Institiúidí agus Cúrsaí Faofa

Mic Léinn Fochéime

Institiúidí agus Cúrsaí Faofa

Mic Léinn Fochéime

Institiúidí Fochéime Faofa agus Cúrsaí Faofa Bliain Acadúil 2024/25

Tá cúrsaí fochéime faofa ar fáil ag:

  • Leibhéal 6 Ardteastas
  • Leibhéal 7 Gnáthchéim Bhaitsiléara
  • Leibhéal 8 Céim Onóracha Baitsiléara

Le bheith incháilithe do mhaoiniú ag leibhéal fochéime, ní mór don chúrsa atá á dhéanamh agat:

  • a bheith ina chúrsa lánaimseartha
  • mórdhámhachtain oideachais a bheith mar thoradh air i gcomhréir leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (CNC)
  • a chur ar fáil in ollscoil, in Institiúid Teicneolaíochta (IT) nó in institiúid oideachais eile

Cúrsaí Fochéime Faofa

Anseo thíos tá liosta de na cúrsaí faofa fochéime, a chuirtear ar fáil trí phróiseas iarratais an LOI.

Más cúrsa lánaimseartha é an cúrsa atá beartaithe agat agus in institiúid phoiblí cheadaithe ach nach bhfuil sé liostaithe thíos féadann tú iarratas a chur isteach fós agus cinnfear incháilitheacht do chúrsa.

Níl cúrsaí sna hinstitiúidí seo a leanas a thairgtear tríd an CAO incháilithe do mhaoiniú.

Cód na hInstitiúide Ainm na hInstitiúide
AC  An Coláiste Meiriceánach
CI  Coláiste na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Feidhmeacha, Éire
CT  An Coláiste Teicneolaíochta Ríomhaireachta
D8  Scoil Ghnó Bhaile Átha Cliath
DS  Coláiste Dorset
CG  Scoil Ghnó na Gaillimhe
GC  Coláiste Uí Ghríofa
ID Scoil Ghnó ICD
PI  Institiúid Portobello

Cúrsaí Iontrála Dírí

I dtaobh cúrsaí Fochéime faoi réir iarratas iontrála dírí isteach chuig institiúid fhaofa, ní mór dóibh na critéir a leanas a chomhlíonadh:

Ollscoileanna/Institiúidí Teicneolaíochta/Institiúidí Ardoideachais Eile

  • Ní mór gur cúrsa lánaimseartha atá sa chúrsa, agus
  • Ní mór nach nglacfaidh sé níos lú ná dhá bhliain lena chríochnú agus ní mór go leanfaidh dámhachtain mhór ardoideachais agus oiliúna as ar Leibhéal 6 (Ardteastas), Leibhéal 7 (Gnáthchéim Bhaitsiléara) nó Leibhéal 8 (Céim Bhaitsiléara Onóracha) ar an gCreat Náisinta Cáilíochtaí (CNC), nó
  • Ní mór go nglacfaidh sé bliain amháin lena chríochnú agus ní mór go leanfaidh dámhachtain mhór ardoideachais agus oiliúna as ar Leibhéal 7 (Gnáthchéim Bhaitsileára) ar an CNC, nó
  • Ní mór go nglacfaidh sé bliain amháin, ar a laghad, lena chríochnú agus ní mór go leanfaidh dámhachtain mhór ardoideachais agus oiliúna as ar Leibhéal 8 (Gnáthchéim Bhaitsileára) ar an CNC, nó
  • Ní mór go nglacfaidh sé bliain amháin lena chríochnú agus ní mór go leanfaidh dámhachtain mhór ardoideachais agus oiliúna as ar Leibhéal 6 (Ardteastas) ar an CNC (Institiúidí Teicneolaíochta amháin), nó
  • Ní mór gur ‘Clár Luathaithe Teicneora’ atá ann a ghlacann ocht mí dhéag lena chríochnú (Institiúidí Teicneolaíochta amháin).