Eolas Tábhachtach.
Tá do cheart chun príobháideachta á urramú ag SUSI. Sula gcomhlánaítear an Táscaire Incháilitheachta, léigh Ráiteas Cosanta Sonraí SUSI
Cuireann SUSI an Táscaire Incháilitheachta seo ar fáil chun cabhrú leat cinneadh a dhéanamh ar cheart duit iarratas a dhéanamh ar dheontas mac léinn. Soláthraíonn an Táscaire Incháilitheachta léiriú garbh ar do incháilitheacht fhéideartha do mhaoiniú deontais bunaithe ar an eolas a sholáthraíonn tú mar fhreagra ar na ceisteanna a chuirtear. Ní iarratas ar dheontas mac léinn é an úsáid a bhaineann tú as an Táscaire Incháilitheachta agus ní measúnú é de chuid SUSI ar d’incháilitheacht ar dheontas.
Ní féidir d'fhíorincháilitheacht le haghaidh deontas mac léinn a shocrú ach ar bhonn an iarratais fhoirmiúil a chuireann tú isteach chuig SUSI tríd an gcóras iarratais ar líne, agus ar bhonn an mheasúnaithe fhoirmiúil a dhéanann SUSI ar d'iarratas de réir na bhforálacha den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011, agus de réir na Scéime agus Rialachán Deontais Mac Léinn a dhéantar faoin Acht sin ag an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta gach bliain.
Úsáidtear an t-eolas a chuireann tú ar fáil mar fhreagra ar na ceisteanna a chuirtear laistigh den Táscaire Incháilitheachta chun léiriú garbh a thabhairt ar d’incháilitheacht bunaithe ar chritéir shimplithe agus arna ríomh ag clár bogearraí ríomhaireachta.
I bhfianaise an raon leathan imthosca éagsúla a d’fhéadfadh a bheith i gceist i gcásanna aonair, ní féidir leis an Táscaire Incháilitheachta léiriú cinntitheach incháilitheachta a sholáthar i ngach cás.
Níl tú faoi cheangal ag toradh do chuid úsáide as an Táscaire Incháilitheachta agus ní ghlacann SUSI dliteanas as aon ghníomh a fhéadfaidh tú nó nach bhféadfaidh tú a dhéanamh ar bhonn an toraidh sin. Más mian leat iarratas a chur isteach ar dheontas mac léinn, ba cheart duit an fhaisnéis
Trí ghlacadh leis an ráiteas seo agus leanúint ar aghaidh leis an Táscaire Incháilitheachta a úsáid meastar gur léigh tú, gur thuig tú agus gur ghlac tú leis na téarmaí agus coinníollacha úsáide thuas.