Fhéinfhostaíocht, Feirmeoireacht nó Cíos

Fhéinfhostaíocht, Feirmeoireacht nó Cíos

Ioncam ó Fhéinfhostaíocht, Feirmeoireacht nó Cíos 

In 2023, má bhain d’ioncam teaghlaigh, i bpáirt, nó go hiomlán, le féinfhostaíocht, feirmeoireacht nó maoin/talamh a ligean ar cíos, b’fhéidir go bhfaighfeá litir sheicliosta ó SUSI ag lorg na ndoiciméad seo a leanas.

  • Ráiteas Féinmheasúnaithe don bhliain 2023
  • Sraith iomlán cuntais trádála don bhliain 2023 (do gach sraith ioncam trádála, feirmeoireachta nó cíosa a liostaítear ar aithint féinmheasúnaithe faoi sceideal D) lena n-áireofar an méid a leanas:
    • Cuntas brabús agus caillteanas trádála
    • Cuntas Caipitil
    • Clár Comhardaithe
    • Ríomh Coigeartaithe Brabúis

Ní ghlacann SUSI le Foirm 11 seachas cuntais trádála nó ríomh táscach na gCoimisinéirí Ioncaim bunaithe ar d’fhéinmheasúnú. Faoi roinnt cúinsí, áfach, féadtar Foirm F11 a iarraidh. Tabhair faoi deara, le do thoil, ní ghlacfar le cuntais ar cuireadh deireadh leo in 2023.

Teastaíonn an fhaisnéis a leanas uainn chomh maith:

  • Cé acu an bhfuil an gnólacht ag trádáil mar chuideachta theoranta, comhpháirtíocht nó trádálaí aonair. Ba cheart an fhaisnéis a bheith san áireamh sna cuntais.
  • Cinntigh, le do thoil, go gcuireann tú ar an eolas sinn, chomh maith, ar aon stiúrthóireachtaí nó scairsheilbhe atá agat, i Mír F den fhoirm iarratais, Cuid 6

Má tá d’ioncam íseal, b’fhéidir nach gá duit cuntas caipitil agus clár comhardaithe a choimeád. Sa chás sin, beidh ort an cuntas brabúis agus caillteanais nó an cuntas ioncaim agus caiteachais agus an Ráiteas Féinmheasúnaithe don bhliain 2023 a sholáthar.

Fiú má luaitear ar d’Aitheantas Féinmheasúnaithe go raibh ioncam “0” agat, tá orainn seo a dheimhniú go fóill le sraith cuntas don bhliain 2023. 

Ollioncam agus Suimithe Siar

Níl asbhaintí áirithe a cheadaíonn na coimisinéirí ioncaim, ar a dtugtar Costais Aischurtha freisin, incheadaithe chun críche measúnaithe deontais. Is féidir teacht ar liosta de na Suimithe Siar seo sa Scéim Deontais Mhac Léinn agus d’áireofaí an méid a leanas leo; 

  • Dímheas suimithe siar;
  • Ús suimithe siar ar iasachtú a chistíonn sócmhainní seasta an ghnólachta nó caiteachas pearsanta an dílseánaigh;
  • Íocaíochtaí léas airgeadais suimithe siar;
  • Luach saothair shuimithe siar maidir leis an méid a leanas;
    • Pánna nó íocaíochtaí a rinneadh gan na rialúcháin ÍMAT agus ÁSPC, nó rialúcháin chomhionanna a chur i bhfeidhm;
    • Pánna nó íocaíochtaí le leanaí cleithiúnacha; agus
    • Pánna nó íocaíochtaí le leanaí neamhchleithiúnacha sa chás go sáraíonn an íocaíocht an ghnáthíocaíocht don obair a rinneadh;
    • Suimiú siar le haghaidh muirir chaiteachais phearsanta i gcoinne an ioncaim ghnó.

Sampla de chaiteachas pearsanta a bheadh i mótarchostais, solas agus téamh agus guthán ar mhaithe le húsáid phearsanta.

Nuair a bhíonn an t-ioncam inríofa á ríomh do dhuine féinfhostaithe, úsáideann SUSI an glanbhrabús, bunaithe ar an gcuntas brabúis agus caillteanais agus míreanna “costais aischurtha” atá liostaithe thuas.

Ioncam Feirmeoireachta

Tabhair na sonraí a leanas faoi deara maidir le hIoncam Feirmeoireachta, le do thoil.

  • Tugtar neamhaird ar aon cháin ioncaim a dhéantar a choigeartú le haghaidh faoiseamh stoc feirme
  • Déantar cuntais feirmeoireachta a mheánú, amanna, i gcaitheamh tréimhse trí bliana. Ní chaithimid súil ach ar an ioncam sa bhliain ábhartha, 2023. Ar an ábhar sin, teastóidh uainn na cuntais don bhliain atá faoi chaibidil a fheiceáil.

Scor de Thrádáil

Má scor tú de bheith ag trádáil, d’fhéadfá ceist a chur ar SUSI d’iarratas a mheas nó a athmheas faoi athrú ar imthosca .

Ní féidir breithniú a dhéanamh ach ar scor de thrádáil mar athrú ar imthosca de bhrí go bhfuil nádúr an ioncaim féinfhostaíochta, feirmeoireachta agus chíosa athraitheach agus dá réir sin, ní ghlactar le laghdú ioncaim mar athrú buan.