Oideachais Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn

Oideachais Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn

Cad iad na Critéir Oideachais Roimhe Seo agus Dul Chun Cinn?

Chun a bheith incháilithe do dheontas ní mór duit dul chun cinn a dhéanamh i do chuid oideachais trí fhreastal ar chúrsa ceadaithe:

  • a leanann leibhéal níos airde de cháilíocht as ná aon cháilíocht atá bainte amach cheana féin agat. Mar shampla, má tá cáilíocht leibhéal 6 agat, caithfidh tú a bheith ag dul ar aghaidh chuig cúrsa leibhéal 7 nó níos airde;
  • atá ar leibhéal níos airde ná aon chúrsa ar fhreastail tú air roimhe seo,
  • ina leanfaidh tú ar aghaidh ó bhliain amháin go dtí a chéad bhliain eile agus gan bliain a athdhéanamh (seachas faoi chúinsí eisceachtúla)

Tréimhse Staidéir a Athdhéanamh

Níl tú incháilithe le haghaidh deontas má tá tú ag athdhéanamh bliain ar an gcúrsa céanna.

Mar sin féin, má d’fhreastail tú ar chúrsa breisoideachais nó ardoideachais roimhe seo ach gur fhág tú sular chríochnaigh tú, d’fhéadfá a bheith incháilithe do chuid den deontas mac léinn comh luath is  a mbeidh tréimhse staidéir choibhéiseach críochnaithe agat.

Sampla: Rinne tú 3 mhí de chúrsa leibhéal 7 roimhe seo. Tá iarratas á dhéanamh agat anois ar dheontas do chúrsa eile ar leibhéal 7. Ar an gcoinníoll go gcomhlíonann tú na critéir incháilitheachta go léir, ní bheidh tú incháilithe ach do 6 íocaíocht in ionad na 9 n-íocaíocht iomlána agus beidh ort tréimhse staidéir choibhéiseach 3 mhí a chríochnú sular féidir leat do chéad íocaíocht a fháil

Mac Leinn Dara Seans

D’fhéadfaí tú a mheas i dteideal maoinithe mar mhac léinn dara seans más mac léinn aibí tú agus:

  • d’fhreastail tú ar chúrsa roimhe seo ach níor chríochnaigh tú cúrsa,
  • ghlac tú sos trí bliana ó staidéar a dhéanamh ó d’fhág tú an cúrsa sin, agus
  • ag filleadh ar fhreastal ar chúrsa ceadaithe ag leibhéal PLC, fochéime nó iarchéime

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach ndéanann staidéar ag leibhéal faoi bhun leibhéal fochéime, laistigh den tréimhse trí bliana, difear do cháilitheacht mac léinn le bheith san áireamh mar “mhac léinn dara seans”.

Uastréimhse Cúnaimh Deontais

Tá na tréimhsí uasta maoinithe deontais atá ar fáil duit ag gach leibhéal staidéir leagtha amach sa tábla thíos.

Breisoideachas/Ardoideachas

Leibhéal

Cáilíocht

Uastréimhsí Maoinithe Deontais

Breisoideachas

IAT Leibhéal 5

Teastas

- Maoiniú 3 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal IAT

Breisoideachas

IAT Leibhéal 6

Sainteastas

Ardoideachas

Leibhéal 6 Fochéime

Ardteastas

- Maoiniú 2 bhliana ar a mhéad ag leibhéal 6 Fochéime

- Maoiniú 3 bliana ar a mhéad ag leibhéal 7 Fochéime

- Maoiniú 4 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal 6 & 7 Fochéime

- Maoiniú 4 bliana ar a mhéad ag leibhéal 8 Fochéime (ach amháin i gcás go bhfuil gnáthfhad an chúrsa níos faide ná 4 bliana)

Ardoideachas

Leibhéal 7 Fochéime

Gnáthchéim Bhaitsiléara

Ardoideachas

Leibhéal 8 Fochéime

Céim Onóracha Bhaitsiléara

Ardoideachas

Leibhéal 8 Iarchéime

Ard-Dioplóma

- Maoiniú 4 bliana ar a mhéad san iomlán ag leibhéal Iarchéime

Cuirtear aon fhreastal nó gnóthachtáil ag leibhéal Iarchéime san áireamh, is cuma cé acu an bhfuarthas nó nach bhfuarthas deontas roimhe seo.

Ardoideachas

Leibhéal 9 Iarchéime

Dioplóma

Ardoideachas

Leibhéal 9

Céim Mháistreachta

Ardoideachas

Leibhéal 10

Dochtúireacht