort agus tú ag déanamh iarracht cáipéis ar leith a aimsiú, déan teagmháil le deasc tacaiochta SUSI.
  • Go bhfuil tú lánchinnte de go ndéanann na páirtithe ábhartha uile a n-ainm a chur leis an fhoirm dhearbhaithe atá faoi iamh sa litir iarratais a shíniú agus go gcuirtear ar ais chugainn í. Ní ghlacfar le foirmeacha dearbhaithe nach bhfuil críochnaithe agus d’fhéadfadh sé sin moill a chur le d’iarratas a bheith próiseáilte.

 

Braithfidh sé ar na sonraí atá san iarratas agat cad iad na cáipéisí a mbeidh á n-iarraidh ort.Tar éis duit do chuid cáipéisí a chur isteach, déanfar d’iarratas a athbhreithniú. Déantar iarratais a athbhreithniú in ord an dáta a dtagann siad isteach. Más rud é nach leor na cáipéisí atá curtha isteach ag an bpointe seo, nó má thagann faisnéis nua chun cinn, féadfar go n-iarrfar ort roinnt cáipéisí breise a chur isteach.

  • Ní theastaíonn uainn ach amháin fótachóipeanna de na cáipéisí bunaidh.
  • Aon cháipéis a chuirtear ar fáil í atá i dteanga nach Béarla í, beidh cóip aistrithe fíoraithe de de dhíth.

A5-8: Sonraí Breithe

Cuir isteach fótachóip de do theastas breithe, le do thoil. Más in Éirinn a rugadh tú, is é an leagan fada den teastas breithe atá de dhíth.

Más i dteanga iasachta atá do theastas breithe, ba cheart aistriúchán oifigiúil Béarla a bheith ag gabháil leis.

 

A13: Foirm Fógartha um Athrú Cúrsa (CCN) 

Líon isteach an Fhoirm Fógartha um Athrú Cúrsa Ar Líne (CCN) le do thoil chun SUSI a chur ar an eolas faoin gcúrsa agus an áit ar ghlac tú leis ar chúrsa tríú leibhéil. Chun é seo a dhéanamh, ba cheart duit logáil isteach i do chuntas cláraithe SUSI ar líne ag www.susi.ie  ag baint úsáide as d’ainm úsáideora, do phasfhocal agus do chód bioráin chun d’fhoirm CCN a chomhlánú agus a chur isteach ar líne.

Ní gá d’iarratasóirí CAO a bhfuil sé roghnaithe acu sonraí a gcúrsa a roinnt le SUSI foirm CCN a chur isteach. Cuirfidh an CAO sonraí do chúrsa ar fáil do SUSI.

Conas Líonadh Isteach d’Fhoirm CCN (iarratasóirí seachas iarratasóirí CAO)

Is féidir é seo a dhéanamh ar líne ach logáil isteach i do Chuntas SUSI agus cliceáil ar an táb “My Course” [“Mo Chúrsa”]. Líon isteach an fhoirm CCN ar líne. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil uait chun d’Foirm Fógartha um Athrú Cúrsa (CCN) a chomhlánú.

An t-ainm úsáideora, pasfhocal agus cód bioráin uathúil don chuntas SUSI atá agat féin.

 

Cód do Chúrsa agus teideal iomlán an chúrsa Ainm iomlán an choláiste ar a mbeidh tú ag freastal

D’uimhir iarratais W2425.........(beidh sí seo ar gach aon phíosa comhfhreagrais a gheobhaidh tú ó SUSI)

A14a-b: Fianaise ar an gCónaitheacht Neamhspleách roimh duit tosú ar chúrsa Breisoideachais nó Ardoideachais ceadaithe nó roimh duit athiontráil ann. Teastaíonn fianaise ón mbliain roimh duit iontráil / athiontráil sa chúrsa ar a bhfuil tú ag freastal (tráth nach deireanaí ná Deireadh Fómhair) AGUS ón mbliain ar iontráil / athiontráil tú sa chúrsa ar a bhfuil tú ag freastal (tráth nach deireanaí ná an chéad phointe iontrála)

Más rud é go bhfuil iarratas déanta agat mar Mhac Léinn Lánfhásta Neamhspleách, caithfidh tú a bheith in ann cáipéisí a chur ar fáil chun deimhniú go raibh tú neamhspleách agus go raibh gnáthchónaí ort ag an seoladh i gceist.

Chun léiriú nach raibh tú i do chónaí de ghnáth le do thuismitheoir(í)/chaomhnóir(í) dlíthiúil/dlíthiúla ó mhí Dheireadh Fómhair na bliana roimh do do chéad phointí iontrála (nó ath-iontrála) ar chúrsa faofa, chuir ar fáil fianaise dhoiciméadach, le do thoil, de do chónaitheach neamhspleách arna dáta:

  1. An bhliain roimhe sin suas go dtí an pointe iontrála (aon mhí nach níos deireanaí ná Deireadh Fómhair é); AGUS
  2. Bliain an phointe iontrála (ó aon mhí nach níos déanaí ná an dáta iontrála).

Seo a leanas samplaí de dhoiciméid gur féidir glac leo:

Litir ina ndearbhaítear go bhfuil an seoladh cláraithe leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha;

Conradh léasa ó Údarás Áitiúil nó litir ina ndearbhaítear go raibh cíos agat faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (RAS) nó faoi aon Scéim Tithíochta Rialtais nó faoi aon Socrúhán Tithíochta Rialtais. Ní ghlacfar le Conarthaí Léasa Tithíochta Príobháideacha;

Litir ar pháipéar ceannteidil ó Ghníomhaireacht Chíosghnólachta ina ndeimhnítear do thionóntacht;

Litir ina ndearbhaítear go bhfuarthas Liúntas Cíosa, Forlíonadh Ús Morgáiste nó Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus an tréimhse inar fuarthas é.

Bille fóntais nó ráiteas breisithe íoc-mar-a-úsáidtear méadair fóntais i d’ainm féin, mar shampla; teileafón líne thalún (Ní ghlacann SUSI le billí gutháin soghluaiste), bille leathanbhanda seasta, bille gáis, leictreachais nó bille teilifíse cábla/satailíte/billí téimh tí/billí dramhaíola/rátis morgáiste/litreacha cánach maoine.

Más in ainm do chéile atá na billí fóntais sa teaghlach, cuir isteach bhur ndeimhniú pósta in éineacht leis an mbille fóntais, le do thoil.

Más comhchónaitheoir tú, glacfar le billí fóntais in ainm do pháirtí a chlúdaíonn an tréimhse ábhartha in éineacht le doiciméad comhfhreagrais m.sh. ráiteas bainc/Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo) ar eisíodh don iarratasóir chuig an seoladh céanna agus a chlúdaíonn an tréimhse ábhartha.

Cáipéisí oifigiúla a seoladh chugatsa ag an seoladh agus a bhaineann le do chónaitheach ann.

Mar shampla:

Litir ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus deimhniú inti go bhfuil Liúntas Cíosa ceangailte leis an seoladh seo;

Litir ó aon Roinn Rialtais ar bith ina ndeimhnítear go bhfuil tú ag maireachtáil go neamhspleách ó do thuismitheoirí.

Tabhair do d’aire: Ní ghlacann SUSI le ráitis bhainc gan aon fhianaise eile curtha leo chun na críche seo.

Ní leor doiciméid a bhaineann leis an seoladh nach bhfuil iontu ach comhfhreagras ó sheoladh eile - ní mór go mbaineann na doiciméid le do chónaitheacht ag an seoladh sin.

Nóta: Más rud é nach féidir leat na cáipéisí atá luaite ag seo thuas a sholáthar nó más rud é go ndearna tú iarratas mar mhac léinn neamhspleách d’earráid, téigh i dteagmháil le support@susi.ie agus iarr ar an rogha a fháil ath-iarratas a dhéanamh mar mhac léinn cleithiúnach. Ní mór go ndéanfar an iarraidh seo laistigh de 30 lá ón dáta atá luaite ar do litir seo.

Eiseamláir 1: An chéad phointe iontrála / athiontrála sa bhreisoideachas / san ardoideachas in 2024/25:

Cáipéisí atá ó 2023 agus nach dar dáta tráth nach deireanaí ná Deireadh Fómhair 2023 agus cáipéisí dar ndáta an bhliain reatha, is é sin le rá 2024.

Eiseamláir 2: An chéad phointe iontrála / athiontrála sa bhreisoideachas / ardoideachas in 2019/2020:

Cáipéisí atá ó 2018 agus nach dar dáta tráth nach deireanaí ná Deireadh Fómhair 2018 agus cáipéisí dar ndáta an bhliain inar thosaigh tú sa chúrsa roimh dháta tosaigh an chúrsa (i.e. sa chás seo, an bhliain 2019).

Nóta: Ní foláir duit féin, an t-iarratasóir, a bheith 23 bhliain d’aois nó níos sine ná sin, ar an 1 Eanáir don bhliain de do chéad phointe iontrála / athiontrála sa bhreisoideachas nó san ardoideachas agus tú rangaithe mar Mhac Léinn Lánfhásta Neamhspleách.

A15: Fianaise ar an Scaradh

Cuir ceann amháin de na míreanna ag seo a leanas ar fáil mar chruthúnas ar an scaradh nó an colscaradh: 

Comhaontú idirscartha;

Foraithne colscartha;

Comhshocraíocht Chothabhála arna hOrdú ag Cúirt;

Foraithne díscaoilte i ndáil chomhpháirtíocht shibhialta;

Fianaise ón Roinn Coimirce Sóisialaí ina ndeimhnítear go bhfuarthas Liúntas Banchéile Thréigthe nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora;

Sa chás nach bhfuil aon chomhaontú dlíthiúil ann, litir ó d’aturnae, agus dearbhú soiléir déanta aige ann go bhfuiltear scartha agus / nó go bhfuil imeachtaí dlí ar fónamh;

Litir / cáipéis ó Sheirbhís Idirghabhála Teaghlaigh, ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil, mar shampla, ina ndearbhaítear go bhfuil tú ag glacadh páirte san idirghabháil teaghlaigh nó go bhfuil amhlaidh déanta agat;

Cruthúnas nach bhfuiltear in aontíos le chéile, m.sh. billí fóntais ar leith don tréimhse chéanna ama in 2023. Tabhair faoi deara le do thoil nach nglactar le billí fón póca ná le ráitis bhainc ina n-aonar, gan aon chruthúnas eile, mar chruthúnas nach bhfuiltear in aontíos le chéile.

 

A19: Ráiteas SDOG (Scéim Deiseanna Oiliúna Gairme) (VTOS)

Déan an fhoirm um Ráiteas SUSI VTOS a íoslódáil ó www.susi.ie agus iarr ar an mBord Oideachais agus Oiliúna a rinne an íocaíocht í a líonadh isteach agus a stampáil.

B2 Fianaise ar an Náisiúntacht

Má iarrtar ort, beidh ort ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a sholáthar mar chruthúnas ar do náisiúntacht:

Teastas breithe Éireannach (cóip den leagan fada den teastas breithe), más ar oileán na hÉireann a rugadh tú);

Cóip de do phas;

Cárta aitheantais náisiúnta arna eisiúint ag Ballstát de chuid an AE;

Deimhniú eadóirseachta;

Teastas cláraithe breitheanna ó thír eachtrach;

Más i dtír lasmuigh d’Éirinn a rugadh tú, ach gurbh é in Éirinn a rugadh do thuismitheoir(í), agus más rud é nach bhfuil pas Éireannach agat faoi láthair, cuir isteach cóipeanna den teastas/de na teastais bhreithe Éireannacha atá ag do thuismitheoir(í) mar fhianaise ar do náisiúntacht Éireannach.

 

B3 (a-g) Fianaise ar an Stádas Inimirce

Cuir isteach an litir / na litreacha a d’eisigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais duit ina ndeimhnítear do stádas inimirce in Éirinn.

Más rud é nach féidir leat an bhunchóip den litir a d’eisigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais (RDCC) ina ndeimhnítear do stádas inimirce in Éirinn a thaispeáint, íoslódáil an fhoirm SUSI DJE-No PTR Letter-Permissions ó www.susi.ie  agus cuir ar ais an fhoirm, comhlánaithe agus sínithe, agus treoir inti do SUSI teagmháil a dhéanamh leis an RDCC thar do cheannsan féin, mar aon leis na cáipéisí eile go léir atá liostaithe thuas.

B3 (a-g) Cárta Bhiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána / Cead Cónaithe Éireannach

Beidh ort cóip de do chárta reatha Bhiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána (GNIB) nó do Chead Cónaithe Éireannach (IRP) a thaispeáint. Caithfidh an taobh tosaigh agus an taobh thiar den chárta nó den chead a bheith ar gach cóip a chuirtear isteach.

B3 (d)(i) Fianaise ar chead fanacht sa Stát de bhua dó nó di a bheith pósta le náisiúnach Éireannach a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát, nó

Cuir isteach na míreanna seo a leanas le do thoil:

Cóip de do phas agus de do theastas breithe;

Cóip de do chárta reatha Bhiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána (GNIB) nó do Chead Cónaithe Éireannach (IRP). Caithfidh taobh tosaigh agus an taobh thiar den chárta nó den chead a bheith ar gach cóip de;

Cóip de do dheimhniú pósta / comhpháirtíochta sibhialta le náisiúnach Éireannach;

Fianaise gur Náisiúnach Éireannach do chéile / pháirtí; a p(h)as Éireannach, mar shampla, a t(h)eastas breithe Éireannach nó a t(h)eastas eadóirseachta Éireannaigh.

B3 (d)(ii) Fianaise ar chead fanacht mar cleithiúnach de chuid duine a bheith pósta le náisiúnach Éireannach, nó atá i gcomhpháirtíocht shibhialta le náisiúnach Éireannach, a bhfuil cónaí air nó uirthi sa Stát.

Cuir isteach na míreanna seo a leanas le do thoil:

Cóip de do phas agus de do theastas breithe;

Cóip de do chárta reatha Bhiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána (GNIB) nó do Chead Cónaithe Éireannach (IRP).

Caithfidh taobh tosaigh agus an taobh thiar den chárta nó den chead a bheith ar gach cóip de;

Cóip de dheimhniú pósta do thuismitheora nó dá dheimhniú comhpháirtíochta sibhialta le náisiúnach Éireannach;

Fianaise gur Náisiúnach Éireannach é céile / pháirtí do thuismitheora; a p(h)as Éireannach, mar shampla, a t(h)eastas breithe Éireannach nó a t(h)eastas eadóirseachta Éireannaigh.

B3 (d)(iii) Fianaise ar Chead chun Fanacht mar chleithiúnaí ar dhuine a bhfuil Saoránacht Éireannach faighte aige trí Eadóirseacht agus a bhfuil cónaí air sa Stát

Cuir isteach na míreanna seo a leanas le do thoil:

Cóip de do phas agus de do theastas breithe;

Cóip de do chárta reatha Bhiúró Náisiúnta Inimirce an Gharda Síochána (GNIB) nó do Chead Cónaithe Éireannach (IRP).

Cead Cónaithe. Caithfidh taobh tosaigh agus an taobh thiar den chárta nó den chead a bheith ar gach cóip de;

Cóip de Theastas Eadóirseachta Éireannaigh do thuismitheora/chaomhnóra dlí.

B4 Fianaise chónaithe in Éirinn, san AE, san LEE, san RA nó san Eilvéis le haghaidh 3 den 5 bliana is deireanaí

Nóta: Tá ar a laghad doiciméad amháin do gach uile bhliain, chun 3 bliana cónaithe sa 5 bliana is deireanaí, roimh thús na bliana acadúla dá bhfuil iarratas á dhéanamh agat ar dheontas mac léinn, de dhíth (e.g. billí fóntais, achoimre ar shonraí fostaíochta (P60 roimhe seo) nó a gcoibhéis ráitis chánach ó thír AE, LEE, ón RA nó ón Eilvéis, nó ráitis bhainc).

Is féidir na doiciméid seo a leanas a úsáid chun tacú le d’iarratas:

Fianaise go ndearna tú an Teastas Sóisearach agus an Ardteistiméireacht in Éirinn, nó na scrúduithe is gaire dóibh san AE, san RA, san LEE nó san Eilvéis má rinne tú iad laistigh de na cúig bliana is déanaí;

Litir ó phríomhoide de scoil in Éirinn, san AE, san LEE, san RA, nó san Eilvéis ag dearbhú gur fhreastail tú ar scoil inti más rud é go ndearna tú amhlaidh laistigh de na cúig bliana is déanaí;

Ráitis Leasa Shóisialaigh nó a gcoibhéis ón AE, ón LEE, ón RA nó ón Eilvéis;

Billí fóntais (i.e. ó sholáthraí leictreachais/fóin/gáis/teilifíse cábla/leathanbhanda). Glactar le billí ar líne a dhéanann tú iad a phriontáil amach. Ní ghlactar le billí fón móibíleach;

Taifead clárúcháin leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha nó lena dhála eagraíochta san AE, san LEE, san RA nó san Eilvéis;

Achoimre ar Shonraí Fostaíochta (P60 roimhe seo)/Daingniú ar Scor Fostaíochta (P45 roimhe seo)/Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo)

Ráitis nó comhfhreagras ó bhanc/cumann foirgníochta/comhar creidmheasa lena n-áirítear ríomh-Ráitis agus gníomhaíocht sa tír atá i gceist i d’iarratas le feiceáil iontu (ní ghlacfar le ráitis ó chuideachtaí chárta siopa/catalóige siopa);

Comhfhreagras oifigiúil eile ó ghníomhaireacht stáit Éireannach m.sh. ó Ranna Rialtais; ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte; ó Chlár na dToghthóirí/cárta vótála; ón Lár-Oifig Iontrála; ón nGarda Síochána; ó ospidéil phoiblí/ phríobháideacha, ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha nó ó choláiste tríú leibhéal, ó mheánscoil/ gníomhaireacht traenála, tuarascálacha nó cuimhneacháin ón Tástáil Náisiúnta Gluaisteán, An Post, Ceadúnas Teilifíse, Clá(i)r Rialtais Scagthástáil Sláinte agus/nó comhfhreagras ó chuideachta árachais maidir le polasaí árachais reatha (ach amháin polasaí árachais baile nó chairr).

Tabhair do d’aire nach féidir glac le fianaise ar thréimhsí cónaithe in Éirinn ach amháin más maidir le tréimhsí ina raibh tú sa Stát go dlíthiúil iad, agus ní mór gur maidir le dála tréimhsí is ea na comhaid a chuireann tú isteach chugainn. Ní féidir tréimhsí ina raibh tú sa tír go neamhdhlíthiúil a chur san áireamh.

C4 Fianaise ar an Oideachas Atá Agat Go Dtí Seo

Cuir isteach litir le do thoil ó gach aon institiúid ardoideachais nó breisoideachais ar ar fhreastail tú, nó a bhfuil tú ag freastal uirthi faoi láthair, agus mionsonraithe ann:

An cúrsa ar fhreastail tú air agus leibhéal an chúrsa;

Cathain a d’fhreastail tú ar an gcúrsa sin;

An dámhachtain a fuair tú; agus

Sa chás nach bhfuil an cúrsa críochnaithe agat, luaigh an chéim dheireanach den chúrsa sin ar ar fhreastail tú chomh maith leis an dáta ar tharraing tú siar ón gcúrsa.

 

C7 Sonraí faoi Chúnamh Airgeadais eile

Más rud é go bhfuil iarratas déanta agat ar chúnamh airgeadais mac léinn nó ar mhaoiniú mac léinn nó sa chás gur tairgeadh maoiniú mac léinn ort ó chomhlacht dámhachtana nó maoinithe eile don bhliain acadúil 2024/25, cuir isteach litir uathusan agus an fhaisnéis seo a leanas áirithe sa litir sin:

Miondealú ar an méid iomlán, in Euro, atá le bronnadh, mar shampla, le haghaidh cothabhála, táillí srl.

Dearbhú cibé an ó chistí poiblí nó ó fhoinse phríobháideach a dtagann an dámhachtain;

Minicíocht / dátaí na híocaíochta, mar shampla cibé an dtugtar an méid iomlán i gcnapshuim amháin ag tús na bliana acadúla nó an íoctar é i dtráthchodanna comhionanna i rith na bliana; agus

Deimhniú an dámhachtain aonuaire atá i gceist nó an dtarlóidh sé arís is arís eile mar íocaíochtaí athfhillteacha gach bliain acadúil ar feadh fhad an chúrsa.

D5: Fianaise ar an Scaradh

Cuir ceann amháin de na míreanna ag seo a leanas ar fáil mar chruthúnas ar an scaradh nó an colscaradh:

Comhaontú idirscartha;

Foraithne colscartha;

Comhshocraíocht Chothabhála arna hOrdú ag Cúirt;

Foraithne díscaoilte i ndáil chomhpháirtíocht shibhialta.

Fianaise ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus deimhniú ann go bhfuarthas Liúntas Banchéile Thréigthe nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora;

Sa chás nach bhfuil aon chomhaontú dlíthiúil ann, litir ó d’aturnae, ina ndeimhníonn d’aturnae an scaradh agus/nó go bhfuil imeachtaí dlí ar fónamh;

Litir / cáipéis ó Sheirbhís Idirghabhála Teaghlaigh, ón mBord um Chúnamh Dlíthiúil, mar shampla, ina ndearbhaítear go bhfuil tú ag glacadh páirte san idirghabháil teaghlaigh nó go bhfuil amhlaidh déanta agat;

Cruthúnas nach bhfuiltear in aontíos le chéile, m.sh. billí fóntais ar leith don tréimhse chéanna ama in 2023. Tabhair faoi deara le do thoil nach nglactar le billí fón póca ná le ráitis bhainc ina n-aonair, gan aon chruthúnas eile, mar chruthúnas nach bhfuiltear in aontíos le chéile.

E1a Comhfhreagras Maidir Le Teastais Bhreithe Leanaí 

Cuir isteach leagan fada den teastas breithe le haghaidh gach aon leanbh cleithiúnach i do theaghlach. (Tá cóip den leagan fada den teastas breithe ag teastáil más ar oileán na hÉireann a rugadh do leanaí).

E1b Leanaí Cleithiúnacha 16 bliana d’aois agus níos sine atá ag freastal ar an Oideachas Lánaimseartha

Cuir isteach litir ón scoil nó ón institiúid oideachais (stampáilte agus sínithe), mura miste, agus luaite ann gur fhreastail siad ar an scoil nó ar an institiúid sin in 2023.

E1c Leanaí Cleithiúnacha A Bhfuil Teastas Liachta Ann Chun Deimhniú Go Bhfuil Siad Neamhinniúil Chun Oibre Go Seasta

Cuir isteach litir ó dhochtúir teaghlaigh (dochtúir) le do thoil nó ó chomhlacht míochaine ábhartha agus é luaite sa litir sin go bhfuil teastas liachta ann ina bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an leanbh cleithiúnach (16 bliana d’aois nó níos sine) mar dhuine atá neamhinniúil chun oibre go seasta.

 

E2 Leanaí Cleithiúnacha / Duine Ábhartha in Institiúid Breisoideachais / Ardoideachais ceadaithe.

Cuir isteach litir ón gcoláiste nó ón institiúid le do thoil ina bhfuil sé luaite go bhfuil an leanbh cleithiúnach nó an duine ábhartha ag freastal ar chúrsa Breisoideachas nó Ardoideachas an bhliain acadúil reatha.

Ní bheidh tú in ann an fhianaise seo a chur ar fáil go dtí go bhfuil na leanaí cleithiúnacha / daoine ábhartha cláraithe nó athchláraithe don bhliain acadúil nua. Ní mór go bhfuil sé luaite sa litir ón gcoláiste go bhfuil an leanbh cleithiúnach nó an duine ábhartha cláraithe don bhliain acadúil atá le teacht (2024/25).

Ní ghlacfar le litreacha ina bhfuil sé luaite go bhfuil siad cláraithe go sealadach nó go bhfuiltear ag súil leis go gclárófar iad an bhliain seo chugainn.

F1: Fianaise ar Ioncam 

Cuir isteach fianaise dhoiciméadach le do thoil maidir leis an ioncam go léir a fuair tú, in Éirinn nó ó thír eachtrach, idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023. Áirítear leis sin fianaise ar ioncam ón fhostaíocht, aon íocaíochtaí ó ranna nó gníomhaireachtaí rialtais, airgead a fuarthas ó dhaoine muinteartha, ó chairde nó ó fhoinsí carthanacha agus aon ioncam eile a fuair tú in 2023. Más rud é go bhfuair tú tacaíocht ó chistí a gnóthaíodh iad i mbliain roimhe sin, taispeáin fianaise air seo i bhfoirm ráitis bhainc.

F1: Fianaise dhoiciméadach ar an Ioncam ón Fhostaíocht

Féadfar do SUSI sonraí a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim chun cabhrú linn d’iarratas ar dheontas a mheas agus a phróiseáil. Tar éis an mheasúnaithe shealadaigh a bheith déanta ar d’iarratas féadfar go n-iarrfar ort na cáipéisí ag seo a leanas a chur isteach chuig SUSI mar fhianaise.

Má bhí tú fostaithe an 31 Nollaig 2023 cuir isteach Achoimre Sonraí Fostaíochta (P60 roimhe seo) nó a choibhéis má fuarthas é ó lasmuigh den Stát nó cuir Ráiteas ar Thuilleamh do 2023 ar fáil.

Tá Achoimre Sonraí Fostaíochta do 2023 ar fáil ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim d’aon duine a raibh fostaíocht ÍMAT aige le linn 2023, lena n-áirítear fostaithe inar scoir an fhostaíocht roimh an 31 Nollaig 2023.

Cuir deimhniú gur scor an fhostaíocht in 2023 ar fáil do SUSI m.sh. Achoimre Sonraí Fostaíochta 2023 is féidir a fháil ó do chuntas ar líne le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim nó a choibhéis má fuarthas é ó lasmuigh d’Éirinn m.sh. P45.

Cuir isteach Ráiteas Dliteanais (P21 roimhe seo) do 2023 nó a choibhéis más i dtír eile lasmuigh den Stát ina bhfuarthas é. Is féidir leat an fhoirm seo a fháil ó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Tabhair faoi deara le do thoil nach mór an t-ioncam go léir atá luaite ar do Ráiteas Dliteanais a dhearbhú le hAchoimre ar Shonraí Fostaíochta (P60 roimhe seo), nó a choibhéis más as aon tír seachas sa Stát seo a fhaightear é, Ráiteas Tuilleamh nó dearbhú go bhfuil deireadh curtha leis an fhostaíocht.

Chun Ráiteas ar Dliteanais a iarraidh, ní mór duit clárú le seirbhís ‘myAcccount’ na gCoimisinéirí Ioncaim ag www.revenue.ie. A luaithe is atá tú cláraithe, gheobhaidh tú UAP (Uimhir Aitheantais Phearsanta) sa phost. Leis sin, beidh tú in ann logáil isteach ar ‘myAcccount’ agus na treoracha ar an scáileán a leanúint chun Ráiteas Dliteanais a iarraidh.

 

F1: Ráiteas maidir le Tuilleamh Saoire

Íoslódáil an fhoirm Ráiteas maidir le Tuilleamh Saoire mura miste ó shuíomh gréasáin SUSI, www.susi.ie, agus iarr ar d’fhostóir í a líonadh isteach agus deimhniú a dhéanamh maidir leis an méid a thuill tú lasmuigh den téarma in 2023. Cuir an fhoirm ar ais chuig SUSI agus é comhlánaithe agus stampáilte.

Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir ach tuilleamh ar gnóthaigh é tráth nach le linn an téarma a asbhaint ón ioncam a thuilltear laistigh den tréimhse thagartha.

 

F1: Ioncam ar gnóthaíodh é i mbliain chánach roimhe seo:

Litir ón bhfostóir agus luaite ann an méid ioncaim ar íocadh leat in 2023 i leith na bliana roimhe sin.

 

F1: Ioncam ó thíortha eachtracha

Cuir isteach cáipéisí oifigiúla le do thoil ó roinn Rialtais nó a choibhéis mar fhianaise ar an ioncam go léir a fuair tú ó fhoinsí lasmuigh d’Éirinn in 2023. Áirítear leis seo aon ioncam ó fhostaíocht, ó phinsin, ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh nó slándála sóisialta, ón fhéinfhostaíocht, ó aon íos nó ioncam a fhaightear ó aon fhoinse eile, agus ba cheart go gclúdófar leis an t-ioncam go léir a fuarthas idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2023.

Mar shampla: Sa chás gur oibrigh tú san RA in 2023, beidh do P60 do 2022/2023 agus do P60 do 2023/2024 ag teastáil uainn.

Aon cháipéisí atá scríofa i dteanga iasachta, ba chóir go mbeadh aistriúchán deimhnithe i mBéarla nó Gaeilge ag gabháil leo.

 

F1: Ioncam ón Fhostaíocht- Deimhniú maidir leis an Scéim Fostaíochta Pobail / Tionscnamh TUS / Scéim Sóisialta Tuaithe / Scéim Gateway

Íoslódáil an fhoirm um Ioncam ó Chláir Ainmnithe ó shuíomh gréasáin SUSI, www.susi.ie. Cuir an fhoirm ar ais isteach chugainn agus é stampáilte agus comhlánaithe, le do thoil.

 

F1: Ráiteas Íocaíochtaí - Liúntas BOO

Cuir isteach ráiteas le do thoil ón mBOO (Bord Oideachais agus Oiliúna) a d’íoc do Liúntas BOO (Breisoideachas agus Oiliúint) in 2022 agus deimhniú ann faoi cad é ainm an fhaighteora, an méid iomlán ar íocadh in 2023 (agus aon mhéideanna ar íocadh iad i leith leanaí cleithiúnacha mionsonraithe leis), chomh maith leis na dátaí ar thosaigh na híocaíochtaí seo agus na dátaí ar ar críochnaigh siad (más infheidhme).

F2: Fianaise dhoiciméadach maidir le híocaíochtaí Leasa Shóisialaigh

Tabhair do d’aire: I bhformhór na gcásanna ní theastóidh ó SUSI Ráiteas Leasa Shóisialaigh ón iarratasóir toisc go bhfuil nasc faisnéise díreach againn leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta & Cosanta Sóisialta.

Má iarrtar ort Ráiteas Leasa Shóisialaigh a chur isteach chuig SUSI tar éis an mheasúnaithe shealadaigh ar d’iarratas seolfar r-phost chuig do sheoladh ríomhphoist cláraithe. Ceangailte leis an ríomhphost sin, gheobhaidh tú Ráiteas Leasa Shóisialaigh SUSI ceadaithe. Caithfidh tú an ráiteas seo a phriontáil amach agus é a bheith comhlánaithe agus stampáilte ag oifigeach in oifig áitiúil na Roinne Gnóthaí Fostaíochta & Cosanta Sóisialta i do cheantar féin. Cuir an ráiteas ar ais chuig SUSI agus é comhlánaithe agus stampáilte agus mionsonraí le fáil ann faoi na híocaíochtaí uile atá ábhartha.

Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat ó thír seachas Éire, ní mór duit na sonraí thuas a chur isteach le SUSI ón údarás ábhartha.

 

F3: Fianaise dhoiciméadach maidir le híocaíochtaí ó ranna rialtais eile

Tabhair ráiteas ar fáil do SUSI mar fhianaise ar íocaíochtaí a fuarthas ó ranna rialtais eile. Féadfar na híocaíochtaí sin a bheith ó;

Tusla, FÁS / Solas, Údaráis Áitiúla, Pobal, Teagasc, Fáilte Éireann, Óghtheagmháil, Eile.

Teastóidh ráiteas ó gach roinn rialtais nó gníomhaireacht stáit leis agus an bhfaisnéis seo a leanas ann:

Ainm an duine a fhaigheann an íocaíocht;

An cineál íocaíochta atá ann;

An méid a fuair an duine in 2023;

An dáta ar thosaigh na híocaíochtaí;

An dáta ar stad na híocaíochtaí, (más infheidhme).

F4 Ioncam ón Fhéinfhostaíocht - Cuntais

Cuir isteach na cáipéisí seo a leanas, mar fhianaise, le do thoil:

Cóip de do chuntais iomlána, i.e. do chuntas trádála, an cuntas brabúis agus caillteanais, an cuntas caipitil agus an clár comhardaithe le haghaidh gach aon ghnólacht don bhliain 2023;

Miondealú ar an ús agus ar na muirir bhainc (más infheidhme);

Ríomh coigeartaithe ar an mbrabús do 2023;

Miondealú mionsonraithe ar phá nó ar chostas luach saothair má tá sé mionsonraithe sna cuntais.

Aon cháipéisí atá scríofa i dteanga iasachta, ba chóir go mbeadh aistriúchán deimhnithe i mBéarla nó Gaeilge ag gabháil leo. Má rinne tú sócmhainn a dhiúscairt agus má thabhaigh brabús nó caillteanas agus má cuireadh san áireamh í i do chuntas brabúis agus caillteanais, iarrfar ort foirm Diúscartha Sócmhainne a chomhlánú agus a chur isteach ar féidir í a íoslódáil ó shuíomh gréasáin SUSI, www.susi.ie, mar aon le ríomh Cánach Gnóchan Caipitiúil, más infheidhme.

 

F4 An ríomh táscach atá déanta ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ar a bhfuil d’fhéinmheasúnú bunaithe.

Cuir isteach na cáipéisí seo a leanas, mar fhianaise, le do thoil:

Admháil ó na Coimisinéirí Ioncaim go ndearnadh tú a Fhéin-Mheasúnú i ndáil le 2023. ‘Ríomh táscach na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’fhéinmheasúnú bunaithe’ a thugtar ar an gcáipéis seo.

Más lasmuigh den stát ar tuilleadh an t-ioncam, cuir isteach na cáipéisí coibhéiseach, le do thoil.

Litir ó na Coimisinéirí Ioncaim (nó a choibhéis ó thír sheachtrach) agus díolúine duit gan gá a bheith ort tuairisceán a chomhdú don bhliain 2023, más infheidhme.

 

F5 Ioncam Cíosa agus Ioncam Eile ó Thalamh agus ón Maoin

Cuir isteach na cáipéisí seo a leanas, mar fhianaise, le do thoil:

Cóip de do chuntais iomlána, i.e. do chuntas trádála, an cuntas brabúis agus caillteanais, an cuntas caipitil agus an clár comhardaithe le haghaidh gach aon ghnólacht don bhliain 2023;

Miondealú ar an ús agus ar na muirir bhainc (más infheidhme);

Ríomh coigeartaithe ar an mbrabús do 2023;

Miondealú mionsonraithe ar phá nó ar chostas luach saothair má tá sé mionsonraithe sna cuntais.

F6: Fianaise dhoiciméadach don Stiúrthóireacht / na Stiúrthóireachtaí atá agat

Cuir isteach na foinsí fianaise ag seo a leanas, mar fhianaise, le do thoil:

Ainm cláraithe na cuideachta;

Uimhir chláraithe na cuideachta;

Céatadán na gceart vótála atá i do sheilbh.

Mar chuid den phróiseas fíoraithe, féadfar dúinn cóipeanna de chuntais iniúchta na gcuideachtaí seo a iarraidh uait.

 

F7: Ioncam ó phinsin seachas an Pinsean Stáit

Cuir isteach ceann amháin de na cáipéisí seo a leanas, mar fhianaise, le do thoil:

Litir ó d’fhostóir(í) nó ón gcomhlacht/ ó na comhlachtaí a bhfuil do phinsean á riar acu; nó Achoimre ar na Sonraí Fostaíochta/P60 nó a choibhéis, más lasmuigh den Stát a tháinig sé, agus deimhniú ann faoin ollmhéid a fuair tú in 2023; nó

Admháil ó na Coimisinéirí Ioncaim go ndearnadh tú a Fhéin-Mheasúnú i ndáil le 2023. ‘Ríomh táscach na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’fhéinmheasúnú bunaithe’ a thugtar ar an gcáipéis seo.

Más lasmuigh den stát ar tuilleadh an t-ioncam, cuir isteach na cáipéisí coibhéiseach, le do thoil.

Má íoctar do phinsean ó thír eachtrach, cuir isteach cáipéisí oifigiúla le do thoil ag deimhniú an méid iomlán ar íocadh leat in 2023.  Aon cháipéisí atá scríofa i dteanga iasachta, ba chóir go mbeadh aistriúchán deimhnithe i mBéarla nó Gaeilge ag gabháil leo.

F8: Fianaise dhoiciméadach ar an ioncam ó choigilteas, ó chuntais taisce agus ó infheistíochtaí

Cuir isteach ráiteas / ráitis le do thoil agus mionsonraithe ann an t-ús / na díbhinní a fuarthas ón institiúid airgeadais i gceist nó ón gcuideachta agus an tréimhse 1 Eanáir 2023 - 31 Nollaig 2023 clúdaithe ann. Más lasmuigh den stát ar tuilleadh an t-ioncam, cuir isteach na cáipéisí coibhéiseach, le do thoil.

 

F9: Fianaise dhoiciméadach ar ioncam ó shocruithe cothabhála

Cuir isteach na cáipéisí seo a leanas, mar fhianaise ar íocaíochtaí cothabhála a fuarthas in 2023:

Comhaontú cothabhála ina bhfuil luaite méid na cothabhála atá á fháil lena n-áirítear aon bhillí, morgáistí, iasachtaí, cíos, táillí teagasc nó íocaíochtaí eile dá leithéid a dhéantar mar chuid den socrú.

F10: Sonraí faoi Íocaíochtaí Cnapshuime ón Scor nó ón a bheith Déanta Iomarcach

Sa chás go bhfuil sé dearbhaithe agat gur imigh tú féin ar scor nó go ndearna tú iomarcach, nó gur imigh do thuismitheoir(í)/caomhnóir dlíthiúil/caomhnóirí dlíthiúla, céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir ar scor nó go ndearnadh é nó í iomarcach, féadfar go n-iarrfar ort na cáipéisí ag seo a leanas a chur isteach chuig SUSI mar fhianaise.

Cuir isteach cóip den litir ó d’fhostóir nó ón gcomhlacht a dhéanann do phinsean a riar, agus luaite ann:

Scor:

An dáta ar imigh tú ar scor;

Méid comhlán na cnapshuime a fuair tú;

Líon na mblianta den tseirbhís inphinsin nó an líon blianta de ranníocaíochtaí; agus an pinsean bliantúil comhlán atá agat.

Iomarcaíocht:

Cuir isteach cóip den litir ó d’fhostóir agus luaite ann:

An dáta ar scoir tú ón fhostaíocht nó ar a ndearna tú iomarcach;

Méid comhlán na cnapshuime a fuair tú agus

An líon blianta seirbhíse atá agat le d’fhostóir

F11: Fianaise dhoiciméadach chun polasaí árachais saoil a réadú

Cuir isteach na cáipéisí seo a leanas, mar fhianaise dhoiciméadach chun polasaí árachais saoil a réadú Cuir litir isteach ón institiúid airgeadais agus é luaite inti:

An méid comhlán a fuarthas nuair a réadaíodh é;

Cáin Éireannach ar asbhaineadh;

An méid ar íocadh i bpréimheanna agus

An dáta ar íocadh an chéad phréimh.

 

F12: Fianaise dhoiciméadach maidir le bronntanais nó oidhreacht

Cuir cóipeanna de na míreanna ag seo a leanas isteach chuig SUSI mar fhianaise ar bhronntanais nó ar oidhreacht arna ndearbhú:

Litir ón Seiceadóir / Deontóir ina bhfuil mionsonraí ar luach na hoidhreachta a fuair tú, lena n-áirítear luach earraí neamhairgeadais agus

Tuairisceán um an gCáin Fháltais Caipitiúil do 2023 más infheidhme.

F13: Fianaise dhoiciméadach ar ioncam ó fhoinsí eile nach bhfuil luaite thuas

Cuir síos sonraí faoi seo le do thoil ach iad a scríobh sa Bhosca Téacs In Aisce agus breac-chuntas ann faoin fhoinse agus faoin méid airgid. Más rud é go bhfuil ioncam ó fhoinsí eile dearbhaithe agat féin nó ag do thuismitheoirí/chaomhnóirí dlíthiúla, féadtar go n-iarrfar ort na nithe seo a leanas a chur ar fáil

An t-ollioncam nó an méid comhlán a fuarthas in 2023;

Foinse an ioncaim;

Cur síos iomlán ar an ioncam.

 

F13: Ioncam ó Thailte Coille

Cuir isteach cruthúnas ar ioncam ó Thailte Coille atá curtha síos ar an bhfoirm iarratais le do thoil, m.sh. ráitis ón Roinn Talmhaíochta.

F14: Fianaise dhoiciméadach maidir le hÍocaíochtaí Cothabhála atá Infhorfheidhmithe le Dlí mar atá fíoraithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Cuir isteach na cáipéisí seo a leanas, mar fhianaise, le do thoil:

Cóip den chomhaontú idirscartha nó colscartha agus an t-ordú íocaíochta luaite ann agus

Ráiteas Dliteanais/P21 nó a choibhéis más ón tír eachtrach a dtagann sé nó admháil ó na Coimisinéirí Ioncaim go raibh tú Féin-Mheasúnaithe in 2023. ‘Ríomh táscach na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’fhéinmheasúnú bunaithe’ a thugtar ar an gcáipéis seo. Más lasmuigh den stát ar tuilleadh an t-ioncam, cuir isteach na cáipéisí coibhéiseach, le do thoil.

Féadfar dúinn iarraidh ar cháipéisí tacaíochta maidir leis na híocaíochtaí iarbhír chomh maith, m.sh. ráitis bhainc.

 

F15: Fianaise dhoiciméadach maidir le Ranníocaíochtaí Pinsin i leith Scoir laistigh de na teorainneacha atá ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim

Cuir isteach na cáipéisí seo a leanas, mar fhianaise, le do thoil:

Litir ón institiúid airgeadais nó ón ngníomhaireacht a sholáthraíonn an táirge scoir agus leagtha amach ann na ranníocaíochtaí a rinne tú go díreach in 2023 agus

Ráiteas Dliteanais/P21 nó a choibhéis más ón tír eachtrach a dtagann sé nó admháil ó na Coimisinéirí Ioncaim go raibh tú Féin-Mheasúnaithe in 2023. ‘Ríomh táscach na Coimisinéirí Ioncaim ar a bhfuil d’fhéinmheasúnú bunaithe’ a thugtar ar an gcáipéis seo. Más lasmuigh den stát ar tuilleadh an t-ioncam, cuir isteach na cáipéisí coibhéiseach, le do thoil.

Nóta: Níl ranníocaíochtaí a dhéantar as do thuarastal sula mbaintear an cháin inasbhainte toisc go n-asbhaintear iad cheana ó d’ioncam comhlán.

F16: Daingniú ar scor fostaíochta (P45 roimhe seo)

Cuir isteach daingniú ar an scor fostaíochta, mura miste, m.sh. Achoimre Pá agus Cánach gur féidir é a fháil ó do chuntas ar líne le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim / P45 nó a choibhéis má fhaightear é ó thír eile seachas sa Stát seo.

 

F16: Litir ó d’fhostóir lena ndeimhnítear do Thuarastal Bliantúil Reatha (2024)

Íoslódáil an Fhoirm Dheimhnithe um Thuarastal Bliantúil Reatha le do thoil ó www.susi.ie. Cuir an fhoirm ar ais chuig SUSI agus é comhlánaithe agus stampáilte.

 

F16: Fógra Scoir 2024

Cuir isteach cóip den litir ó d’fhostóir nó ón gcomhlacht a dhéanann do phinsean a riar, agus luaite ann:

An dáta ar imigh tú ar scor;

Ollmhéid na híocaíochta cnapshuime;

An líon blianta den tseirbhís inphinsin;

An líon blianta de ranníocaíochtaí;

An pinsean bliantúil comhlán atá agat agus

Daingniú ar an scor fostaíochta m.sh. Achoimre Pá agus Cánach gur féidir é a fháil ó do chuntas ar líne le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim / P45 nó a choibhéis má fhaightear é ó thír eile seachas sa Stát seo.

 

F16: Fógra den Iomarcaíocht in 2024 

Cuir litir isteach ó d’fhostóir agus é luaite inti:

An dáta ar scoir tú ón fhostaíocht nó a ndearnadh tú iomarcach;

Ollmhéid na híocaíochta cnapshuime;

An líon blianta seirbhíse atá agat leis an fhostóir;

An líon blianta de ranníocaíochtaí agus

Daingniú ar an scor fostaíochta m.sh. Achoimre Pá agus Cánach gur féidir é a fháil ó do chuntas ar líne le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim / P45 nó a choibhéis má fhaightear é ó thír eile seachas sa Stát seo.

 

F16: Ráiteas maidir le Faoiseamh ar Ús Morgáiste nó Forlíonadh Cíosa ar Íocaíochtaí Cúnaimh Tithíochta 2024

Cuir isteach cóip den ráiteas ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí nó ón Údarás Áitiúil ábhartha, le do thoil, agus luaite ann:

Dáta tosaigh na híocaíochta;

An méid iomlán atá faighte agat go dtí seo,

An méid a fhaightear in aghaidh na seachtaine agus

An t-iomlán don bhliain 2024.

 

F16: Fógra maidir leis an Scor ón Trádáil

Cuir isteach an deimhniú nó an dearbhúchán um fhógra maidir leis an scor ón trádáil ó na Coimisinéirí Ioncaim agus luaite ann go bhfuil tú tar éis scor ón a bheith ag trádáil.

Nóta: Ní leor litreacha cuntasóirí mar chruthúnas den scor ón trádáil.

 

F16: Íocaíochtaí Ragoibre Neamh-Athfhillteacha a Dheimhniú

Íoslódáil an fhoirm Dheimhnithe um Íocaíochtaí Ragoibre Neamh-Athfhillteacha ó www.susi.ie. Cuir an fhoirm ar ais, agus é comhlánaithe agus stampáilte.

 

F16: Fianaise ar Thuilleamh Saoire 2024

Íoslódáil an fhoirm Ráiteas maidir le Tuilleamh Saoire mura miste ó shuíomh gréasáin SUSI, www.susi.ie, agus iarr ar d’fhostóir í a líonadh isteach agus deimhniú a dhéanamh maidir leis an méid a thuill tú lasmuigh den téarma in 2023. Cuir an fhoirm ar ais chuig SUSI agus é comhlánaithe agus stampáilte. Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir ach tuilleamh ar gnóthaíodh é tráth nach le linn an téarma a asbhaint ón ioncam a thuilltear laistigh den tréimhse thagartha.

 

F16: Laghdú ar Ioncam de bharr Cúinsí Leighis

Íoslódáil an Fhoirm um Dhearbhú Leighis (Laghdú Ioncaim) ó www.susi.ie agus iarr ar an ngairmí míochaine atá agat agus ar d’fhostóir í a chomhlánú.

Z1: Fianaise ar an gCaomhnóireacht Dhlíthiúil

Cuir isteach ordú cúirte oifigiúil, le do thoil, agus sonraí do chaomhnóra dhlíthiúil / do chaomhnóirí dlíthiúla luaite ann.

 

Z2: Fianaise ar an gCoimhthíos

I measc na fianaise atá inghlactha chun tacú le d’iarratas, ceadaítear Ordú Cúirte nó litir ó Oibrí Sóisialta / Tusla ina bhfuil an coimhthíos deimhnithe. Is féidir cáipéisí eile nach bhfuil liostaithe anseo a chur isteach ach ní mór go mbeadh dearbhaithe ann go bhfuil an coimhthíos gan réiteach. Tabhair faoi deara le do thoil, go dtagann gach uile cháipéis a chuirtear isteach faoi réir athbhreithnithe le SUSI chun fáil amach ar comhlíonadh na critéir maidir leis an gcoimhthíos nó nach ndearnadh.

 

Z3-Z6: Deimhnithe Báis (más infheidhme)

Cuir isteach cóip de Dheimhniú Báis an duine ábhartha, le do thoil

 

Z7: Foirm Dhearbhaithe

Sínigh an fhoirm dearbhaithe agus cuir isteach faoi iamh í. Má tá ort cáipéisí eile le cur isteach mar thaca le d’iarratas, déan cinnte de go gcuirtear isteach iad leis na cáipéisí seo.

 

Z8: Gníomhas Aonpháirtí 

Tabhair cóip de do Ghníomhas Aonpháirtí ó na cúirteanna d’fhonn d’athrú ainm a fhíorú.

 

Z9: Deimhniú Pósta

Cuir isteach cóip den deimhniú pósta le do thoil.

 

Z10: Sonraí Bainc

Logáil isteach ar d’iarratas ar líne ar shuíomh gréasáin SUSI, www.susi.ie, le d’ainm úsáideora, do phasfhocal agus do chód PIN slán atá agat cheana féin, agus cuir isteach do chuid sonraí bainc.

 

Z11: Sonraí Pearsanta a Fhíorú

Níor éirigh le SUSI do Dháta Breithe agus d’uimhir PSP a mheaitseáil go leis na sonraí a fuarthas ó na foinsí seachtracha atá againn. Téigh i dteagmháil le do thoil le Tacaíocht SUSI d’fhonn a fhíorú go bhfuil an Dáta Breithe agus an uimhir PSP curtha isteach agat i gceart ar an bhfoirm iarratais.

 

Z12: Earráid Dáta Breithe i ndáil le duine ar d’Fhoirm Iarratais

Ní féidir le SUSI d’iarratas a phróiseáil go hiomlán toisc nach ionann an uimhir PSP agus / nó an Dáta Breithe ar cuireadh ar fáil i ndáil leis an duine atá liostaithe thuas leis agus taifid na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí (RGFCS). Logáil isteach ar do chuntas SUSI le do thoil, cliceáil ar ‘Mo SONRAÍ’ agus oscail an chuid ‘Páirtithe le Feidhmchlár’ chun an uimhir PSP agus an Dáta Breithe a sholáthraítear don duine seo a athbhreithniú.

Más rud é go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh isteach ann mícheart, líon isteach an fhaisnéis cheart thíos le do thoil agus cuir ar ais chuig SUSI í.

Ainm:                                                                                                          

Uimhir W:                                                                                               

UPSP:                                                                                                         

Dáta Breithe:                                                                                       

Más rud é go bhfuil an fhaisnéis a cuireadh ar fáil do SUSI ceart, beidh ar an RGFCS d’aitheantas a dhearbhú / a fhíordheimhniú sular féidir le SUSI próiseáladh d’iarratais a chur ar aghaidh. Téigh i dteagmháil leis an ionad clárúcháin SAFE de chuid an RGFCS is gaire duit (http://www.welfare.ie/en/Pages/SAFE-Registration-PSC-Location.aspx) agus iarr ar an gcéad choinne Chlárúcháin SAFE atá ar fáil a bheith curtha in áirithe duit.

Nuair a bheidh próiseas clárúcháin SAFE na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí críochnaithe, cuir isteach r-phost chuig support@susi.ie chun a dhearbhú go bhfuil d’uimhir Dáta Breithe agus / nó PSP nuashonraithe agat.

NÓTA: Ní féidir tuilleadh próiseála a dhéanamh ar d’iarratas go dtí gur féidir na sonraí atá curtha ar fáil do SUSI agat a mheaitseáil le sonraí ar thaifid an RGFCS. D’fhéadfadh sé seo moill a chur ar an gcinneadh deiridh a dhéanfar maidir le d’iarratas.

 

Z13: Ioncam ó TUS / ón Scéim Sóisialta Tuaithe

Íoslódáil an Fhoirm um Ioncam ó Chláir Ainmnithe, mura miste, ó www.susi.ie. Cuir an fhoirm ar ais isteach chugainn agus é stampáilte agus comhlánaithe, le do thoil.

 

Z14: Foirm Faisnéise SUSI - Tusla

Ionas gur féidir le SUSI d’iarratas a phróiseáil, déan foirm SUSI  - Tusla a íoslódáil ó www.susi.ie agus cuir foirm ar ais chuig SUSI agus í líonta isteach go huile is go hiomlán. Cinntigh, le do thoil, go bhfuil d’fhoirm sínithe agus stampáilte ag an oibrí cúraim atá ainmnithe leat sula gcuirtear isteach chuig SUSI í.

 

Z15: Sonraí faoi ioncam Leasa Shóisialaigh ó dhuine nach Páirtí i d’iarratas ar Dheontas É

Tá sé curtha in iúl do SUSI agat go bhfuil duine i do theaghlach nach bhfuil ainmnithe i d’iarratas ar dheontas ach atá ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh agus féadfar go mbeifeá i dteideal ráta deontais níos airde a fháil dá bharr.

Ionas gur féidir le SUSI an íocaíocht seo a chur san áireamh agus rochtain a fháil ar thaifid leasa shóisialaigh an duine seo, beidh ort sonraí faoin duine seo a chur ar fáil do SUSI agus iad a chur síos i bhfoirm chuige sin, agus beidh ort toiliú an duine seo a fháil ina leith sin.

Íoslódáil an Foirm Sonraí faoi Ioncam an RCS duine nach bhfuil páirtí in Iarratas ar Dheontas Download PDF É an RGFCS ó www.susi.ie, léigh an nóta faisnéise a ghabhann leis atá ar an fhoirm, líon isteach na sonraí atá á n-iarraidh san fhoirm, lena n-áirítear toiliú an duine, agus cuir ar ais an fhoirm agus í comhlánaithe chuig SUSI ag an seoladh atá ar an fhoirm.