Ráta Deontais Speisialta

Ráta Deontais Speisialta

An bhfuilim Incháilithe le haghaidh Ráta Speisialta?

Tá ráta speisialta de dheontas cothabhála ar fáil do mhic léinn incháilithe. Ní mór na critéir seo a leanas a chomhlíonadh chun a bheith incháilithe don ráta deontais seo:

  • Ní mór go mbeadh tú incháilithe don ghnáthráta deontais;
  • Ní mór nach sáraíonn d’ioncam iomlán inríofa teaghlaigh iomlán an tairseach ráta speisialta.
  • Ar an 31 Nollaig sa bhliain sula ndearnadh d’iarratas, ní mór go n-áireofaí san ioncam teaghlaigh inríofa íocaíocht incháilithe fhadtéarmach ón Roinn Coimirce Sóisialaí mar atá forordaithe i Scéim Deontais an Mhic Léinn don bhliain ábhartha nó a comhionann ó Bhallstát den AE.

 Íocaíochtaí Incháilithe Fadtéarmacha Leasa Shóisialaigh

  • Pinsean na nDall
  • Liúntas do Chúramóirí
  • Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora
  • Liúntas Cuardaitheora Post Eatramhach
  • Liúntas Banchéile Thréigthe
  • Liúntas Míchumais
  • Cúnaimh Feirme
  • Liúntas Cuardaitheora Post (sa chás go bhfuil sé á fháil ar feadh 391 lá nó níos mó)
  • Pinsean Stát (Neamh-Ranníocach)
  • Íocaíocht Caomhnóra (Neamh-Ranníocach)
  • Liúntas Réamh-scoir
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
  • Liúntas Leasa Fhorlíontaigh (sa chás go bhfuil sé á fháil ar feadh 15 mí féilire i ndiaidh a chéile)
  • Íocaíocht sochair do dhaoine 65 bliana d’aois
  • Sochar Cúramóra
  • Sochar Banchéile Thréigthe
  • Pinsean Easláine
  • Forlíonadh Éagumais
  • Sochar Báis Díobhálacha Ceirde (pinsean dílleachta)
  • Sochar Díobhálacha Ceirde — Sochar Báis (Pinsean Baintrí nó Baintrí Fir)
  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Íocaíocht Caomhnóra (Ranníocach)
  • Sochar Cuardaitheora Poist (nuair a dhéantar iad a chomhcheangal le híocaíochtaí incháilithe eile ag cur suas le 391 lá de réir an nóta thíos “Cruachta Íocaíochtaí Cosanta Sóisialta Fadtéarmacha Incháilithe”)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Pinsean Stáit (Eatramhach)
  • Liúntas chun Filleadh ar an Oideachas (Roghanna Dara Leibhéal agus Tríú Leibhéal)
  • Liúntas um Fhilleadh ar Obair (Fostaithe)
  • Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
  • An Scéim Fostaíochta Pobail
  • An Scéim Sóisialta Tuaithe
  • Tionscnamh Tús
  • Scéim Tairsí
  • Cúrsaí Breisoideachas agus Oiliúna (BOO), lena n-áirítear Printíseachtaí
  • Scéim dreasachta post páirt-aimseartha
  • Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (SDOG)
  • Liúntais Chúram Altrama agus Iarchúraim nó Liúntas Cothabhála Uchtála i gcás ina n-íoctar é i leith an iarratasóra
  • Liúntas um Mhaireachtáil Neamhspleách do Dhaoine Óga i gCúram Cónaitheach
  • Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht/Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh
  • Ag fáil íocaíochtaí faoin tionscnamh FIT (Modh Mear chuig TF) atá comhionann le híocaíocht leasa shóisialaigh
  • Sochar Acmhainne Páirtigh i gcás ina bhfuil teidlíocht bhunúsach ag an bhfaighteoir ar Phinsean Neamhbhailí
  • Rannpháirtithe ar chúrsa oiliúna arna cheadú ag Roinn Rialtais, Gníomhaireacht Stáit nó Comhpháirtíocht Ceantair agus a raibh íocaíocht incháilithe á fáil acu sula ndeachaigh siad ar aghaidh chuig an gclár;
  • Fostaithe ar Chláir Seirbhísí Pobail (fiontair eacnamaíochta sóisialta roimhe seo) a fhaigheann deontais;

Carnadh Íocaíochtaí Incháilithe Fadtéarmacha na Roinne Coimirce Sóisialaí

  • Is féidir tréimhsí ina raibh Liúntas Cuardaitheora Poist agus Sochar Cuardaitheora Poist agus íocaíochtaí inchálithe eile á bhfáil a chur san áireamh le chéile ar mhaithe leis an tréimhse fhorordaithe 391 lá nó an riachtanas 12 mhí, faoi seach, a chomhlíonadh.
  • Féadtar Sochar Breoiteachta nó Máithreachais na Roinne Coimirce Sóisialaí, cé nach íocaíochtaí incháilithe iad, iontu féin, a úsáid chun tréimhsí ina raibh Sochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil a chur san áireamh le chéile ar mhaithe leis an tréimhse fhorordaithe 391 lá a chomhlíonadh a theastaíonn ón Ráta Speisialta a fhad agus a bhí Sochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil díreach roimh agus i ndiaidh na tréimhse ina raibh sochar breoiteachta nó sochar máithreachais á fháil.
  • Chomh maith leis in, is féidir tréimhsí ina rabhthas rannpháirteach in JobBridge, an Scéim Náisiúnta Intéirneachta, a chur san áireamh le tréimhsí ina raibh íocaíochtaí incháilithe eile á bhfáil a fhad agus a bhí íocaíocht incháilithe á fáil díreach roimh agus i ndiaidh na tréimhse ina rabhthas rannpháirteach in JobBridge.
  • Is féidir Liúntas/Méadú Leanaí Cleithiúnacha (CDA/CDI) a asbhaint ó íocaíocht na Roinne Coimirce Sóisialaí ionas go mbeidh ioncam inríofa cothrom le níos lú ná an tairseach ráta deontais speisialta, ach ní féidir é a bhaint ó íocaíochtaí a bhfuil neamhaird déanta dóibh de bhrí go bhfuil an t-ioncam seo curtha as an áireamh ó ríomh an ioncaim inríofa cheana féin.
  • Tabhair faoi deara le do thoil nach féidir CDA/CDI a úsáid chun an t-iarratasóir a thabhairt isteach in aon tairseach eile seachas an tairseach ráta speisialta.