Zón Slándála

Zón Slándála

Fáilte go dtí an Crios Slándála

Tá calaoiseoirí ag éirí níos sofaisticiúla agus iad ag iarraidh do chuid eolais pearsanta a fháil. Is minic a dhéantar na hiarrachtaí seo i mbréagriocht eagraíocht a bhfuil meas uithi. Déan gníomh chun d’eolas pearsanta a chosaint ó chalaoiseoirí. Seo iad na leideanna is fearr atá againn:

Bí ar an eolas faoi theachtaireachtaí téacs nó ríomhphoist bhréige.

  • lean nasc i dteachtaireacht téacs nó ríomhphost ó fhoinse anaithnid.
  • hoscail ceangaltáin ó dhaoine nach bhfuil aithne agat orthu.

Bí ar an eolas faoi ghlaonna bréige.

  • roinn do shonraí bainc ar an teileafóin.
  • Coimeád do phasfhocal agus cód UAP sábháilte.
  • Úsáid pasfhocal láidir atá deacair a thomhas
  • Athraigh do phasfhocal go rialta.
  • Déan teagmháil lenár Deasc Tacaíochta go díreach má tá cabhair uait le do chuntas
  • roinn do phasfhocal nó cód UAP le héinne eile.

Agus cuimhnigh, ní dhéanfaidh SUSI na rudaí seo a leanas go deo:

  • Do shonraí bainc nó uimhir PSP a iarraidh ar an bhfón
  • Iarraidh ort do shonraí bainc a roint nó a uasdátú trí ríomhphost, téacs nó teachtaireacht meán sóisialta. Ní féidir ach tusa amháin athruithe a dhéanamh ar do shonraí bainc, trí do chuntas ar líne
  • Iarraidh ort d’ainm úsáideora, pasfhocal nó PIN a roinnt ar an bhfón nó trí r-phost, téacs nó teachtaireacht na meán sóisialta
  • D’ainm úsáideora, pasfhocal nó cód UAP a nochtadh do dhuine eile. Ní féidir na sonraí seo a athshocrú ach ar d’iarratas
  • D’eolas pearsanta a phlé le triú páirtí, gan do thoiliú
  • Teachtaireachtaí gan iarraidh a sheoladh chugat trí na meáin shóisialta
  • Iarraidh ort gach ceann de na 6 digití de do chód UAP a nochtadh ag am ar bith.

Féadfaimid:

  • Ríomhphoist a sheoladh chuig do sheoladh ríomhphoist cláraithe, ag meabhrú duit eolas tábhachtach faoi d’iarratas ar dheontas
  • Glaoch a chur ort faoi d’iarratas agus iarraidh ort roinnt eolais cosanta sonraí fút féin a dheimhniú
  • Ríomhphoist mheabhrúcháin a sheoladh chugat maidir le conas do shonraí bainc a nuashonrú i do chuntas ar líne.

I gcónaí déanfaimid na rudaí seo a leanas:

  • Iarraidh ort d’ainm úsáideora, pasfhocal agus trí dhigití randamacha de do chód UAP, nó do MyGovID, a iontráil, chun rochtain a fháil ar do chuntas SUSI
  • Iarraidh ort, nó ar aon duine a dhéanann teagmháil linn thar do cheann, d’ainm iomlán nó a n-ainm iomlán a dheimhniú agus roinnt eolais cosanta sonraí
  • A dheimhniú go bhfuil do thoiliú ag triú páirtithe sula bpléifimid d’iarratas leo
  • Taifid a choimeád de ghlaonna teileafóin, ríomhphoist agus freagraí meán sóisialta a sheolamar chugat, de réir ár mbeartas coinneála
  • A dheimhniú trí ríomhphost aon athruithe a rinneadh ar do sheoladh ríomhphoist nó sonraí bainc trí do chuntas ar líne
  • Iarratas a dhéanamh i scríbhinn ar aon doiciméadúchán atá ag teastáil uainn d’fhonn d’iarrtas a phróiseáil.

Má tá imní ort nó más mian leat teagmháil amhrasach a thuairisciú atá in ainm a bheith ó SUSI, déan teagmháil le do thoil lenár nDeasc Tacaíochta.

Más mian leat go ndéanfaimis seiceáil an bhfuil cumarsáid dáiríre, cuir gabháil scáileáin den ríomhphost/téacs a fuair tú san áireamh.