Athrú ar Chúinsí

Athrú ar Chúinsí

Cad ba cheart a dhéanamh má thagann Athrú ar do Chúinsí 

I dtaobh na bliana acadúla 2024/25, déanfar measúnú ar d’iarratas ar bhonn ollioncam ó gach foinse don tréimhse ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023.

Má tháinig athrú ar do chúinsí féin ná ar chúinsí pairtí eile d'iarratas ón 1 Eanáir 2024 i leith, áfach, féadfaidh tú ríomhphost a sheoladh chuig support@susi.ie le hiarraidh go ndéanfaí d’iarratas a mheasúnú/athmheasúnú faoi athrú ar chúinsí. Bíodh ‘Athrú ar Chúinsí’ agat i líne an ábhair.

Baineann Athrú ar Chúinsí leis an dá chatagóir seo a leanas:

  • Athrú ar chúinsí a bhaineann le hIoncam
  • Athrú ar chúinsí nach mbaineann le hIoncam.
  • Caillteanas fostaíochta
  • Laghdú buan ar thuarastal
  • Dul ar scor 
  • Scor Trádála (más féinfhostaithe);

Chun iarratas a dhéanamh ar athrú ar chúinsí a bhaineann le hioncam, ní foláir go leanfaidh an titim san ioncam ar aghaidh ar feadh ré an chúrsa nó go ceann i bhfad. Is athraitheach do chineál ioncam na féinfhostaíochta, na feirmeoireachta agus an chíosa agus ní mheastar gurb ionann laghdú ar an ioncam sin agus athrú buan. Mar gheall air sin, ní féidir breithniú a dhéanamh ar athrú ar chúinsí.

Déanfar ioncam na bpáirtithe uile san iarratas, lena n-áirítear an duine / na daoine a d’fhulaing an t-athrú diúltach, a mheas / athmheasúnú ar an mbliain reatha (2024) agus féadfar go n-iarrfar orthu fianaise a sholáthar ar ioncam na bliana reatha (2024). Má tharlaíonn an t-athrú i rith na bliana acadúla, tiocfaidh aon dámhachtain nó coigeartú deontais i bhfeidhm ón mí a tharla an t-athrú.

  • Tá siblín nó tuismitheoir ag freastal anois ar bhreisoideachas nó ardoideachas ar bhonn lánaimseartha
  • Méadú ar líon na bpáistí cleithiúnacha sa teaghlach
  • Athrú ar do stádas náisiúntachta ná inimirce
  • Athrú ar do ghnátháit bhuan chónaithe (baineann sin le rátaí cóngarachta/neamh-chóngarachta an deontais cothaithe amháin)
  • Athrú cúrsa ná institiúide.

Nuair a dhéanann tú iarratas agus/nó nuair a thugann tú athrú ar chúinsí nach mbaineann le hioncam le fios, faoi mar atá sonraithe thuas, iarrfar ort fianaise dhoiciméadach a sholáthar do SUSI chun ligean dúinn measúnú a dhéanamh ar d’iarratas chun an t-athrú dearbhaithe ar chúinsí a fhiosrú.